YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 11

11
1Chuala na haspail agus na bráithre a bhí in Iúdaea ansin go raibh glactha le briathar Dé ag na Gintlithe freisin. 2Mar sin nuair a tháinig Peadar aníos go hIarúsailéim, chuaigh an aicme a bhí i leith timpeallghearrtha a fháil locht air, 3ag fiafraí de, “Cad chuige duit dul chuig daoine neamhthimpeallghearrtha agus bia a chaitheamh ina gcuideachta?” 4Ach thosaigh Peadar agus mhínigh sé dóibh tríd síos é: 5“Bhí mé i gcathair Ioppa agus mé ag urnaí; agus i dtámhnéal dom chonaic mé aisling, árthach ag tuirlingt, mar a bheadh bráillín mhór ann á ligean anuas ó neamh lena ceithre choirnéal; agus tháinig sí anuas go dtí an áit a raibh mé. 6Nuair a dʼfhéach mé uirthi go grinn chonaic mé idir ainmhithe ceathairchosacha agus bheithigh allta agus phéisteanna an talaimh agus éanlaith an aeir. 7Agus chuala mé an glór á rá liom, ‘Éirigh, a Pheadairʼ maraigh agus ith do shá.’ 8Ach dúirt mé féin, ‘Ní dhéan-fáidh mé sin choíche, a Thiarna; mar níor bhlais mé riamh aon bhia salach nó neamhghlan.’ 9Ach dʼfhreagair an glór an dara huair ó neamh, ‘Ní ceadmhach duit neamhghlan a thabhairt ar an ní ar ghlan Dia e.’ 10Tharla sin faoi thrí, agus ansin tarraingíodh aníos go neamh é uile. 11Ba sa mhóimint chéanna sin a shroich triúr fear an teach a rabhamar ann, ar theachtaireacht chugam ó Chaesaríá. 12Agus dʼordaigh an Spiorad dom dul leo, gan aon idir-dhealú a dhéanamh. Chuaigh an seisear bráthair seo liom freisin, go ndeachamar isteach go teach an duine úd. 13Agus dʼinis sé dúinn conas a chonaic sé an t‑aingeal ina sheasamh ina theach agus á rá leis, ‘Cuir teachtairí uait go hIoppa ar fhios Shíomóin dá ngairtear Peadar; 14is é a fhoilseos daoibh an teachtaireacht a shlánós sibh, idir thú féin agus lucht do theaghlaigh.’ 15Nuair a thosaigh mé ar labhairt, thit an Spiorad Naomh orthu, ar an nós céanna agus a thit sé orainn i dtús ama. 16Agus chuimhnigh mé ar bhriathar an Tiarna, agus ar conas mar a dúirt sé, ‘Bhí Eoin ag baisteadh le huisce, ach baistfear sibhse leis an Spiorad Naomh.’ 17Más rud é mar sin gur thug Dia an tíolacadh céanna dóibh a thug sé dúinne san am a chreideamar sa Tiarna Íosa Críost, cé a bhí ionam féin go bhféadfainn cosc a chur le Dia?” 18Nuair a chuala siad sin, ní raibh focal le rá acu ina éadan. Agus thug siad glóir do Dhia, á rá, “Mar sin de tá Dia tar éis aithreachas chun na beatha síoraí a bhronnadh ar na Gintlithe freisin.”
19Anois chuaigh an dream a bhí scaipthe de bharr na géarleanúna faoi Stiofán chomh fada leis an bhFéinícia agus leis an gCipir agus le hAntíoc, gan iad briathar Dé a labhairt ach leis na Giúdaigh amháin. 20Ach bhí cuid acu, fir as an gCipir agus as Círéne, a labhair leis na Gréagaigh freisin i ndiaidh Antíoc a shroicheadh, ag seanmóireacht an Tiarna Íosa. 21Agus bhí lámh an Tiarna leo, agus chreid cuid mhór agus thiontaigh siad chuig an Tiarna. 22Tháinig an scéal sin i gcluasa na heaglaise in Iarúsailéim, agus chuir siad Barnabas go hAntíoc. 23Nuair a tháinig sé ansin, agus chonaic sé grásta Dé, bhí áthas air; agus bhrostaigh sé iad uile le fanacht dílis don Tiarna agus le bheith daingean ina rún; 24mar ba dhea-dhuine é, agus é lán den Spiorad Naomh agus den chreideamh. Agus cuireadh mar sin go mór leis an dream a ghéill don Tiarna. 25Chuaigh Barnabas ansin go Tarsus ar thuairisc Sháúl; 26agus nuair a tháinig sé air, thug sé leis é go hAntíoc. Chaith siad bliain dhruidte ag teacht le chéile leis an eaglais, agus theagasc siad slua mór daoine; agus ba in Antíoc a tugadh Críostaithe ar na deisceabail den chéad uair.
27Ba sna laethanta úd a tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAntíoc. 28Dʼéirigh duine acusan a raibh Agabas mar ainm air agus rinne sé fios tríd an Spiorad agus réamh-fhoilsigh sé gorta mór ar fud an domhain; ní a tharla in am Chlaudius. 29Agus ghlac na deisceabail rún go dtabharfadh siad tarrtháil, gach duine de réir a acmhainne, ar na bráithre a raibh cónaí orthu in Iúdaea; 30agus rinne siad amhlaidh, á chur i lámha Bharnabas agus Sháúl lena thabhairt do na seanóirí a bhí ansin.

Currently Selected:

Gníomhartha 11: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in