Matha 10
10
1Agus do ġlaoḋ sé ċuige a ḋáréag deisceabal, agus ṫug sé cuṁaċt dóiḃ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana, ċum iad do ċaiṫeaṁ amaċ, agus ċum gaċ galar agus gaċ breoiteaċt do leiġeas.
2Agus is iad so ainmneaċa an dáréag abstal: An ċéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a ḋearḃráṫair; Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair; 3Pilib agus Parṫalán; Tomás, agus Maṫa, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus; 4Síomón Cánaníteaċ, agus lúdás Iscariót, an té do ḃraiṫ é. 5Do ċuir Íosa an dáréag sin amaċ, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ, g‐á ráḋ,
Ná téiġiḋ isteaċ i sliġe na bPágánaċ, agus na téiġiḋ isteaċ i gcaṫraċaiḃ na Samáritánaċ; 6aċt téiġiḋ fá ḋéin na gcaoraċ fáin de ṫeaġlaċ Israel ṫar ċáċ. 7Agus, sa tsliġe ḋaoiḃ, biḋiḋ ag craoḃscaoileaḋ, g‐á ráḋ, Atá rioġaċt neiṁe i ngiorraċt daoiḃ. 8Leiġeasaiḋ na h‐easláin, dúisiġiḋ na mairḃ, glanaiḋ na loḃair, caiṫiḋ amaċ na deaṁain: i n‐aisce do fuaraḃar, taḃraiḋ uaiḃ i n‐aisce. 9Ná soláṫruiġiḋ ór, ná airgead, ná prás i n‐ḃúr gcreasaiḃ; 10ná mála i gcóṁair an aistir, ná ḋá ċasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibriḋe a ċuid biḋ. 11Agus cibé caṫair nó baile beag ’n‐a raċaiḋ siḃ isteaċ, cuiriḋ tuairisc deaġ‐ḋuine ann; agus fanaiḋ annsin nó go raiḃ siḃ ag imṫeaċt. 12Agus ag dul isteaċ sa tiġ ḋaoiḃ, beannuiġiḋ ḋó. 13Agus má’s fiú an teaċ sin é, tigeaḋ síoṫċáin uaiḃ ar an tiġ: aċt muna fiú, filleaḋ ḃúr síoṫċáin oraiḃ féin. 14Agus cibé duine naċ nglacfaiḋ siḃ, nó naċ n‐éistfiḋ le n‐ḃúr mbriaṫraiḃ, ag imṫeaċt as an tiġ, nó as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ. 15Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.
16Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ. 17Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ; 18agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ. 19Aċt nuair ḃéarfas siad ar láiṁ siḃ, ná bíoḋ sé n‐a ċás agaiḃ cionnas laḃarfas siḃ, nó créad adéarfas siḃ: óir doḃéarfar daoiḃ, an uair sin féin, an niḋ laḃarfas siḃ. 20Óir ní siḃ féin laḃarfas, aċt Spiorad ḃúr n‐Aṫar laḃarfas ionnaiḃ. 21Agus do‐ḃéarfaiḋ an dearḃráṫair a ḋearḃráṫair ċum báis, agus an t‐aṫair a ṁac: agus éireoċaiḋ an ċlann i n‐aġaiḋ a n‐aiṫreaċ agus a máiṫreaċ, agus imreoċaid bás orṫa. 22Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar. 23Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.
24Ní ṡáruiġeann an deisceabal a ṁúinteoir, agus ní ṡáruiġeann an searḃónta a ṫiġearna. 25Is leor do’n deisceabal ḃeiṫ mar a ṁúinteoir, agus do’n tsearḃónta ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Belsibub ar ḟear an tiġe, naċ mó ’ná sin go mór do‐ḃéarfaid ar ṁuinntir a ṫeaġlaiġ é! 26Ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa, d’á ḃriġ sin: óir ní ḟuil aon niḋ fá ċlúid naċ noċtfar; agus ni ḟuil aon niḋ fá ċeilt naċ n‐aiṫneoċar. 27An méid adeirim liḃ sa dorċadas, abraiḋ‐se sa tsolas é: agus an méid ċluineas siḃ sa gcluais, craoḃscaoiliḋ ar ḃárraiḃ na dtiġṫe é. 28Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ na daoiniḃ ṁarḃas an corp, agus naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ an t‐anam do ṁarḃaḋ: aċ bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do ḃascaḋ i n‐ifreann. 29Naċ ndíoltar ḋá ġealḃan ar ḟeoirling? Agus ní féidir go dtuitfeaḋ gealḃan aca ċum talṁan gan cead ḃúr n‐Aṫar: 30aċ maidir liḃ‐se, atá ribí ḃúr ngruaige féin cóṁairiġṫe. 31Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃriġ sin; is mó le ráḋ siḃ‐se go mór ’ná mórán gealḃan. 32D’á ḃriġ sin, gaċ duine adṁóċas mise i láṫair na ndaoine, adṁóċad‐sa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ. 33Aċt an té ṡéanfas mé i láṫair na ndaoine, séanfadsa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ.
34Ná measaiḋ gur ċum síoṫċáin do ċur ar an dtalaṁ ṫánag‐sa: ní ċum síoṫċáin do ċur ṫánag, aċt ċum claiḋeaṁ do ċur ann. 35Óir ṫánag ċum an duine do ċur i gcoinniḃ a aṫar, agus an inġean do ċur i gcoinniḃ a máṫar, agus bean an ṁic do ċur i gcoinniḃ máṫar a céile: 36agus is iad muinntear a ṫiġe féin ḃéas mar náiṁdiḃ ag an duine. 37An té gurb annsa leis a aṫair nó a ṁáṫair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a ṁac nó a inġean ’ná mise ní fiu é mise. 38Agus an té naċ dtógann a ċros agus naċ leanann im’ ḋiaiḋ‐se, ní fiú liom é. 39Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.
40An té ġlacas siḃ‐se glacann sé mise, agus an té ġlacas mise glacann sé an té do ċuir uaiḋ mé. 41An té ġlacas fáiḋ i n‐ainm fáiḋe do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ fáiḋe; agus an té ġlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ fíréin. 42Agus cibé duine ḃéarfas fiú cupáin fíor‐uisce d’aoinneaċ de na daoiniḃ beaga so, i n‐ainm deisceabail, adeirim liḃ go fírinneaċ naċ gcaillfiḋ sé a luaiġeaċt.
Tällä hetkellä valittuna:
Matha 10: JOYNTG
Korostus
Jaa
Kopioi
Haluatko, että korostuksesi tallennetaan kaikille laitteillesi? Rekisteröidy tai kirjaudu sisään
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.