Gníomhartha 9
9
1Ach an méid a bhain le Sáúl, shéid air go fóill ag bagairt dochar agus dúnmharú dheisceabal an Tiarna, agus chuaigh sé go dtí an t‑ardsagart 2gur iarr air litreacha a scríobh chuig sionagóga na Damaisce, ag údarú dó daoine ar bith dá bhfaigheadh sé, bíodh siad ina bhfir nó ina mná, a chloígh leis an gCúrsa, a dtabhairt leis i ngeimhle go hIarúsaléim. 3Ansin nuair a bhí sé ar a aistear agus e ag druidim leis an Damaisc, tháinig solas lonrach go tobann ina thimpeall. 4Thit sé leis sin go talamh, agus chuala sé an glór á rá leis, “A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú ag déanamh géarleanúna orm?” 5Agus ar seisean, “Cé tú féin, a Thiarna?” Agus dúirt seisean, “Is mise Íosa, a mbíonn tú ag déanamh géarleanúna air; 6ach éirigh i do sheasamh agus gabh isteach sa chathair, agus inseofar duit cad é a bheas le déanamh agat.” 7Dʼfhan a chomhthaistealaithe gan labhairt, ó chuala siad fuaim an ghlóir gan aon duine a fheiceáil. 8Dʼéirigh Sáúl den talamh; agus nuair a osclaíodh a shúile, níor fhéad sé ní ar bith a fheiceáil; mar sin treoraíodh isteach chun na Damaisce é ar ghreim láimhe. 9Agus dʼfhan sé i rith trí lá gan amharc na súl aige, agus gan é ag ithe ná ag ól.
10Anois bhí deisceabal sa Damaisc a raibh Ananias mar ainm air. Dúirt an Tiarna leis in aisling, “A Ananias.” Agus ar seisean, “Seo anseo mé, a Thiarna.” 11Agus dúirt an Tiarna leis, “Éirigh agus gabh go dtí an tsráid a dtugtar An tSráid Dhíreach air, go teach Iúdáis agus cuir tuairisc fir as Tarsus a bhfuil Sáúl mar ainm air; mar bʼshiúd ag guíodóireacht é, 12agus é i ndiaidh fear darb ainm Ananias a fheiceáil ag teacht isteach agus ag leagan a lámh air ionas go bhfaighe sé amharc na súl arís.” 13Ach ba é a dʼfhreagair Ananias, “A Thiarna, chuala mé ó mhórán i dtaobh an duine sin, cad é an scrios atá déanta aige ar do naoimh atá in Iarúsailéim; 14agus tá údarás aige anseo ó na hardsagairt chun gach duine dá ngaireann ar dʼainm anseo a cheangal.” 15Ach is é a dúirt an Tiarna leis, “Imigh, mar is soitheach tofa agam féin é le mʼainm a iompar os comhair na nGintlithe agus na ríthe agus os comhair chlann Iosrael; 16mar nochtfaidh mé dó an méid a chaithfeas sé a fhulaingt mar mhaithe le mʼainmse.” 17Mar sin dʼimigh Ananias go ndeachaigh isteach chun an tí. Agus leag sé a lámha air agus dúirt sé, “A Sháúl, a bhráthair liom, is é an Tiarna losa, a nocht duit ar do bhealach go dtí seo, a chuir chugat mé ionas go bhfaighe tú amharc do shúl agus go líontar den Spiorad Naomh thú.” 18Agus leis sin thit mar a bheadh lanna dá shúile agus fuair sé amharc na súl arís. Dʼéirigh sé ansin, agus baisteadh é, 19agus chaith sé bia agus neartaíodh leis.
Chaith sé dornán laethanta i gcuideachta na ndeisceabal a bhí sa Damaisc. 20Agus gan aon mhoill chuaigh sé a fhógairt Íosa sna sionagóga, ag dearbhú, “Is é Mac Dé é.” 21Agus bhí iontas ar ar chuala é, agus dúirt siad, “Nach é sin an fear a rinne léirscrios in Iarúsailéim ar an dream a ghlaodh ar an ainm sin? Agus is chuige sin a tháinig sé anseo, le hiad a cheangal agus a thabhairt os comhair na n‑ardsagart.” 22Ach ba mhóide a chuaigh Sáúl i dtreise, agus chuir sé coiscreamh faoi na Giúdaigh a bhí ina gcónaí sa Damaisc ag cruthú gurbh é Íosa an Críost.
23Nuair a bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart, chuir na Giúdaigh comhcheilg ina suí le bás a imirt air, 24ach fuair Sáúl fios ar a gcomhcheilg. Bhí garda oíche agus lae ar na geataí, lena mharú; 25ach ghlac a dheisceabail é san oíche agus lig siad síos thar bhalla na cathrach é, á ísliú i gcliabh.
26Nuair a shroich sé Iarúsailéim thug sé iarracht ar dhul i gcuideachta na ndeisceabal; ach bhí eagla orthu uile roimhe, ó nár chreid siad gur dheisceabal é. 27Ach ghlac Barnabas é, gur thug leis chuig na haspail é, agus gur dhearbhaigh dóibh conas a chonaic sé an Tiarna ar an tsli, agus faoin gcaint a labhair sé leis, agus cad é chomh neamh-eaglach agus a rinne sé seanmóireacht sa Damaisc in ainm Íosa. 28Mar sin de, bhíodh sé ag teacht agus ag imeacht eatarthu in Iarúsailéim, 29agus é ag seanmóireacht go dána neamheaglach in ainm Íosa. Agus bhí caint agus conspóid aige le lucht labhartha na Gréigise; ach is é rud, bhí siadsan ag iarraidh é a mharú. 30Agus nuair a fuair na bráithre fios air sin, thug siad síos leo é go Caesaríá, gur chuir chun bealaigh go Tarsus é.
31Mar sin ar fud Iúdaea agus Galailí agus Samária bhí síocháin ag an eaglais agus neartaíodh léi; agus chuaigh sí i líonmhaireacht ó bhí a hiompar lán dʼómós do Dhia agus de shólás ón Spiorad Naomh.
32Anois bhí Peadar ag siúl na n‑áiteanna uile, agus sa tslí dó tháinig sé anuas chuig na naoimh a raibh cónaí orthu i Lidda. 33Fuair sé fear ansin a raibh Aenéas mar ainm air, a bhí in otharluí ocht mbliana agus a raibh an phairilis air. 34Agus arsa Peadar leis, “A Aenéas, tá Íosa Críost do do leigheas; éirigh agus cóirigh do leaba.” Agus dʼéirigh sé ar an móimint. 35Agus chonaic áitreabhaigh Lidda agus Sheáráin é, agus thiontaigh siad chuig an Tiarna.
36Anois bhí deisceabal mná in Ioppa a raibh Tabita nó Dorcas mar ainm uirthi, a chiallaíos gasail nó eilit shléibhe. Bhíodh sí lán de dhéirc agus a lán dea-oibreacha a ndéanamh aici. 37Ach sna laethanta úd tháinig breoiteacht uirthi a thug a bás; agus níodh an corp agus cóiríodh é os cionn cláir i seomra in uachtar an tí. 38Ó bhí Lidda cóngarach do Ioppa, agus ó chuala na deisceabail go raibh Peadar ansin, chuir siad beirt fhear chuige ag cur impí air, “Tar anuas chugainn gan mhoill ar bith, le do thoil.” 39Dʼéirigh Peadar mar sin agus chuaigh sé leo. Agus nuair a shroich sé an áit, tugadh suas chun an tseomra é in uachtar an tí. Agus bhí na baintreacha uile go léir ina seasamh roimhe, agus iad ag sileadh deor, agus ag taispeáint na bhfallaingeacha agus na n‑éadaí a bhí déanta ag Dorcas nuair a bhí sí acu. 40Ach chuir Peadar iad uile amach as an seomra, agus chuaigh sé ar a ghlúine go ndearna sé urnaí; thug sé aghaidh ar an gcorp ansin agus ar seisean, “A Thabita, éirigh suas.” Agus dʼoscail sí a súile, agus nuair a chonaic sí Peadar dʼéirigh sí ina suí. 41Agus shin sé a lámh chuici agus thóg sé í. Ghlaoigh sé ansin isteach ar na naoimh agus na baintreacha gur thaispeáin sé dóibh í ina beatha. 42Agus ní raibh duine in Ioppa a raibh sin ceilte air, agus chreid mórán sa Tiarna dá thairbhe. 43Agus dʼfhan sé in Ioppa tamall maith de laethanta i dteach súdaire a raibh Síomón mar ainm air.
Currently Selected:
Gníomhartha 9: OC1970
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland