Agus dhein sé mar bheadh sgiúirse de théadaibh caola, agus chomáin sé iad go léir amach as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an lucht sóinseála, agus do leag sé na búird ortha. Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí ag díol na gcolúr: Tógaidh na neithe sin as so, agus ná bídhidh ag déanamh tighe margaidh de tigh m’Athar.