Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Matha 7

7
1Ná beiridh breith ionnas nach mbéarfaidhe breith oraibh féin. 2Óir, de réir na breithe do‐bheir sibh is eadh do‐bhéarfar breith oraibh: agus an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear chugaibh? 3Agus cad chuige dhuit an dubhradán atá i súil do bhráthar d’fheicsin, agus nach mbreathnuigheann tú an tsail atá id’ shúil fein? 4Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair, leig dom an dubhradán do bhaint as do shúil‐se; agus féach, atá an tsail id’ shúil féin? 5A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.
6Ná tabhraidh an nidh naomhtha do na madraibh, agus ná caithidh bhúr bpéarlaí i láthair na muc, ar eagla go ngabhfaidís de chosaibh ortha, agus go n‐iompóchaidís agus go réabfaidís as a chéile sibh.
7Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh: loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; cnagaidh, agus fosclóchar daoibh. 8Óir gach aoinneach iarras glacann sé; agus gach aoinneach loirgeas do‐gheibh sé; agus an té chnagas foscaltar dó. 9Nó cia h‐é an duine agaibh, má iarrann a mhac arán air gur cloch thiubhras sé dhó? 10Nó má iarrann sé iasc air gur nathair nimhe thiubhras sé dhó? 11D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad? 12D’á bhrigh sin, gach nidh ba mhaith libh go ndéanfadh daoine dhaoibh‐se, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean: mar is é sin an dlighe agus na fáidhe.
13Téighidh isteach an doras cumhang: óir is fairsing an doras, agus is leathan an bealach sheolas fá dhéin an léirscriosta, agus is iomdha duine ghabhas é. 14Óir is cumhang an doras, agus is caol an bealach sheolas chum na beathadh, agus is beag duine do‐gheibh eolas air.
15Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh. 16Ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad. An mbailightear caora fíneamhna de’n driseach, nó figí de na feochadánaibh? 17Mar sin do‐bheir gach deagh‐chrann toradh maith; acht do‐bheir an droch‐chrann droch‐thoradh. 18Ní féidir do’n deagh‐chrann droch‐thoradh do thabhairt, ’ná do’n droch‐chrann toradh maith do thabhairt. 19Gach crann nach dtugann toradh maith gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é. 20D’á bhrigh sin, ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad. 21Ní h‐é gach aoinneach adéarfas liom, A Thighearna, a Thighearna, rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas; acht an té do‐ghní toil m’Atar atá ar neamh. 22Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail? 23Agus annsin dearbhóchad‐sa dhóibh, Ní raibh aon aithne agam oraibh riamh: imthighidh uaim, a lucht déanta an uilc.
24D’á bhrigh sin, gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa agus chuireas i ngníomh iad, samhlóchar é le duine ciallmhar do thóg a theach ar an gcarraig: 25agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha; agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar do bhí sé tógtha ar an gcarraig. 26Agus gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa, agus nach gcuireann i ngníomh iad, samhlóchar eisean le duine gan chéill do thóg a theach ar an ngainimh: 27agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha, agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus do thuit sé: agus ba éachtach é a thuitim.
28Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin críochnuighthe ag Íosa, go ndearna an sluagh iongnadh d’á theagasc: 29óir do theagaisc sé iad amhail duine ag a raibh ughdarás, munarbh ionann agus na scríobhaidhthe.

Právě zvoleno:

Matha 7: ATN1951

Zvýraznění

Sdílet

Kopírovat

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas