Marcas 14
14
1Anois bhí sé dhá lá roimh an gCáisc agus roimh fhéile an Aráin gan Laibhín. Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh é a ghabháil os íseal agus a chur chun báis; 2mar dúirt siad, “Ní dhéanfaidh sé cúis in am na féile, ar eagla go dtógfadh na daoine gleo.”
3Agus nuair a bhí sé i mBétáin i dteach Shíomóin an Lobhar, agus é ina shuí ag bord bia ann, tháinig an bhean chuige agus soitheach alabastair aici den nard ba ghlaine, agus bhris sí an soitheach gur dhoirt an uinnimint ar a cheann. 4Ach bhí daoine ann a bhí ag rá ina n-intinn féin, agus fearg orthu, “Cad chuige ar cuireadh amú an uinnimint seo? 5Mar dʼfhéadfaí an uinnimint seo a dhíol ar chorradh agus trí chéad déanar, agus a bhronnadh ar na boicht.” Agus thug siad achasán di. 6Ach is é a duirt Íosa, “Ligigí léi é; cad chuige a mbíonn sibh á crá? Is álainn an ní atá déanta aici dom. 7Mar bíonn na boicht libh i gcónaí, agus tig libh a maith a dhéanamh nuair a thoilíonn sibh, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí. 8Tá an méid ab fhéidir léi a dhéanamh déanta aici; is é rud, is amhlaidh atá sí tar éis mé a ungadh roimh ré le haghaidh mʼadhlactha. 9Agus deirim libh i bhfírinne, níl áit a mbeidh an soiscéal á chraobhscaoileadh ar fud an domhain uile, nach n‑inseofar a bhfuil déanta aici le cuimhne a choinneáil uirthi.”
10Ba ansin a chuaigh Iúdás Iscariót, duine den dáréag, chuig na hardsagairt chun go ndéanfadh sé é a bhrath leo. 11Agus nuair a chuala siad faoi bhí lúcháir orthu, agus gheall siad airgead a thabhairt dó. Agus bhí sé ag faire na faille lena bhrath. 12Agus an chéad lá de laethanta an Aráin gan Laibhín, nuair a bhítí ag íobairt uan na cásca, dʼfhiafraigh a dheisceabail de, “Cá háit ar mhaith leat sinn a dhul ann le hullmhú duit chun go n‑ithe tú an cháisc?” 13Agus chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh, agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa chathair, agus casfar oraibh fear agus é ag iompar searróg uisce; leanaigí é. 14Agus abraigí le fear an tí a dtéann sé isteach ann, ‘Is é rud a deir an tOide leat, Cá bhfuil an seomra aíochta atá le bheith agam go n‑íosfaidh mé an cháisc ann, mise agus mo chuid dheisceabal?’ 15Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór i n‑uachtar an tí agus é feistithe faoi réir; ullmhaigí dúinn ansin.” 16Agus dʼimigh na deisceabail leo go dtí an chathair, agus rinne siad an t‑eolas mar dʼinis sé dóibh; agus dʼullmhaigh siad an cháisc.
17Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig sé féin agus an dáréag. 18Agus nuair a bhí siad ina suí chun boird, arsa Íosa leo, “Is fíor, a deirim libh, go ndéanfaidh duine agaibh, atá ag ithe i mo chuideachta, feall a imirt orm.” 19Agus tháinig brón orthu, agus bʼshiúd iad a rá leis duine i ndiaidh an duine eile, “An mise é?” 20Ar seisean leo, “Is duine den dáréag é, duine atá ag tomadh a aráin in aon mhias liom. 21Óir imeoidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a dhéanann feall ar Mhac an duine! Bʼfhearr don fhear úd nár saolaíodh riamh é.”
22Agus nuair a bhí siad i gcionn an bhia ghlac sé an t‑arán, agus dʼaltaigh sé, agus roinn sé é, agus thug sé dóibh é, agus dúirt, “Glacaigí; is é seo mo chorpsa.” 23Agus ghlac sé cupán, agus dʼaltaigh sé agus thug dóibh é, agus dʼól siad uile go léir as. 24Agus ar seisean leo, “Is í seo mʼfhuilse, fuil an chúnaint, a dhoirtear ar son an tslua. 25Deirim go fírinneach libh, nach n‑ólfaidh mé toradh seo na fíniúna go dtí an lá a n‑ólfaidh mé úrnua í i ríocht Dé.”
26Agus chan siad iomann ansin, agus ina dhiaidh sin dʼimigh siad go Cnoc na nOlóg. 27Agus dúirt Íosa leo, “Tréigfidh sibh uile mé mar tá scríofa, ‘Millfidh mé an maor, agus scaipfear na caoirigh.’ 28Ach nuair a éireos mé, imeoidh mé romhaibh go Galailí.” 29Arsa Peadar leis, “Má thréigeann siad uile thú, ní dhéanfaidh mise amhlaidh.” 30Agus dúirt Íosa leis, “Deirim go fírinneach leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.” 31Ach dúirt seisean go deimhin agus go dearfa, “Má bhíonn orm bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus ní raibh duine acu nach ndúirt an rud céanna.
32Agus dʼimigh siad go háit a dtugtaí Getsemaní air; agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, a fhad agus a bhím ag guí.” 33Agus thug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin le bheith leis, agus tháinig brón agus buairt mhór air. 34Agus ar seisean leo, “Tá brón mór an bháis ar mʼanam; fanaigí anseo agus déanaigí faire.” 35Agus chuaigh sé beagán beag eile ar aghaidh, agus thit sé ar an talamh, agus rinne sé urnaí go n‑imeodh uair na cinniúna thairis. 36Is é a dúirt sé, “Abba, a Athair, níl ní nach indéanta duit; tóg an cupán seo uaim; ach ní mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa é.” 37Agus tháinig sé agus fuair ina suan iad, agus dúirt sé le Peadar, “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire amháin a dhéanamh? 38Déan faire agus guí nach ligfeá thú féin i gcathú; dá fheabhas é toil na spride, is lag cloíte an cholainn.” 39Agus dʼimigh sé leis a ghuí arís, agus é ag rá na bhfocal céanna. 40Agus tháinig sé arís agus fuair ina suan iad, mar bhí a súile marbh leis an gcodladh; agus gan fhios acu cé an freagra a thabharfaidís dó. 41Agus tháinig sé an tríú huair, agus ar seisean leo, “An in bhur gcodladh atá sibh ag ligean bhur scíste? Is leor sin; tháinig an uair; tugadh Mac an duine i lámha lucht an oilc. 42Éirígí, bímis ag imeacht; seo chugainn fear mo bhraite.”
43Agus go díreach san am a ndúirt sé an chaint sin, tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua faoi chlaimhte agus bhataí leis, a cuireadh ó na hardsagairt agus ó na scríobhaithe agus ó na seanóirí. 44Anois bhí an comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, á rá, “Is é an fear é an té a dtabharfaidh mé póg dó; beirigí air agus tugaigí ar shiúl é go slán sábháilte.” 45Agus nuair a tháinig sé, ní dhearna sé moill ag druidim leis, agus é á rá, “A Mháistir!” Agus thug sé an phóg dó. 46Agus leag siad a lámha air agus ghabh siad é. 47Ach tharraing aon duine amháin dá raibh i láthair an claíomh agus bhuail béim ar mhogha an ardsagairt gur ghearr leathchluas de. 48Agus ba é a dúirt Íosa leo, “An bithiúnach mé, go dtagann sibh amach i mʼéadan le claimhte agus le bataí le mo ghabháil? 49Bhí mé agaibh ó lá go chéile agus mé ag teagasc sa teampall, agus ní dhearna sibh mo ghabháil. Ach bíodh amhlaidh go gcomhlíontar an Scrioptúr.” 50Agus thréigeadar uile é agus theitheadar leo.
51Agus bhí ógánach á leanúint, nach raibh faoina chorp ach aon ghiota amháin línéadaigh; agus ghabhadar é, 52ach dʼfhág sé an línéadach acu agus theith leis uathu lom tarnocht.
53Agus sheol siad Íosa chuig an ardsagart; agus bhí na hardsagairt uile agus na seanóirí agus na scríobhaithe cruinnithe. 54Agus bhí Peadar i ndiaidh é a leanúint agus dʼfhan sé amach uaidh, gur tháinig siad isteach in urlann an ardsagairt; agus bhí Peadar ina shuí i measc na ngardaí, á ghoradh féin ag an tine. 55Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fianaise a chruinniú i n‑éadan Íosa lena chur chun báis; agus gan í le fáil acu. 56Mar bʼiomaí sin duine a thug fianaise bhréige ina éadan, agus gan a bhfianaise ag teacht le chéile. 57Agus dʼéirigh cuid acu ag tabhairt fianaise bhréige ina éadan, á rá, 58“Chualamar é á rá, ‘Scriosfaidh mise an teampall seo a tógadh le lámha, agus i spás trí lá tógfaidh mé teampall eile, nach dtógfar le lámha.’” 59Ach mar sin féin níor tháinig a bhfianaise le chéile. 60Agus dʼéirigh an t‑ardsagart ina sheasamh i gceartlár an tslua, agus dʼfhiafraigh sé dʼÍosa, “An é nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin atá na fir seo ag dearbhadh i dʼéadan?” 61Ach dʼfhan sé ina thost gan freagra a thabhairt air. Ba ansin a dʼfhiafraigh an t‑ardsagart de an dara huair, “An tú an Críost, an tú Mac an té atá beannaithe?” 62Agus dúirt Íosa, “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.” 63Agus réab an t‑ardsagart a fhallaing, agus dúirt sé, “Cad í an fheidhm atá orainn le tuilleadh fianaise? 64Chuala sibh an diamhasla sin aige. Cad é bhur mbreith?” Agus thugadar uile go léir a mbreith air, go raibh an bás tuillte aige. 65Agus thosaigh cuid acu ar chaitheamh seile air, agus chuir siad dallóg air, agus chuaigh á bhualadh, agus á rá leis, “Déan fáidheadóireacht!” Agus bhuail na gardaí é nuair a ghlac siad leis.
66Nuair a bhí Peadar thíos in urlann an tí, tháinig bean de chailíní an ardsagairt; 67agus chonaic sí Peadar á ghoradh féin, agus dʼamharc sí air agus dúirt sí, “Bhí tusa ar dhuine de lucht leanúna an fhir úd as Nasair, an tÍosa úd.” 68Ach shéan seisean é, á rá, “Níl fhios agam agus ní thuigim cad é atá i do cheann.” Agus dʼimigh sé leis go dtí an geata. 69Agus chonaic an cailín é, agus thosaigh sí ar a rá lena raibh ina seasamh thart, “Is duine acu é an fear seo”. 70Ach shéan sé an dara huair é. Agus tamall beag eile ina dhiaidh sin, dúirt an dream a bhí ina seasamh thart le Peadar, “Níl amhras ar bith ann ná gur duine acu tú; mar is Galailéach tú.” 71Ach thosaigh sé ar a chur féin faoi mhallacht agus ar mhionnú, “Ní aithnid dom an fear sin a bhfuil sibh ag caint faoi.” 72Agus ba san nóiméad sin a ghlaoigh an coileach an dara huair. Agus chuimhnigh Peadar ar a ndúirt Íosa leis, “Sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.” Agus bhris an gol air.
Currently Selected:
Marcas 14: OC1970
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland