YouVersion Logo
Search Icon

1 Macabaech Leabhair na Macabaech

Leabhair na Macabaech
Brollach
Cúlra Staire
Cuirtear an cúlra staire lena mbaineann Leabhair na Macabaech in iúl go soiléir i véarsaí tosaigh 1 Macabaeigh: Bhí Alastar Mór marbh (323 R.Ch.); ní Alastar Mór a thugtar air ach “Alastar na Macadóine” a chreach “na naisiúin ceann ar cheann”, agus ar “thit tost ar an domhan roimhe”. Nuair a roinneadh a impireacht fhairsing tar éis a bháis, bhí Iúdáia ina chnáimh spairne idir rialtóirí na Síre mar a raibh Seiliúcas I i réim ó 312 R.Ch., agus rialtóirí na hÉigipte mar a raibh Ptoilimí I i réim. Bhunaigh an bheirt rialtóirí sin ríshleachta dá gcuid féin – na Seiliúcadaigh agus na Ptoilimígh. Bhí Iúdáia faoi cheannas na hÉigipte go dtí 198 R.Ch. nuair a bhris an Seiliúcadach Aintíochas III ar na hÉigiptigh ag Panaeon ag bun Sliabh Hearmón, ag foinse na Iordáine. Ar feadh daichead bliain ina dhiaidh sin ba chúige den tSír é Iúdáia. Ach bhain sé roinnt mhaith neamhspleáchais amach de bharr crógacht agus calmacht theaghlach na Macabaech, ar a dtugtar na Hasmónaigh freisin. Bhíodar seo i gceannas éirí amach in aghaidh na Síreach in 167 R.Ch.
Sular ghabh Alastar Mór an Phailistín (in 332 R.Ch.), ba chúige d'impireacht na Peirse é Iúdáia – mar a chonaiceamar nuair a bhí leabhair Eazrá agus Nihimiá á bplé againn. Bhí gobharnóir sibhialta, a cheap na Peirsigh, i gceannas uirthi; ach chomh maith leis sin, bhí ceannaire creidimh, nó ardsagart, a ceapadh de réir phrionsabail chomharbachta na nGiúdach. Ghlac an rí Síreach, Aintíochas III (223-187 R.Ch.), leis an gcomhar rialtais seo (sibhialta agus creidmheach) nuair a fuair sé ceannas ar Iúdáia tar éis Chath Phanaeon. Ní raibh aon drochathrú dá bhrí sin de thoradh an chatha sin. Ach tríocha bliain ina dhiaidh sin, in 167 R.Ch. de bheachtnithe, luigh an ghéarchéim dáiríre a chuir tús leis an gceannairc Mhacabaech in aghaidh an rí, Aintíochas IV na Síre, Aintíochas Eipifeanaes (175-163 R.Ch.); ní polaitíocht ach creideamh faoi deara an cheannairc seo sa chuid is mó de.
Chuir rí na Síre cosc le cleachtaí áirithe leis na Giúdaigh – an timpeallghearradh, an tsabóid, ceiliúradh féilte, agus íobairtí. Scriosadh leabhair an dli, fógraíodh gur cion báis é iad a bheith i seilbh duine, agus mar bharr ar gach olc, bunaíodh cultas Shéas Oilimpeach sa Teampall in Iarúsailéim, mar ar tógadh altóir do Shéas os cionn altóir na híobartha – é sin “gráiniúlacht an léirscriosta” a bhfuil tagairt dó i Leabhar Dhainéil 11:31, a scríobhadh timpeall an ama sin. Chuir na Giúdaigh i gcoinne na ndlíthe danartha sin trí easumhlaíocht shíochánta, i gcás Giúdaigh dheabhóideacha (na Hasaidím .i. na Deabhóidigh), agus chomh maith trí cheannairc mhíleata. Cuireadh tús leis an gceannairc i sráidbhaile Móidín nuair a mharaigh sagart darbh ainm Mataitias an feidhmeannach a bhí ag cur reacht an rí i bhfeidhm (1 Mac. 2:15-16). D'imigh sé féin agus a chúigear mhac ansin faoi na sléibhte; ghabh cuid de na Hasaidím leo agus d'eagraíodar éirí amach míleata. Tar éis bháis do Mhataitias in 166 R.Ch., thóg a mhac Iúdás, dár leasainm Macabaech (a chiallaíonn “ceaptha ag Dia” nó, b'fhéidir, “an casúr” .i. a bhuaileann an namhaid), an cheannasaíocht; faoi dheireadh d'éirigh leis siúd Iarúsailéim a ghabháil agus an Teampall a íonghlanadh athuair .i. mí na Nollag 164 R.Ch., rud a chuir lúcháir ar an bpobal. Déanann na Giúdaigh ar fud an domhain an t‑imeacht sin a cheiliúradh ar fhéile Hanukkah nó an Tíolactha.
Tá cuntas ar na himeachtaí sin go léir sna scríbhinní ar a dtugaimidne Leabhair na Macabaech (1 agus 2). Ní foláir a rá sa tslánchruinne go dtráchtann 1 Mac. ar na himeachtaí ó 175 R.Ch., nuair a tháinig Aintíochas IV i réim sa tSír, go dtí 134 R.Ch. nuair a fuair Síomón ardsagart bás. Cloíonn 2 Mac. le tréimhse níos giorra – 175 R.Ch. go 160 R.Ch. Mar áis don léitheoir tugaimid inár ndiaidh tábla den sliocht Macabaech agus de ríshliocht Aintíochas III. Ní foláir idir an dá linn, léiriú níos ginearálta a thabhairt ar an gcultúr agus ar an timpeallacht lenar bhain na Macabaeigh.
An Heilléanachas
Ní foláir an creatlach simplí a thugamar romhainn de chóras danartha frithGhiúdach dlí Aintíochas Eipifeanaes a shuíomh sa ghluaiseacht mhór fhorleathadúil chultúrtha ar a dtugtar Heilléanachas; ba é a bhí i gceist leis seo an tionchar láidir a bhí ag modh beatha na Gréige, lena ealaín agus lena litríocht, lena chleasa lúith agus lena bheartais ailtireachta, ar shaol na linne. Bhí an Heilléanachas ag dul i bhfeidhm go háirithe ar na teaghlaigh uaisle agus ar shagairt i bhfad roimh an mbliain 167 R.Ch. Agus bhí aighneas sna cuallachtaí Giúdacha idir lucht an traidisiúin agus lucht na nua-aimsire. Chuir Giúdaigh áirithe i gcoinne an heilléanaithe mar go raibh sé deoranta agus gur bhagairt é ar a ndílseacht dá gcreideamh. Ba heilléanach go smior é Aintíochas Eipifeanaes, ach ní mar olc ar na Giúdaigh a ghníomhaigh sé ach le fonn a ríocht a aontú go cultúrtha agus “cultúr nua-aimsire dea-eolach” a chur mar chomaoin ar a ghéillsinigh. Fuair sé tacaíocht dá bheartais ó chuid de na Giúdaigh shaibhre féin. Chuir an iomaíocht don ardsagartacht i measc na sagart Giúdach ar a chumas breis cumhachta a ghabháil chuige féin in Iarúsailéim ( cf. 2 Mac. 4:7 etc.). Ach cuireadh in aghaidh an heilléanaithe go tréan, agus faoi dheireadh cuireadh bac air in 164 R.Ch. le bua na Macabaech.
Maidir le heilléanú sa tríú haois roimh Chríost, tháinig de thoradh choncas Alastair Mhóir gur leath an Ghréigis go mór mar ghnáththeanga labhartha. Bhraith fiú na Giúdaigh i gcathair Alastair (san Éigipt) nár mhór a mBíobla a aistriú ón Eabhrais go Gréigis. As sin a tháinig an leagan cáiliúil, an Seachtód, mar a thugtar air de bhrí gur síleadh go raibh seachtó scoláire á chur le chéile.
Táblaí na dTeaghlach
Macabaech nó Hasmónach
Ríthe na Síre nó na Seiliúcadaigh
Teideal: Téacs
Tá ceithre leabhar ann lena luaitear an teideal Macabaech, ainm a tagraíodh do Iúdás, tríú mac Mhataitias. Ach ní phléann 3 agus 4 Macabaeigh le stair na Macabaech, agus níl siad dá réir sin inár mBíobla. Sarbeth Sabaniel, teideal doiléir go maith, an teideal is ársa dá bhfuil againn, de réir dealraimh, ar 1 Mac., agus is é Origen (†254 A.D.) a chaomhnaigh dúinn é. B'fhéidir gur leagan Aramaise den teideal bunaidh Eabhraise atá ann agus go gciallaíonn sé “Flaith (nó ‘Leabhar’?) de Theaghlach Sabaniel” – ach táimid dall ar “Sabaniel ”.
Leagan Gréigise an leagan is ársa dá bhfuil againn de 1 Mac., agus is aistriú é ar an Eabhrais bhunaidh, nach bhfuil ar fáil anois. Sé an Codex Sinaiticus (ón gceathrú haois A.D.) an lámhscríbhinn is sine de dá bhfail ar fáil anois. Tá 1 Mac. le fáil chomh maith i gcóip eile Ghréigise den Bhíobla .i. an Codex Alexandrinus (ón gcúigiú haois), agus sa Codex Venetus (ón ochtú haois). Aistríodh an leagan Gréigise go Laidin (an seanleagan Laidine) agus go Síris (dhá insint de seo ar fáil).
Scríobhadh 2 Mac. ar dtús sa Ghréigis. Sa Codex Alexandrinus atá an chóip is ársa de; níl sé saCodex Sinaiticus. Tá seanleagan Laidine agus leagan Sírise ann chomh maith.
Ní eol dúinn ainmneacha údar 1 Mac. ná 2 Mac. Is dócha gur Giúdach Pailistíneach a bhí ag cur faoi in Iarúsailéim a scríobh 1 Mac.; lean sé sampla Leabhar na Ríthe sa Sean-Tiomna. Feiceann sé lámh Dé gníomhach i mbuanna Iúdáis Mhacabaeigh (166-160 R.Ch.) agus a theaghlaigh. Sé atá in 1 Mac. athchoimre ar shaothar staire i gcúig imleabhar a scríobh Iásón na Ciréine i dtuaisceart na hAfraice; eisean an chéad scríbhneoir is eol dúúnn a cheiliúir gníomhartha na martar; níl a shaothar bunaidh ar fáil anois. Is dócha gur Ghiúdach ó chathair Alastair údar 2 Mac.
Canónacht
Tá 1 Mac. agus 2 Mac. i gcanóin scrioptúr na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, agus traidisiún cianaosta Críostaí ag tacú leis sin, traidisiún a dtugann Naomh Clement chathair Alastair fianaise air – tagraíonn sé don “Leabhar ar na hImeachtaí Macabaecha”. D'fhógair Comhairle Firenze (1441) agus Comhairle Thrionta (1546) agus Vatacáin I (1870) gur scríobhadh iad faoi anáil Dé.
Níl stádas canónta ag an dá leabhar seo de réir thraidisiún na nGiúdach. Chomh fada agus is féidir dúinn a dhéanamh amach ní raibh cóip de 1 Mac. ná de 2 Mac. ag an gcuallacht Ghiúdach i Qumran; ar bhruach na Mara Mairbhe a bhí a mainistirsean agus fuarthas a leabharlann in 1947. B'fhéidir go raibh baint ag bunú na cuallachta seo le míshásamh na Hasaidím le hAilcimeas Ard-Sagart (161-159), agus le Iónátán Ard-Sagart (152-143 R.Ch.), mac Mhataitias. Déanann an tseict i Qumran gearán géar faoin “Sagart Coirpeach”, agus b'fhéidir gurb é an Iónátán úd atá i gceist. Mhíneodh an naimhdeas sin leis na Hasmónaigh cén fáth ar diúltaíodh glacadh le 1 agus 2 Mac. ina gcanóin. Ba chomharbaí spioradálta ar na Hasaidím na Fairisínigh agus dá réir sin bheadh an col céanna acu leis na leabhair seo. Shíolraigh an traidisiún raibíneach ón nGiúdachas Fairisíneach, agus ba é sin ar deireadh thiar, timpeall 90 A.D. nó ina dhiaidh, a leag síos an chanóin Eabhrach; fágadh Leabhair na Macabaech as an gcanóin. Is macalla de thuairimí Giúdacha a linne féin a thugann an staraí Iósaefas sa chéad aois A.D., agus fágann sé na leabhair seo ar lár óna liosta de scríbhinní diaga.
Tar éis ré an Nua-Thiomna (50-125 A.D.) ailléidíonn na scríbhneoirí Críostaí an Sean-Tiomna de réir an tSeachtóid, agus de bhrí go bhfuil 1 Mac. agus 2 Mac. sa Seachtód, glacadh leo faoi dheireadh mar chuid de Scrioptúr na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí; tugadh deotracanónach orthu mar a rinneadh le Tóibítetc.
Siad na téamaí teagaisc is suntasaí in 2 Mac. ná cruthú an domhain as neamhní (2 Mac. 7:28), na fíréin ar neamh a bheith ag impí ar son an duine ar talamh (15:11-16), é a bheith ar chumas na mbeo guí ar son na marbh, agus íobairtí a ofráil ar a son, le súil go bhfaighidís aiséirí glórmhar (12:43-45). Tráchtar in 2 Mac. freisin murab ionann agus 1 Mac., ar éachtaí agus ar bhearta iontacha na n‑aingeal i measc daoine. Tá stíl 1 Mac., ar an láimh eile, lom, díreach, stairiúil, agus tá sé iontaofa i gcoitinne mar stair.
Croiniceacht
Déanann an dá leabhar nithe a dhátú san “fhlaitheas Gréagach”; thosaigh sin dóibh le tús réim Sheiliúcas I na Síre (312-280 R.Ch.). In 1 Mac. 1:10 tráchtar ar réimeas Aintíochas Eipifeanaes, an “ghéag pheacúil” (a thosaigh in 175 R.Ch.) a bheith ag tosú “sa seachtú bliain ar thríocha ar chéad de fhlaitheas na nGréagach”.
Bhí dhá shlí ámh ina ndéantaí tús na bliana a áireamh; chomhair an gnás oifigiúil Síreach na blianta ón gcéad lá den mhí ar a dtugtar Dios (Deireadh Fómhair againne); ach chomhair an gnás traidisiúnta Bablóineach na blianta ón gcead lá de Níosán (Aibreán againne). Áirítear a lán imeachtaí in 1 Mac. de réir ghnás na Síreach, ach is fearr le 2 Mac. an gnás Bablóineach. I Leabhair na Macabaech tagraítear do na míonna de réir a n‑ainmneacha Giúdacha agus a n‑ainmneacha Gréagacha.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in