Gníomhartha 4
4
1Agus nuair a bhí siadsan ag labhairt na mbriathra seo leis na daoine, tháinig na sagairt agus ceannfort an teampaill agus na Sadúcéigh orthu, 2agus fíoch orthu leo as bheith ag teagasc na ndaoine agus ag foilsiú gur in Íosa a bhí an t‑aiséirí ó mhairbh. 3Agus ghabh siad iad agus rinne siad príosúnaigh díobh go dtí an lá ina dhiaidh sin, ó bhí an tráthnóna ann cheana. 4Ach chreid mórán de na daoine a chuala an briathar; agus bhí siad faoi chúig mhíle fear ann.
5Lá arna mhárach cruinníodh le chéile in Iarúsailéim a rialtóirí agus a seanóirí agus a scríobhaithe, 6agus Annas an t‑ardsagart agus Caiafas agus Eoin agus Alastair, agus an dream uile a raibh fuil na n‑ardsagart iontu. 7Chuir siad iad amach ansin ina seasamh i lár an tslua, agus dʼfhiafraigh siad díobh, “Cad í an chumhacht nó cad é an t‑ainm a ndearna sibh sin tríothu?” 8Arsa Peadar leo ansin, agus é lán den Spiorad Naomh, “A rialtóirí na ndaoine agus a sheanóirí, 9má táimid an lá seo dár gceistiú i dtaobh dea-ghnímh a rinneadh ar chláiríneach, agus i dtaobh na caoi ar leigheasadh é, 10tugtar le fios daoibhse, agus do mhuintir Iosrael go hiomlán, gur trí ainm Íosa Críost as Nasair, an té ar chéas sibh é agus ar ardaigh Dia ó mhairbh é, gur trídsean atá an fear seo ina sheasamh os bhur gcoinne agus é ina shláinte. 11Is í sin an chloch dár dhiúltaigh sibhse, a bhí in ainm a bheith in bhur saoir, a ndearnadh cloch an chúinne di. 12Agus níl an slánú síoraí le fáil in aon duine eile, mar níl aon ainm eile á lua ag na daoine faoi spéartha neimhe a gcaithfimid bheith dár slánú tríd.”
13Anois nuair a chonaic siad an t‑uchtach a bhí ag Peadar agus ag Eoin, agus nuair a thug siad faoi deara gur daoine gan foghlaim ná léann leabhar iad, bhí iontas orthu; agus dʼaithin siad orthu gur choinnigh siad cuideachta le hÍosa. 14Ach nuair a chonaic siad an fear a leigheasadh ina sheasamh taobh leo, níor fágadh focal acu le rá ina éadan sin. 15Ach dʼordaigh siad dóibh imeacht i leataobh amach as an gcruinniú agus ghlac siad comhairle le chéile, 16agus dúradh, “Cad é a dhéanfaimid leis na fir seo? Rinneadh comhartha a mbeidh cuimhne air tríothu, agus is léir sin dá bhfuil ina gcónaí in Iarúsailéim, agus ní féidir linn a bhréagnú. 17Ach sa chruth nach scaiptear an scéal a thuilleadh i measc na ndaoine, tugaimis rabhadh dóibh gan focal a labhairt níos faide le haon duine in ainm an duine sin.” 18Mar sin de, ghlaoigh siad orthu agus dʼordaigh siad go dian dóibh gan labhairt ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa. 19Ach ba é an freagra a thug Peadar agus Eoin orthu, “Más ceart i súile Dé umhlú daoibhse agus bheith easumhal do Dhia, bíodh bhur mbreithiúnas féin agaibh air; 20ni lúide ní féidir linne gan labhairt faoin méid a chonaiceamar agus a chualamar.” 21Bhagair siad orthu a thuilleadh, agus lig siad saor ansin iad, ó nach raibh caoi acu le pionós a chur orthu, le heagla roimh na daoine; mar bhídis uile ag moladh Dé faoinar tharla. 22Mar bhí an fear a ndearnadh an comhartha sin slánaithe air thar daichead bliain dʼaois.
23Nuair a ligeadh saor iad chuaigh siad go dtí a gcairde gur inis dóibh cad é a dúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo. 24Agus nuair a chuala siad sin, dʼardaigh siad uile le chéile a nglórtha le Dia agus ar siad, “A Ard-Tiarna, a Chruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu, 25a dúirt trí bhéal ár n‑athar Dáibhí, do sheirbhíseach, tríd an Spiorad Naomh,
‘Cad chuige a raibh fraoch ar na náisiúin,
cad chuige a raibh na ciníocha ag beartú baoise?
26Bhi ríthe an talaimh á gcóiriú féin chun catha,
agus na taoisigh ag cruinniú le chéile,
in aghaidh an Tiarna agus in aghaidh a Ungthaigh’—
27mar is scéal fíor é gur cruinníodh sa chathair seo in aghaidh do naomhsheirbhísigh Íosa, a bhí ungtha agat, Iorua maraon le Pointias Píoláid, agus na Gintlithe agus muintir Iosrael leo, 28ionas go ndéanfadh siad an ní a bhí i ndán dóibh a dhéanamh, mar a dʼordaigh do lámh agus mar a shocraigh do chomhairle roimh ré. 29Agus anois, a Thiarna, féach ar a bhfuil á bhagairt acu, agus deonaigh do do sheirbhísigh an briathar a labhairt go lánuchtúil, 30agus sín amach do lámh san am céanna ag leigheas, agus bíodh comharthaí agus iontais á n‑oibriú trí ainm do naomh-sheirbhísigh Íosa.” 31Agus ní luaithe an phaidir sin ráite acu ná baineadh crith as an talamh a raibh siad le chéile ina seasamh air, agus líonadh iad uile go léir leis an Spiorad Naomh agus labhair siad briathar Dé go dána neamh-eaglach.
32Anois ní raibh ach aon chroí amháin agus aon anam amháin ag comhthionól agus cuideachta na gcreidmheach, agus ní bhíodh aon duine acu ag maíomh gur leis féin aon ní dá mbíodh ina sheilbh, ach bhídis i gcomhroinn agus i gcomhsheilbh san uile ní. 33Agus ba chumasach cumhachtach a thug na haspail a bhfianaise faoi aiséirí an Tiarna Íosa, agus bhí grásta Dé go mór agus go flúirseach orthu. 34Ni raibh aon riachtanas ar aon duine eatarthu, mar dhíoladh an méid a raibh tithe nó tailte ina seilbh iad, agus bheiridís an t‑airgead a dʼfhaighidís orthu 35agus chuiridís síos é ag cosa na n‑aspal; agus bhítí á roinnt ansin le gach duine a raibh riachtanas air leis. 36Bʼamhlaidh do Bharnabas (Mac an mhisnigh is ciall don ainm sin) a bhí ina Lébhíteach a raibh cónaí air sa Chipir, mar dhíol seisean páirc a bhí aige, agus thug sé an t‑airgead leis, gur chuir síos ag cosa na n‑aspal é.
Currently Selected:
Gníomhartha 4: OC1970
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland