YouVersion Logo
Search Icon

Hóisé 11

11
Grá an Tiarna níos Láidre ná a Fhearg
1Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó,
agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt.
2Ach dá mhéad dá nglaoití orthu,
is amhlaidh is faide a d'éalaídís [uaim];
d'ofrálaidís íobairtí do na Bálaím,
agus dhóidís túis i láthair íol.
3Ach ina dhiaidh sin féin is mise a mhúin siúl d'Eafráim;
thógainn suas i mo bhaclainn iad,
ach níor aithin siad gur mise a bhí ag tabhairt aire dóibh.
4Bhínn á dtarraingt chugam féin le srianta daonna,
le téada grá chun iad a mhuirniú,
mar a dhéanfadh duine a d'ardódh naíonán chun a leicinn;
agus chromainn síos chucu chun rud le hithe a thabhairt dóibh.
5Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte,
agus beidh an Asaír ina rí orthu
de bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.
6Réabfaidh an claíomh roimhe trína gcathracha;
scriosfaidh sé a gcuid scaothairí,
agus dísceoidh sé iad mar gheall ar a ndroch-chomhairle.
7Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim;
[nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde,
níl duine díobh a dhíríonn aniar.
8Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim!
Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael!
Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort,
agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím!
Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh,
mar gur ghabh trua duit mé.
9Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge;
ní scriosfaidh mé Eafráim go deo,
óir ní duine mé ach Dia.
In bhur measc is mé an Té is naofa,
agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.
10Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna.
Búirfidh seisean mar leon,
agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar
agus a gcroí ag preabadh.
11Tiocfaidh siad ón Éigipt mar ealta éan,
agus ó chríocha na hAsaíre mar scata colm,
agus treoróidh mé abhaile iad chun a dtithe féin
- an Tiarna a labhraíonn.

Currently Selected:

Hóisé 11: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in