ইউভার্শন লোগো
সার্চ আইকন

Eóin 10

10
CAIBIDIOL X.
Isé Críost an dorus, agus isé Críost an t-aodhaire fóghanta. Is aon é agus a athair.
1Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach iseadh é sin agus robálaidhe. 2Ach an t-é a thagann isteach an dorus, siné aodhaire na gcaorach. 3Osgalann an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amach iad. 4Agus nuair a sheólann sé amach a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aithnighid siad a ghuth. 5Ach ní leanaid siad duine iasachta, ach teithid siad uaidh, mar ní aithnighid siad guth na ndaoine iasachta.
6Do labhair Íosa an tsoluíd sin leó. Ach ní fheadradar cad a bhí aige d’á rádh leó. 7Ansan dubhairt Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur mise dorus na gcaorach. 8Gach ar tháinig, bitheamhnaigh agus robálaithe ab eadh iad, agus níor éist na caoire leó.
9Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht. 10Ní thagann an bitheamhnach ach chun bheith ag guid agus ag marbhú agus ag dísgiú. Thánag-sa ionus go mbeadh an bheatha acu, agus go mbeadh sí acu níos iomadamhla. 11#Isáias 40:11; Ezech. 34:23; 37:24.Mise an t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta a anam ar son a chaorach. 12An fear tuarasdail ámhthach, óir ní h-é an t-aodhaire é, agus ní leis féin ná caoire, chíonn sé an machtíre ag teacht, agus fágann sé na caoire agus teitheann sé; agus deineann an machtíre foghail ar na caoire agus sgaipeann sé iad. 13Agus teitheann an fear tuarasdail mar is fear tuarasdail é, agus ní’l speóis aige ins na caoire. 14Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé. 15Fé mar a dh’aithnigheann an t-Athair mise is eadh dh’ aithnighim-se an t-Athair leis; agus tá m’anam agam ’á thabhairt ar son mo chaorach. 16Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin. 17Mar gheall air seo atá grádh ag an Athair dom, #Isáias 53:7.mar go bhfuilim ag tabhairt m’anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é ghlacadh chúgham airís. 18Ní’l aoinne ’ghá thógaint uaim, ach is uaim féin atáim ’ghá thabhairt uaim; agus tá ar mo chumas é thabhairt uaim, agus tá ar mo chumas é thógaint chúgham airís. Siní an aithne a fuaras ó m’Athair.
19D’eirigh siosma airís idir na Iúdaigh mar gheall ar an gcaint sin. 20Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaid atá deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl libh ag éisteacht leis? 21Dubhairt tuille acu: Ní caint fir go mbeadh deamhan ann an caint sin; an bhféadfadh deamhan súile na ndall a dh’osgailt?
22Agus bhí féile an toirbheartha i n-Ierúsalem, agus sa gheimhreadh ab eadh é. 23Agus bhí Íosa ag siubhal sa teampul, i bpóirse Shalomóin. 24Agus tháinig na Iúdaigh ’n-a thímpal, agus bhíodar ’ghá rádh leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má’s tú Críost, innis dúinn é go soiléir. 25D’fhreagair Íosa iad: Táim ’ghá innsint daoibh, agus ní chreideann sibh é. Na h-oibreacha atá agam ’á dhéanamh i n-ainim mh’Athar, tá fiadhnaise acu ’á dhéanamh dom. 26Ach ní chreideann sibh-se, mar ní de’m’ chaoire-se sibh. 27Éistid mo chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé. 28Agus tá an bheatha shíoruidhe agam-sa ’á thabhairt dóibh; agus ní caillfar go deó iad, agus ní dhéanfaidh aoinne iad a dh’fhuadach as mo láimh-se. 29Tá an nídh a thug m’Athair dom níos mó ’ná gach uile nídh; agus ní féidir d’aoinne fuadach as láimh m’Athar. 30Is aon mise agus an t-Athair.#10:30 Ver. 30. Is aon mise agus an t-Athair. .i. aon nádúir amháin diadha agus dhá phearsain fé leith.
31Ansan do thóg na Iúdaigh na clocha chun gabháil do chlochaibh ann. 32D’fhreagair Íosa iad: Tá a lán oibreacha fóghanta taisbeánta agam daoibh ó m’Athair; cé’cu obair acu go bhfuil sibh ag gabhail do chlochaibh ionam mar gheall air? 33D’fhreagair na Iúdaigh é: Ní mar gheall ar obair fhóghanta atáimíd ag gabháil do chlochaibh ionat, ach mar gheall ar dhiamhaslad, agus go ndeineann tú Dia dhíot féin, bíodh gur duine thu. 34D’fhreagair Íosa iad: Ná fuil sgríobhtha i nbhúr ndlígh féin, #Salm 81:6.Dubhart-sa, is déithe sibh? 35Má dubhairt sé gur dhéithe iad súd gur labhradh briathar Dé leó, agus nách féidir an scriptiúir do chur ar neamhnídh, 36An t-é a bheannuigh an t-Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an ndeir sibh-se leis, Tá diamhasladh agat ’á dhéanamh, toisg go ndubhart, Is mé Mac Dé? 37Mura ndeinim oibreacha m’Athar ná creididh mé. 38Ach má dheinim, mura maith libh mise chreideamhaint, creididh na h-oibreacha, i dtreó go mbeidh fhios agaibh an t-Athair a bheith ionam-sa agus mise sa n-Athair. 39Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air; agus d’imthigh sé as a lamhaibh. 40Agus d’imthigh sé airís thar Iórdan, chun na h-áite ’n-a raibh Eóin ag baisteadh ar dtúis; agus d’fhan sé ansan. 41Agus tháinig a lán daoine ag triall air, agus deiridís: Níor dhein Eóin aon nídh mírbhúilteach; 42Ach na neithe go léir adubhairt Eóin ’n-a thaobh so dob’ fhíor iad. Agus do chreid a lán ann.

বর্তমানে নির্বাচিত:

Eóin 10: POL

হাইলাইট

শেয়ার

কপি

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in