YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 11

11
1Bhí sé ar a urnaí in áit áirithe, agus nuair a stad sé di, dúirt duine dá dheisceabail leis, “A Thiarna, múin an urnaí dúinn, mar a rinne Eoin dá dheisceabailsean.” 2Agus dúirt sé leo, “Nuair a dhéanann sibh urnaí, abraigí: A Athair, go naofar dʼainm, go dtaga do ríocht. 3Tabhair dúinn ár n‑arán laethúil gach uile lá; 4agus maith dúinn ár bpeacaí, mar bímid féin ag maitheamh don dream a bhfuil fiacha againn orthu; agus ná lig sinn i gcathú.”
5Agus ar seisean leo, “Cé agaibh a bhfuil cara aige a rachaidh chuige i gceartlár na hoíche agus a déarfaidh leis, ‘A fhir na páirte, tabhair iasacht trí bhuilín aráin dom; 6mar tá cara de mo chuid i ndiaidh teacht ar aistear, agus níl ní agam le cur roimhe’; 7agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’ 8Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh. 9Agus deirimse libh, Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar an doras romhaibh. 10Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe. 11Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc; 12nó má iarrann sé ubh air, a thabharfaidh scairp dó? 13Más eol daoibhse, olc is mar atá sibh, conas dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach mó go mór a thabharfaidh an tAthair neamhaí an Naomh-Spiorad don dream sin a bhíos á iarraidh air?”
14Anois bhí sé ag caitheamh amach deamhain a bhí balbh; nuair a bhí an deamhan imithe, labhair an balbhán, agus bhí na daoine ag déanamh iontais de. 15Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;” 16agus bhí dream eile i ndréim lena fhéachaint, agus iad ag iarraidh air comhartha ó neamh. 17Ach ó dʼaithin sé a smaointe, ar seisean leo, “Scriostar gach ríocht a dheighiltear ina éadan féin, agus titeann teaghlaigh as a chéile. 18Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl. 19Agus más rud é go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl, cé sin a mbíonn bhur gclann mhac á gcaitheamh amach tríd? Mar sin de bídís siúd mar bhreithiúna oraibh. 20Ach más le méar Dé a bhím ag caitheamh amach na ndeamhan, is cruthú é sin go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht oraibh. 21Nuair a bhíonn tréanfhear faoi iomlán arm ag coimeád a pháláis féin, bíonn a mhaoin go socair sámh; 22ach nuair a ionsaíonn duine is tréine ná é é agus nuair a bhuann sé air, baineann sé de an t‑arm agus an t‑éide uile ina gcuireadh sé a mhuinín, agus roinneann sé a chuid mar chreach. 23An té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh.
24“Nuair a imíonn an sprid neamhghlan as duine, siúlann sí áiteanna tirime gan uisce ag iarraidh suaimhnis; agus nuair nach bhfaigheann sí aon suaimhneas ann is é a deir sí léi féin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa a dtáinig mé as.’ 25Agus nuair a thagann sí go dtí é, faigheann sí scuabtha curtha faoi réir é. 26Ansin imíonn sí go dtugann sí léi seacht sprid eile is urchóidí ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann cónaí ann; agus is measaide an duine úd a dheireadh ná a thús.”
27Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, labhair bean a bhí sa slua in ard a cinn agus dúirt leis, “Is beannaithe an bhroinn a chuir ar an saol thú, agus is beannaithe na cíocha a bhíodh á ndiúl agat!” 28Ach ba é a dúirt sé, “Is mó is beannaithe an dream a chluineas briathar Dé agus a choinníos é!” 29Nuair a bhí na sluaite ag méadú, thosaigh sé ar a rá, “Is olc an ghlúin í an ghlúin seo; bíonn sí ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar de chomhartha di ach comhartha Ióna. 30Mar mar a bhí Ióna ina chomhartha ag fir Ninebhe, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ag an nglúin seo. 31Éireoidh banríon an deiscirt nuair a chuirfear an breithiúnas ar fhir na glúine seo go ndaorfaidh iad; mar tháinig sise ó thíortha in imigéin le héisteacht le heagna Sholaimh, agus tá ní anseo is mó ná Solamh. 32Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear an breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siad aithrí le seanmóireacht Ióna, agus féach tá ní anseo is mó ná Ióna.
33“Níl duine ann dá mbíonn tar éis lampa a lasadh a chuireas é i siléar nó faoi bhuiséal, ach in airde ar sheastán, go dtí go bhfeice a dtéann isteach an solas. 34Is í do shúil a bhíos mar lampa ag do cholainn; nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do cholainn lán de sholas; ach más easlán í, bíonn do cholainn uile lán de dhorchadas. 35Tabhair aire mar sin nach dorchadas é an solas atá ionat. 36Má bhíonn, mar sin, do cholainn uile lán de sholas, gan aon bhall dorcha uirthi, beidh sé uile geal lasta, mar lampa a dtugann a shoilse solas duit.”
37Nuair a bhí sé ag caint, thug Fairiséach cuireadh chun dinnéir dó; chuaigh sé isteach mar sin gur shuigh ag an mbord. 38Bhí iontas ar an bhFairiséach lena fheiceáil nár nigh sé é féin roimh an dinnéar. 39Agus dúirt an Tiarna leis, “Bíonn sibhse, na Fairiséigh, ag glanadh an taobh amuigh den chupán agus den mhias, ach tá sibh lán den tsaint agus den mhallaitheacht ar an taobh istigh. 40A amadána! An té a rinne an taobh amuigh nach ndearna sé an taobh istigh freisin? 41Ach tugaigí a bhfuil istigh mar dhéirc ar ghrá Dé; agus féachaigí, tá an uile ní glan gan smál daoibh.
42“Ach mo mhairg daoibh, a Fhairiséacha! Bíonn sibh ag tabhairt deachúna den mhismín agus den rú agus de na luibheanna uile, agus faillí á déanamh agaibh sa cheart agus i ngrá Dé; ba cheart daoibh iad siúd a chur i ngníomh, gan neamh-aird a bheith agaibh ar an gcuid eile. 43Is mairg daoibh, a Fhairiséacha! Mar níl ní is fearr libh ná an suíochán is fearr sa tsionagóg agus an slua ag beannú daoibh i sráid an mhargaidh. 44Is mairg daoibh! Mar tá sibh mar uaigheanna nach bhfeictear, a siúlann daoine os a gcionn gan fhios.”
45Thug fear de na dlíodóirí freagra air, “A Oide, tugann tú achasán dúinne freisin, a grá an mhéid sin.” 46Agus dúirt sé, “Is mairg daoibh freisin, a dhlíodóirí! Mar leagann sibh ualaí troma do-iompair ar dhaoine, agus ní thógann sibhse na hualaí le méar de bhur méara. 47Is mairg daoibh! Mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe ar mharaigh bhur n‑aithreacha iad. 48Dá bhrí sin is finnéithe sibh ag toiliú le gníomhartha bhur n‑aithreacha; mar is iad a mharaigh iad agus is sibh a thógas a dtuamaí. 49Dá bhrí sin dúirt eagna Dé, ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus maróidh siad agus cuirfidh siad géarleanúint ar chuid acu,’ 50go dtí go n‑agrófar ar sileadh dʼfhuil na bhfáithe ó bhunú an domhain ar an nglúin seo, 51ó fhuil Abel go fuil Shecaría, a maraíodh idir an altóir agus an sanctóir. Is ea, táim ag insint daoibh go n‑agrófar ar an nglúin seo í. 52Is mairg daoibh, a dhlíodóirí! Mar tá eochair an eolais curtha i bhfolach agaibh; ní dheachaigh sibh féin isteach ann agus bhí sibh in bhur dtoirmeasc ag an dream a bhíodh ag dul isteach.”
53Nuair a bhí sé ag imeacht as an áit, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chur go crua air, agus á ghríosadh chun labhairt faoi mhórán nithe, agus iad ag fuireachas leis, le breith ar rud dá ndéarfadh sé.

Currently Selected:

Lúcás 11: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in