Genesis 48
48
Caibidil XLVIII.
Ġaḃ tinneas Iácob. 5 Rinn uċdohlainne do ḋías ṁac Ióseṗ. 9 Agus ḃeannuiġ iad.
1Agus tárla a ndaiġ na neiṫeannso, gur innis duine do Ióseṗ, Féuċ, atá haṫair tinn; agus rug sé leis a ḋías mac, Mannasseh agus Eṗraim, 2Agus do innis neaċ do Iácob, agus a duḃairt, Féuċ, atá do ṁac Ióseṗ ag teaċd ċugad: agus do nearṫuiġ Israel é féin, agus do ṡuiġ ar a leabuiḋ.
3¶ Agus a duḃairt Iácob ré Ióseṗ, Do ḟoillsiġ Día uile ċuṁaċdaċ é féin daṁ a Lus a ttír Ċánaain, agus do ḃeannuiġ mé. 4Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe. 5Agus a nois do ḋías mac, Eṗráim agus Manasseh do rugaḋ ḋuit a gcriċ na Hégipte suil ṫáinig misi ċugad do Négipt, is liomsa iad; mar Reuben agus Simeon is fa liomsa íad. 6Agus do ċlann, noċ béurṫar ḋuit, na ndíaiġ, buḋ leaċd féin iad sin, agus goirfiġear íad do réir anma a ndearḃráiṫreaċ ann a noiġreaċd. 7Agus ar mo ṡonsa, a nuáir ṫáinig mé ó Ṗádan, fúair Ráċel bás agum a ttír Ċánaain ann sa tsliġe, a núair naċ raiḃ aċ beagán sliġeaḋ re teaċd go Héṗrat; agus do aḋluic mé ann sin í, ar sliġe Eṗraṫ; agus sé sin féin Betelem.
8¶ Agus do ċonnairc Israel mic Ióseṗ, agus a duḃairt, Cía híad so? 9Agus a duḃairt Ióseṗ ré ná aṫair, Mo ṁicsé iadsó, noċ tug Dia ḋaṁ annsa náitsi: agus a duḃairt seision, Taḃair ċugam iad, iarruim ort, agus beinneoċuiḋ mé íad. 10(Annois do ḃádur súile Israel trom ó aóis, ionnus naċ ráiḃ raḋarc aige). Agus tug sé a ngar ḋó íad agus do ṗóg sé íad; agus do ṫeann ris íad. 11Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Níor ṡáoil misi go ḃfaicfinn do ġnúis agus féuċ tug Día ḋaṁ raḋarċ fós air do ṡíol. 12Agus tug Ióseṗ amaċ ó idir a ḋá ġlún iad, agus do ċláon é féin gon a áġuiḋ ċum na talṁan. 13Agus do ġlac Ióseṗ íad aráon, Eṗráim an a láiṁ ḋeis leaṫ ré láiṁ ċlí Israel, agus Manasseh ann a láiṁ ċlé leaṫ ré láiṁ ḋeis Israel, agus tug sé a ḃfogus dó íad. 14Agus do ṡín Israel a láṁ ḋeas amaċ, agus do ċuir ar ċeann Eṗraim í, eaḋon an mac buḋ óige, agus a láṁ ċlé ar ċeann Ṁanasseh, ag treóruġaḋ a láṁ go géurċúiseaċ; óir dob é Manasseh do rugaḋ ar ttús. 15Agus do ḃeannuiġ sé Ióseṗ, agus a duḃairt, Día, ós cuinne ar ṡioḃail mo aiṫreaċa Abraham agus Isaac, an Día do ḃeaṫuiġ mé ar feáḋ mo ṡaoġuil gus a niuġ. 16An taingiol do ḟúasguil mé ó nuile olc, go mbeannuiġe sé na leiniṁ; agus goirṫear mainmsi orra, agus ainm maiṫreaċ Abraham agus Isaac; agus fásáidis na niomadaṁlaċd a meaḋon na talṁan. 17Agus a nuáir do ċonnairc Ióseṗ gur ċuir á aṫair a láṁ ḋeas ar ċeann Eṗraim, do ġoill sé air: agus do ċonnuiṁ súas láṁ a aṫar da háṫruġaḋ ó ċionn Eṗraim ar ċionn Ṁanasseh. 18Agus a duḃairt Ióseṗ ré na aṫair, Ní mar sin, a aṫar, óir isé so an ċeidġin, cuir do láṁ ḋeas ar a ċeann. 19Agus do ḋíult a aṫair, agus a duḃaírt, Atá a ḟios agam a ṁic, atá a ḟios agam, agus biaiḋ sé fós mór, aċ go deiṁin buḋ mó a ḋearḃráṫair is óige ná é, agus fásfuiḋ a ṡíol na niomad cineaḋaċ. 20Agus do ḃeannuiġ sé íad an lá sin ag raḋ, Ionnadsa ḃeinneoċus Israel, ag ráḋ, Go ndeárna Día ṫusa mar Eṗraim, agus mar Ṁanasseh: agus do ċuir sé Eṗraim roiṁe Ṁanasseh.
21¶ Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Féuċ, atáimsi ag faġáil ḃáis; aċ biaiḋ Día maille ríḃsi, agus do ḃéura sé a rís siḃ go dúṫuiġ ḃur naiṫreaċ. 22Tuilleaḋ eile, tug me ḋuitsi cuid ronna ós cionn do ḋearḃráiṫreaċ, noċ do ḃean mé amaċ as láiṁ a Namoritiġ leam ċloiḋeaṁ, agus léam ḃoġa.
Tällä hetkellä valittuna:
Genesis 48: BedellG
Korostus
Jaa
Kopioi

Haluatko, että korostuksesi tallennetaan kaikille laitteillesi? Rekisteröidy tai kirjaudu sisään
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.