Logo YouVersion
Eicon Chwilio

Psalm 20

20
XX Psalm.
1Go ḃfreagra Dia ṫu annsa la
Do ḃuaiḋ’rṫa a’s do ṗéin,
Go ndéanaḋ ainm Dé Iácob fós,
Síor‐ċoiṁéad ort ad ḟéiḋm.
2Go ccuiriḋ ċuġad coḃair áḋ’,
Traṫ, as a ṫeampul náoṁ’;
A’s déanaḋ se do neartuġaḋ
As a Ṡion féin go cáoṁ.
3Cuiṁniġean se go grás’ṁuil duit
T’uile ofráil go grad,
A’s gaḃaḋ se go taitne’aċ uait
T’iobairt loisgṫe air fad.
4Do réir deaġ‐rúin do ċroiḋe‐se féin
Tiuḃraḋ se ḋuit go maiṫ,
Cóiṁlionaḋ se gaċ cóṁairle,
Ta ann do ċroiḋe a raiṫ.
5Déanam gáirdeaċas a’d’ ṡlánúġaḋ
Agus a nainm ar nDé,
Ardóiġmid suas ár mbrataċa:
Dia ċóiṁlionfas do ṁian.
6’Nois aiṫniġim go slánuiġion se
An tan’m do hungaḋ leis:
A’s le neart sáoraḋ ḋeis‐láiṁ Dé,
O neaṁ go neistear leis.
7Ta cuid d’earb’as a ccarbaduiḃ,
A’s cuid a neaċaiḃ árd:
Aċt, ainm an Tiġearna ar nDia
Cuiṁneóċuiġ sin gaċ áit.
8D’isliuġaḋ iad, a’s ṫuit siad sios:
Aċt d’eiriġ sinn, a’s ṡeas.
9’Ḋia fóir a’s éisdeaḋ rinn an riġ,
Traṫ gniḋmid gearán ris.

Dewis Presennol:

Psalm 20: PSA1836G

Uwcholeuo

Rhanna

Copi

None

Eisiau i'th uchafbwyntiau gael eu cadw ar draws dy holl ddyfeisiau? Cofrestra neu mewngofnoda