ইউভার্শন লোগো
সার্চ আইকন

Marcas 11

11
1Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus iad gar do Bhétfagé agus Bhétáin, ar chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail roimhe, 2agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa bhaile beag úd atá os bhur gcoinne, agus go díreach nuair a théas sibh isteach gheobhaidh sibh bromach ceangailte, nár shuigh fear air riamh; scaoiligí é agus tugaigí anseo é. 3Má deir aon duine libh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de?’ abraigí, ‘Tá feidhm ar an Tiarna leis’, agus cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.” 4Agus dʼimigh siad agus fuair siad bromach ceangailte ag an doras amuigh ar an tsráid; agus scaoil siad é. 5Agus dúirt na fir a bhí ina seasamh thart leo, “Cad chuige a bhfuil sibh de sin, ag scaoileadh an bhromaigh?” 6Agus dúirt siad leo an chaint a dúirt Íosa leo a rá; agus lig siad dóibh. 7Agus thug siad an bromach chuig Íosa, agus chaith siad a mbaill éadaí air; agus chuaigh sé ag marcaíocht air. 8Agus leath mórán daoine a bhfallaingeacha ar an mbóthar agus leath tuilleadh daoine craobhacha faoi dhuilleoga a ghearr siad faoi na cuibhrinn. 9Agus an dream a chuaigh roimhe agus a lean ina dhiaidh ghlaoigh siad in airde a gcinn, “Hósanna! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna! 10Is beannaithe ríocht ár n‑athar Dáibhí a thiocfas! Hósanna in airdí neimhe!”
11Agus chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, agus sa teampall; agus nuair a bhí gach ní feicthe aige, tráthnóna domhain, dʼimigh sé go Bétáin leis an dáréag.
12An lá ina dhiaidh sin, nuair a tháinig siad ó Bhétáin, bhí ocras air. 13Agus chonaic sé crann fige faoi dhuilliúr tamall uaidh, agus chuaigh sé chuige go bhfeicfeadh sé an bhfaigheadh sé aon ní air. Ach nuair a shroich sé é, ní bhfuair sé air ach duilleoga, mar níorbh é séasúr na bhfigí é. 14Agus dúirt sé leis, “Ná hitheadh aon duine toradh díot arís.” Agus chuala a dheisceabail sin.
15Agus tháinig siad go hlarúsailéim. Agus chuaigh sé isteach sa teampall agus thosaigh sé ar thiomáint amach an dream a bhíodh ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus thiontaigh sé táblaí na malartóirí airgid bun os cionn agus suíocháin lucht díolta na gcolm; 16agus ní ligfeadh sé dʼaon duine ualach a iompar tríd an teampall. 17Agus theagasc sé, agus dúirt sé leo, “Nach bhfuil sé scríofa, ‘Gairfear teach urnaí do na náisiúin go léir de mo theachsa?’ Ach tá uaimh ropairí déanta agaibh de”. 18Agus chuala na hardsagairt agus na scríobhaithe é agus bhí a anam uathu; mar bhí eagla orthu roimhe, ó chuir a theagasc iontas ar an slua. 19Agus nuair a tháinig an tráthnóna dʼimigh siad as an gcathair.
20Nuair a chuaigh siad thart ar maidin, chonaic siad an crann fige feoite go dtí na fréamhacha. 21Agus ba chuimhin le Peadar agus dúirt sé leis, “A Mháistir, féach! Tá an crann fige a mhallaigh tú feoite.” 22Agus dʼfhreagair Íosa iad, “Bíodh creideamh i nDia agat. 23I bhfírinne, deirim libh, cibé a deir leis an sliabh seo, ‘Tógtar thú agus caitear isteach san fharraige thú,’ gan amhras ina chroí, agus é ag creidiúint go dtiocfaidh an ní a deir sé i gcrích, déanfar dó é. 24Dá bhrí sin deirim libh, cibé ní a iarras sibh san urnaí, creidigí go bhfaighidh sibh é, agus gheobhaidh sibh é. 25Agus nuair a sheasann sibh ag déanamh urnaí, maithigí cibé rud atá agaibh in aghaidh duine ar bith; ionas go maithfidh bhur nAthair atá ar neamh bhur gcionta freisin.”#11:25 Cuireann seanúdaráis eile V.26 leis, “Ach mura maitheann sibhse, ní mhaithfidh bhur nAthair atá ar neamh bhur gcionta ach oiread.”
27Agus dʼfhilleadar athuair go hlarúsailéim agus tháinig na hardsagairt agus na scríobhaithe agus na seanóirí chuige, agus é ag siúl sa teampall, 28go ndúirt leis, “Cad é an t‑údar atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug údarás duit lena ndéanamh?” 29Dúirt Íosa leo, “Cuirfidh mise ceist oraibh; agus tugaigí freagra orm, agus inseoidh mé daoibh ansin cad é an t‑údar atá agam go bhfuil mé ag déanamh amhlaidh. 30Cé acu ó fhlaitheas Dé nó ón gcine daonna ab ea é baiste Eoin? Tugaigí freagra orm.” 31Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid gur ó fhlaitheas Dé é, fiafróidh sé dínn, ‘Cad chuige nár chreid sibh ann mar sin?’ 32Ach an féidir linn a rá, ‘Ón gcine daonna?’”—bhí eagla orthu roimh na daoine, mar bhíodar uile ag dearbhú gurbh fháidh fírinneach é Eoin. 33Ba é an freagra mar sin a thug siad ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus ba é a dúirt Íosa leo, “Níl, agus ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údar atá agam leis na nithe seo a dhéanamh atá á ndéanamh agam.”

বর্তমানে নির্বাচিত:

Marcas 11: OC1970

হাইলাইট

শেয়ার

কপি

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in