Logo YouVersion
Eicon Chwilio

Psalm 24

24
XXIV Psalm.
1’S le Dia an talaṁ a’s a lán;
An doṁan ’sa ḃfuil ann;
2Oir ṡocruiġ se air uisg’iḃ é,
Air ṡroṫuiḃ leag go teann.
3Cia hé an fearsan a ṫéid suas,
Go tuluiġ náoṁṫa Dé?
A’s fós an ionad náoṁṫasan,
Cia ṡeasas ann go réiḋ?
4An ti aga ḃfuil láṁa glan,
A’s a ċroiḋe neiṁċiontaċ;
Anam nár ṫóg re dioṁáoineas,
Na ṁionuiġ go cealgaċ.
5Beannaċt don tí‐sin, biaiḋ o Ḋia,
A’s ġéiḃ go saiḋḃir áit;
A’s fíréantaċt maráon le síṫ,
Buan‐ṡlainte ḋo go bráṫ.
6’Si sin an ġinealáċ ’s an dream
Noċ iarras í go moċ;
Ta ’giarruiḋ d’aġuiḋ a’s do ġnúis,
’Ḋé Iacoib cáoṁ a ndriúċ.
7Ó ġeatuiḋe togḃuiḋ ’nois ḃur ccinn,
A’s éirġiḋ suas go hárd,
Ḋoirse ṡiorruiḋe do riġ na glóir?
A’s tiucfuiġ se ḃúr náft.
8Cia hesean féin, ard riġ na glóir?
An Ti’arna laidir tréun;
Iehoḃa neartṁar cruaiḋ a ccaṫ
Ḃeir buaiḋ amaċ ḋo ḟéin.
9Toguiḋ a ġeatuiḋe anois ḃur gcinn,
A’s éirġiḋe suas go hárd,
Ḋoirse siorruiḋe do riġ na glóir’
A’s tiucfaḋ se gan ċáird.
10Ce hé‐sin féin; ard‐riġ na glóir?
Iehoḃa mór na slóġ;
’Se féin go fíor, ard riġ na glóir’
A ċóiṁeas ni ḃfuil beó,

Dewis Presennol:

Psalm 24: PSA1836G

Uwcholeuo

Rhanna

Copi

None

Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda