Eóin 13
13
CAIBIDIOL XIII.
Cosa a dheisgiobol á nighe ag Críost. Feall Iúdáis. An aithne nua, .i. aithne an ghrádha.
1Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.#13:1 Ver. 1. Roimh lá fhéile na cásga, B’shiní an ceathramhadh cáirg agus an cháisg dheirineach fé frithálamh Chríost. Do réir an ghnáth-chómhairimh tháinig an cháisg sin sa trímhadh bliain déag ar fhichid d’aois ár dTighearna. Deir drong de’n lucht cómhairimh gur sa seachtmhadh bliain déag ar fhichid d’á bheatha d’fhuilig ár Slánuightheóir bás. Ach ni’l ins na baramhlaibh sin seachas a chéile ach neamhnídh.
2Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol, 3Ó bhí fhios ag Íosa gach uile nídh a bheith tabhartha isteach ’n-a láimh dó ag an Athair, agus gur ó Dhia a tháinig sé agus go raibh sé ag dul ag triall as Dhia, 4D’eirigh sé ó’n suipéar, agus bhain sé dhe a chuid éadaigh agus cheangail sé línéadach fan choím air féin. 5Ansan chuir sé uisge i mbáisín agus chrom sé ar chosaibh a dheisgiobul do nighe agus ar iad do thriomú leis an línéadach a bhí fan choím air. 6Ansan do tháinig sé go dtí Símón Peadar. Dubhairt Peadar leis: Tusa ag nighe mo chos-sa, a Thighearna? 7D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: An rud atá agam-sa ’á dhéanamh ní fios duit-se anois é; beidh a fhios agat ar ball, ámhthach. 8Dubhairt Peadar leis: Ní níghfir mo chosa-sa dhómh-sa go bráth. D’fhreagair Íosa é: Mura níghead tu ní bheidh páirt agat liom. 9Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna, ní h-amháin mo chosa, ach fós mo lámha agus mo cheann. 10Dubhairt Íosa leis: An t-é a níghtear ní gádh a níghe ach a chosa agus tá sé glan ar fad. Táthaoi-se glan, ach ní’l sibh go léir glan. 11Óir bhí fhios aige cé r’ bh’é an t-é a dhíolfadh é; mar gheall air sin iseadh a dubhairt sé: Ní’l sibh go léir glan.
12Ansan, nuair a bhí a gcosa nighte aige agus a éadaighe curtha uime aige, agus é ’na shuidhe airís dubhairt sé leó: An bhfuil fhios agaibh cad ’tá déanta agam daoibh? 13Glaodhann sibh-se orm-sa Máighistir, agus Tighearna, agus tá an ceart agaibh, óir is mé san. 14D’á bhríg sin, má nígheas-sa bhúr gcosa dhaoibh-se agus gur mé an Tighearna agus an Máighistir, is ceart daoibh-se, mar an gcéadna, cosa a chéile do níghe. 15Óir tá sampla tabhartha agam daoibh, ionus fé mar tá déanta agam-sa dhaoibh-se go ndéanfad sibh-se mar an gcéadna. 16Go deimhin, deimhin, adeirim libh. Ní’l an seirbhíseach níos mó ’na a mháighistir, ’ná ní’l an t-aspol níos mó ’ná an t-é chuir uaidh é. 17Má tá fhios agaibh na neithe sin, is aoibhinn daoibh má dheineann sibh iad. 18Ní’lim ag labhairt oraibh go léir; aithním na daoine a thoghas: Ach ionus go gcómhlíonfí an Sgríbhinn: #Salm 40:10.An t-é a dh’itheann arán am’ fhochair árdóchaidh sé a shál am’ choinnibh. 19Táim ’ghá innsint sin daoibh anois roim sé, i dtreó, nuair a thuitfidh sé amach, go gcreidfeadh sibh gur mé atá ann. 20Go deimhin, deimhin, adeirim libh: #Mait. 10:40; Lúc. 10:16.An t-é a ghlacann aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.
21Nuair a bhí an méid sin ráidhte ag Íosa tháinigh buaireamh spioraide air agus do dheimhnigh sé, agus dubhairt sé: #Mait. 26:21; Marc. 14:18; Lúc. 22:21.Go deimhin, deimhin, adeirim libh, déanfaidh duine agaibh-se mise thabhairt i láimh. 22D’fhéach na deisgiobuil ar a chéile agus mearbhall ortha i dtaobh cé air gur labhair sé. 23Thárla go raibh ’n-a luighe i n-ucht Íosa duine dh’á dheisgiobulaibh ba ró-ionmhuin le h-Íosa. 24Agus do bhagair Símón Peadar chuige sin agus dubhairt sé leis: Cé h-é an t-é adeir sé? 25D’á bhrígh sin, dubhairt seisean, agus é ’n-a luighe ar ucht Íosa: A Thighearna, cé h-é féin? 26D’fhreagair Íosa: An fear go dtabharfad-sa blúire d’arán túmtha dó, siné é. Ansan do thúm sé blúire aráin agus thug sé d’Iúdás Iscariót mac Shímóin é. 27Agus i ndiaidh an bhlúire aráin, chuaidh Sátan isteach ann. Agus dubhairt Íosa leis: An nídh atá agat ’á dhéanamh, dein gan mhoill é.#13:27 Ver. 27. An nídh atá agat ’á dhéanamh, dein gan mhoill é. Ní h-amhlaidh a chéaduigh sé é, agus ní lúgha ná mar a dh’órduigh sé é. Ní raibh ann ach ’ghá chur i n-úil dó na coisgfadh Críost an feall a bhí beartuighthe aige; ná raibh bac air imtheacht agus é dhéanamh chóm luath agus ba mhaith leis é; go raibh Críost ollamh agus toiltheanach cun báis a dh’fhulag ar ár son. 28Agus ní raibh fhios ag aoinne sa cuideachtain cad chuige go ndubhairt sé leis é. 29Mar do cheap cuid acu, ó bhí an sparán ag Iúdás, gur bh’amhlaidh adubhairt Íosa leis: Ceannaigh na neithe theastóchaidh uainn i gcóir na féile; nó rud éigin a thabhairt do sna daoine bochta. 30Ach nuair a ghlac seisean an blúire aráin d’imthigh sé amach gan mhoill. Agus bhí an oidhche ann.
31Agus nuair a bhí sé imthighthe amach dubhairt Íosa: Tá glóire fághalta anois ag Mac an Duine, agus tá glóire fághalta ann ag Dia. 32Má tá glóire fághalta ag Dia ann tabharfaidh Dia, leis, glóire dhó-san ann féin, agus tabharfaidh sé glóire dhó gan mhoill. 33A chlann ó, táim i nbhúr bhfocair tamall beag fós. Beidh sibh a’m lorg agus mar adubhart leis na Iúdaigh, An áit ’n-a bhfuilim ag dul ní féidir daoibh-se teacht ann; deirim libh-se anois é. 34#Lebhit. 19:18.Tá aithne nua agam ’á thabhairt daoibh: go mbeadh grádh agaibh d’a chéile; fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile. 35As san iseadh a dh’ aithneóchaid na daoine go léir gur sibh mo dheisgiobuil-se, má bhíonn grádh agaibh d’á chéile.
36Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna cá bhfuilir ag imtheacht? D’fhreagair Íosa: An áit ’n-a bhfuilim ag imtheacht ní féidir duit-se mé a leanmhaint ann anois; leanfir me ámhthach ’n-a dhiaidh so. 37Dubhairt Peadar leis: Cad ’n-a thaobh nách féidir dom thú a leanmhaint anois? Tabharfad m’anam ar do shon. 38D’fhreagair Íosa é: Tabharfair t’anam ar mo shon? Go deimhin, deimhin, adeirim leat, ní ghlaodhfaidh an coileach sar a séanfair trí h-uaire mé.
বর্তমানে নির্বাচিত:
Eóin 13: POL
হাইলাইট
শেয়ার
কপি
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.