Lúcás 5
5
CAIBIDIOL V.
An tógáilt mhírbhúilteach éisg. Leigheas an lobhair, agus leigheas an duine a bhí gan lúth. Maitiú d’á ghlaodhach.
1Agus do thárla, nuair a bhí sluagh mhór ag brúth air go n-aireóchaidís briathar Dé, go raibh sé féin ’n-a sheasamh ar bruach locha Genésareit. 2Agus do chonaic sé dhá luing ’n-a stad ag imeall an locha; mar bhí na h-iasgairí tagaithe i dtír agus iad ag nighe a líonta. 3Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing. 4Nuair a stad sé de’n chaint dubhairt sé le Símón: Gluais amach fé’n bpoll agus cuiridh amach bhúr líonta chun éisg a tógaint. 5Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon. 6Dheineadar san, agus do ghabhdar cruinniú mór iasg, i dtreó go raibh an líon d’á bhriseadh ortha. 7Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge. 8Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. 9Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu; 10Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda. 11Agus chuireadar a loingeas ar tír, agus d’fhágadar gach nídh ’n-a ndiaidh, agus do leanadar eisean.
12Agus bhí sé i gceann de sna cathrachaibh, agus féach, tháinig duine a bhí lán de lobhra, agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh, agus ghuidh sé é, agus dubhairt: A Thighearna má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. 13Agus do shin sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt: Is toil; glantar thú. Agus d’imthigh an lobhra dhe láithreach. 14Agus dubhairt sé leis gan é dh’innsint d’aoinne; ach, Imthigh agus taisbeáin thú féin do’n tsagart, #Lebhit. 14:4.agus tabhair an ofráil as do ghlanadh, fé mar a d’órduigh; Maois, mar fhiadhnuise dhóibhsin.
15Ach sin mar ba mhó do leat an chaint ’n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. 16Agus d’imthigheadh sé féin isteach sa n-uaigneas ag guidhe.
17Agus do thárla, lá, go raibh sé ’n-a shuidhe ag teagasg. Agus bhí na Fairisínigh ’n-a suidhe ann, agus dochtúirí na dlighe, a bhí tagaithe ó gach baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus bhí cómhacht ó’n dTighearna ag dul chun a slánuighthe. 18Agus féach, daoine agus fear acu d’á iompar ar thocht, agus é gan lúth, agus bhíodar a d’iarraidh é bhreith isteach agus é chur ’n-a láthair; 19Agus do theip ortha aon tslígh fhagháil chun é bhreith isteach, mar gheall ar an mbrúth daoine, agus chuadar anáirde ar an dtigh agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an tocht, i bhfiadhnuise Íosa. 20Agus nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dubhairt sé: A dhuine, maithtear do pheacaí dhuit. 21Agus do chrom na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh ar mhachtnamh, agus ar a rádh: Cad é mar dhuine é seo a labhrann diamhasla? Cé fhéadann peacaí do mhaitheamh ach Dia amháin? 22Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh? 23Cé’cu is usa a rádh, Maithtear do pheacaí dhuit, nó a rádh, Eirigh ad’ sheasamh agus siubhluigh? 24Ach ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí do mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth), Eirigh, adeirim leat, agus tóg suas do thocht, agus imthigh chun do thighe féin. 25Agus d’eirigh an duine láithreach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n-a luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh Dé. 26Agus tháinig uathbhás ar na daoine go léir, agus bhíodar ag tabhairt glóire do Dhia; agus bhíodar lán d’eagla agus deiridís: Chonacamair neithe iongantacha indiu.
27Agus tar éis an méid sin d’imthigh sé amach, agus chonaic sé puibliocánach dár bh’ ainim Lebhí ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. 28Agus d’fhag seisean gach nídh ’n-a dhiaidh, agus d’eirigh sé agus do lean sé é.
29Agus do dhein Lebhí féasta mór dó ’n-a thigh, agus bhí cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine eile a bhí ’n-a suidhe chun bídh ’n-a bhfochair. 30Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach? 31Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite. 32Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe.
33Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól? 34Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an chéile ’n-a bhfochair? 35Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. 36Agus dubhairt sé leó i soluíd: Ní chuireann aoinne preabán, gearrtha de bhall éadaigh a bheadh nua, mar dheisiú ar sheana-bhall éadaigh, mar do loitfeadh sé an t-éadach nua, agus an preabán a baineadh de’n éadach nua ní oirfeadh sé do’n tsean-éadach. 37Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair, mar brisfidh an fíon nua an seana-leathar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árthach leathair. 38Ach ní foláir an fíon nua do chur i n-árthaíbh nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon. 39Agus aoinne a bhíonn ag ól sean-fhíona ní thaithnfidh an fíon nua láithreach leis, óir deir sé, Is fearr an sean-fhíon.
Zur Zeit ausgewählt:
Lúcás 5: POL
Markierung
Teilen
Kopieren

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.
historic text maintained by the Bible Society.