Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Matha 4

4
1Annsin do threoruigh an Spiorad Íosa isteach sa bhfásach chum go gcuirfeadh an diabhal cathú air. 2Agus nuair do bhí troscadh dá fhichid lá agus dá fhichid oidhche déanta aige, tháinig ocras air ’n‐a dhiaidh sin. 3Agus tháinig an t‐aidhbheirseoir, agus adubhairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduigh arán do dhéanamh de na clochaibh seo. 4Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine, acht ar an uile bhriathar thig ó bhéal Dé. 5Annsin do rug an diabhal leis é isteach sa gcathair naomhtha, agus do chuir sé ’n‐a sheasamh ar spuaic an teampaill é, 6agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé teilg thú féin le fánaidhe síos: óir atá scríobhtha,
Do‐bhéaraidh sé órdú d’á ainglibh id’ thaobh:
Agus tógfaid‐sean ’n‐a lámhaibh thú,
Ar eagla go mbuailfeá do chos i gcoinnibh cloiche.
7Adubhairt Íosa leis, Atá scríobhtha fós, Ní chuirfidh tú cathú ar do Thighearna Dia. 8Annsin do rug an diabhal leis é go mullach sléibhe an‐áird, agus do thaisbeán sé dhó ríoghachta uile an domhain, agus a ngradam; 9agus adubhairt sé leis, Do‐bhéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléachtadh dhom, 10agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís. 11Annsin d’imthigh an diabhal uaidh, agus féach, tháinig aingil agus do‐rinneadar friotháileamh air.
12Agus nuair do‐chuala Íosa gur cuireadh Eoin i bpríosún, do chuaidh sé do’n Ghalilé; 13agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim, 14chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh,
15Talamh Shabulón, agus talamh Neftalim,
Slighe na fairrge, taobh thall de Iórnán,
Galilé na nGeinte:
16An pobal do bhí suidhte i ndorchadas, do chonnaic sé solas mór;
Agus ortha‐san do bhí suidhte i gcrích scáile an bháis
D’éirigh an solas.
17As sin amach do thosnuigh Íosa ar sheanmóir, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe: óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.
18Agus ag siubhal d’Íosa le h‐ais mara Ghalilé, do chonnaic sé beirt dearbhrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, do bhí ag cur lín sa bhfairrge: óir do b’iascairí iad. 19Agus adubhairt sé leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad‐sa iascairí ar dhaoinibh dhíbh, 20Agus ar an láthair, ag fágáil a líonta dhóibh, do leanadar é. 21Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad. 22Agus ar an láthair d’fhágadar an bád agus a n‐athair, agus do leanadar é.
23Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine. 24Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad. 25Agus do lean na sluaighte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán.

Právě zvoleno:

Matha 4: ATN1951

Zvýraznění

Sdílet

Kopírovat

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas

YouVersion používá soubory cookie adaptované na vaše potřeby. Používáním našich webových stránek souhlasíte s používáním souborů cookie, jak je popsáno v našich Zásadách ochrany osobních údajů