Marcas 13
13
1Nuair a bhí sé ag teacht amach as an teampall, arsa duine de na deisceabail leis, “Féach, a Oide, nach iontach na clocha seo agus nach iontach iad na foirgnimh seo!” 2Agus dúirt Íosa leo, “An bhfeiceann sibh na mórfhoirgnimh seo? Ní fhágfar cloch díobh ar mhuin chloiche, nach dteilgfear anuas.”
3Agus dʼfhiafraigh Peadar agus Séamas agus Eoin agus Aindrias de os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg os coinne an teampaill, 4“Inis dúinn, cá huair atá sin le bheith ann, agus cad é an comhartha a thabharfar nuair a bheidh na nithe sin uile le teacht i gcrích?” 5Agus thosaigh Íosa agus dúirt sé leo, “Tugaigí aire gan ligean dʼaon duine sibh a chur amú. 6Is iomaí duine a thiocfaidh i mʼainmse, agus é á rá, ‘Is mise é!’ agus is iomaí duine a chuirfeas siad amú. 7Agus nuair a chluinfeas sibh faoi chogaí nó a n‑iomrá, ná cuireadh sin eagla oraibh; caithfidh sin a bheith amhlaidh, ach níor tháinig an deireadh fós. 8Mar éireoidh náisiún in éadan náisiúin, agus ríocht in aghaidh ríochta; beidh creathanna talaimh in áiteanna éagsúla, beidh gortaí ann; ach ní bheidh ansin ach tús tubaiste.
9“Ach seachnaígí sibh féin; mar tabharfar suas do chomhairlí sibh; agus sciúrsálfar sibh i sionagóga; agus seasfaidh sibh os coinne na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liom, go dtuga sibh fianaise os a gcomhair. 10Agus caithfear ar dtús an soiscéal a sheanmóireacht do na náisiúin uile go léir. 11Agus nuair a thabharfar os comhair cúirte sibh agus nuair a thabharfar suas sibh, ná bíodh imní oraibh roimh ré faoi cad é a déarfas sibh; ach abraigí cibé a thabharfar daoibh san am úd, mar ní sibh féin a labhrós, ach an Spiorad Naomh. 12Agus tabharfaidh deartháir a dheartháir chun báis, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí go n‑imrí siad bás orthu; 13agus tabharfaidh an uile dhuine fuath daoibh mar mhaithe le mʼainmse. Ach an té a sheasas go deireadh, is é a shlánófar.
14“Ach nuair a fheiceas sibh dia-aithis léirscriostach ina seasamh in ionad nár chóir dó (bíodh tuiscint ag an léitheoir), teitheadh an méid agaibh atá i nlúdaea rompu go dtí na sléibhte; 15teitheadh an té atá ar mhullach an tí, gan teacht anuas ná isteach sa teach le haon ní a bhreith as; 16teitheadh an té atá sa ghort gan filleadh ar ais lena fhallaing a ardú leis. 17Is mairg a bheidh i dtinneas clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta úd! 18Agus bígí ag guí gan é a theacht sa gheimhreadh. 19Mar beidh anró sna laethanta úd nach raibh a leithéid ann ó chruthaigh Dia an chruinne go dtí anois, agus nach mbeidh ann arís choíche. 20Agus murab é gur ghiorraigh an Tiarna na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann saor as; ach mar mhaithe leis na fíréin a thogh sé, tá na laethanta úd giorraithe aige. 21San am úd, má deir aon duine libh, ‘Féach, seo é an Críost!’ nó ‘Féach siúd é!’ ná creidigí uathu é. 22Mar éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus beidh comharthaí agus iontais le taispeáint acu, a bhainfidh mealladh as na fíréin féin—dá mbʼfhéidir sin. 23Ach bígí sibhse ar bhur n‑aire; mar tá an t‑iomlán inste agam daoibh roimh ré.
24“Ach sna laethanta úd a leanfas an t‑anró, beidh smúid ar an ngrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas, 25agus titfidh na réaltaí as an spéir, agus corrófar na cumhachtaí neamhaí. 26Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe i gcumhacht agus i mórghlóir. 27Cuirfidh sé na haingil amach ansin, agus cruinneoidh sé a fhíréin ó cheithre aird na gaoithe, ó choirnéil an talaimh go cinn na spéartha.
28“Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige; chomh luath agus a mhaothaíos a shlat agus a thagas an duilliúr uirthi, aithníonn sibh go bhfuil an samhradh i ngar daoibh. 29Mar an gcéanna, nuair a fheiceann sibh na nithe sin ag titim amach, aithníonn sibh go bhfuil sé féin i ngar daoibh, ag dalladh bhur ndorais. 30Is fírinneach a deirim libh, nach rachaidh an ghlúin seo thart go dtaga na nithe sin uile go léir i gcrích. 31Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as.
32“Ach maidir leis an lá úd agus leis an uair úd, níl an t‑eolas ag aon neach, níl sé go fiú ag na haingil atá ar neamh, ná ag an Mac féin, ach ag an Athair Síoraí amháin. 33Bígí ar bhur n‑aire mar sin, agus bígí ag faire; mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfas an t‑am. 34Is cosúil é le fear atá ag dul ar aistear, nuair a fhágann sé an baile agus cuireann sé cúram an tí ar a sheirbhísigh, agus bíonn a shaothar féin ag gach duine acu, agus ordaíonn sé don doirseoir bheith ar a choimeád. 35Bígí sibhse ar bhur gcoimeád—mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfaidh ceann urra an tí, cé acu sa tráthnóna, nó i gceartlár na hoíche, nó le glaoch an choiligh, nó ar maidin— 36ar eagla go dtiocfadh sé go tobann agus go mbéarfadh sé oraibh in bhur gcodladh. 37Agus a ndeirim libh deirim le cách é: bígí ar bhur gcoimeád.”
বর্তমানে নির্বাচিত:
Marcas 13: OC1970
হাইলাইট
শেয়ার
কপি

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland