Eoin 2

2
Caibidil II
Athruigheann Críost uisce go fíon: teilgeann sé na díoltóirí amach as an teampall.
1Agus ar an treas lá thárla pósadh i gCána na Gailile: agus bhí máthair Íosa ann.
2Agus bhí cuireadh chun na bainfheise ag Íosa fosta, agus ag a dheisciobail.
3Agus ó thárla an fíon rithte, dubhairt máthair Íosa leis: Ní fhuil fíon ar bith acu.
4Agus deir Íosa léi: Cad é sin damh-sa agus duit-se#2, 4 Cad é sin damh-sa agus duit-se &c. Mheas mínightheoirí áirite go raibh a bheagán nó a mhórán de ghéire ins na briathra seo a labhair ár Slánuightheoir le n-a mháthair. Níor bhrieathnuigh siad i gceart brígh na cainnte a tháinic ina dhiaidh sin: Cibé nidh a déarfas sé libh, déanaigibh é. Is léir ó na focla sin go raibh a fhios ag a mháthair go raibh sé ar tí míorbhail a dhéanamh, agus go ndearna sé an mhíorbhail sin tré ghuidhe a mháthar, gidh nach raibh am déanta ha míorbhail ann go fóill. B’iad na daoine a bhí i láthair, agus a chonnaic gnúis an tSlánuightheora agus a chuala fuaim a ghotha, a dtiocfadh leo innse cé acu bhí géire ina chuid cainnte nó nach raibh: briathra a mbéadh fearg ionnta, acht iad a rádh i nguth áirithe agus fá ghnúis áirite, bhéadh séimhe ionnta dá mbéadh a mhalairt de ghuth agus de ghnúis ag dul leo. Léirigheann briathra Mhuire leis an lucht freastail, agus míorbhail Chríost, nach géire acht séimhe a nocht Íosa dá mháthair nuair a labhair sé léi., a bhean? Ní tháinic m’uair-se go fóill.
5Deir a mháthair leis an lucht freastail: Cib é nídh a déarfas sé libh, déanaigidh é.
6Acht bhí sé dabhacha cloiche curtha annsin chun lámha a nighe do réir nós na n-Iúdach, agus congbháil dhá nó trí meadar i ngach cionn acu.
7Deir Íosa leo: líonaigidh na dabhacha le h-uisce. Agus líon siad go béal iad.
8Agus deir Íosa leo: Tarraingigidh anois agus beirigidh chuig uachtarán an fhéasta é: agus rug siad leo é.
9Agus nuair a bhlais uachtarán an fhéasta an t-uisce a ndearnadh fíon de, gan fios aige cárbh as dó, acht bhí a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce: glaodhann uachtarán an fhéasta ar an fhear nuapósta,
10Agus deir sé leis: Cuireann gach duine an fíon maith ar an tábla ar dtús, agus annsin, nuair a bhíos cuid mhaith ólta ag daoine, an fíon nach mbíonn cómh maith. Acht chongbhuigh tusa an fíon maith go dtí seo.
11Chuir Íosa an tús seo le míorbhailte i gCána na Gailile, agus léirigh sé a ghlóir, agus chreid a dheisciobail ann.
12Ina dhiaidh seo chuaidh sé féin, agus a mháthair, agus a bhráithre, agus a dheisciobail síos go Capharnaum: agus d’fhan siad annsin beagán laethe.
13Agus bhí Cáisc na n-Iúdach ar na gaobhair, agus chuaidh Íosa suas go h-Ierusalem:
14Agus fuair sé lucht díolta damh, agus caorach, agus colmán, agus malartóirí airgid ina suidhe san teampall.
15Agus nuair a rinne sé amhail sciúirse de chórdaí, thiomáin sé amach as an teampall iad uilig, na caoirigh fosta, agus na daimh, Agus dhoirt sé amach airgead na malartóirí, agus leag sé na táblaí.
16Agus dubhairt sé le lucht díolta na gcolmán: Beirigidh libh as seo na neithe sin, agus ná déanaigidh teach margaidh de thigh m’Athar.
17Agus thug a dheisciobail i gcuimhne go raibh sé scríobhtha: D’ith díograis chun do thighe suas mé.#Sailm 68, 10.
18D’fhreagair na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, agus dubhairt siad leis: Cad é an cómhartha a thaisbeánas tú dúinn, de bhrígh go ndéan tú na neithe seo?
19Dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt:#Mait. 26, 61, agus 27, 40; Marc. 14, 58, agus 15, 29. Leagaigidh an teampall seo, agus i gcionn thrí lá tógfaidh mise é.
20Dubhairt na h-Iúdaigh, dá bhrígh sin: Sé bliadhna agus daichead a bhí an teampall seo dá thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí laethe?
21Acht ba ar theampall a chuirp féin a labhair seisean.
22Ar an adhbhar sin, nuair a bhí sé tar éis éirghe ó mharbhaibh, chuimhnigh a dheisciobail gur dhubhairt sé sin, agus chreid siad an Scrioptúir,#Sailm 3, 6, agus 59, 9. agus an chainnt a dubhairt Íosa.
23Agus nuair a bhí sé i n-Ierusalem lá na féile san Cháisc, chreid mórán ina ainm, nuair a chonnaic siad na míorbhailte a ghníodh sé.
24Acht ní thaobhadh Íosa é féin leo, de bhrígh gurbh aithnid dó an uile dhuine,
25Agus de bhrígh nach raibh feidhm aige go dtabharfadh aoinneach fiadhnaise fá’n duine: óir bhí a fhios aige féin cad ébhí san duine.

Zur Zeit ausgewählt:

Eoin 2: ASN1943

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.