Romhánach 4
4
Caibidil IV
Gurab tré Chreideamh amhain, do mheasadh gach duine, firinneach.
1Uime sin créd a déaram, go fuáir Abraham ar nathair, do réir na feola? 2Oír más ó oibreacha do sáoradh Abraham, atá adhbhar máoidhfeachuis aige; achd ní a dtáobh De. 3Oír créd a deir an sgriobtur? Do chreid Abraham do Dhía, agus domeasadh sin dó már fhíréantachd. 4Achd don té do ní obuir ní do réir ghrás mheasdar túarasdal dó, achd dó réir fhíach. 5Achd don té nach déineann obair achd chreideas ann sa ti sháorus an duine neamhdhíadha, measdar a chreideamh mar fhíréantachd. 6Amhail a deir Dáibhí mar an gcéudna, Gur beannuighe an duine dá measánn Día fíréantachd gan oibreacha. 7Ag rádh is beannuighe an dream agá bhfuil a ndroichghníomhartha ar na maitheamh dhóibh, agus agá bhfuilid a bpeacuigh ar na bhfolach. 8Is beannuighe an té ag nach ccuírfí an Tighearna peacadh na leith.
9Ar a nadhbharsin an ann sa timcheallghearradh amháin atá an beannachdadhsa, nó fós ann sa neamhthincheallghearradh? óir a deirmíd gur measadh a chreideamh Dábraham mar fhiréantachd. 10Maseadh cionnas do measadh dhó é? a né a núair do bhi sé sa timcheallghearradh, nó a núair nach raibh? Ní ann sa timchillghearradh, achd ann sa neamhthimchillghearradh. 11Agus do ghlac sé comhartha an timchillghearrtha, séula fíréantachda an chreidimh do bhí aige an sa neamhthimcheallghearradh: ionnus go mbeith sé na athair ag gach áon do chreidfeadh san neamhthimchillghearradh; do chum go measfuidhe fíréantachd dhóibhsean mar an gcéudna: 12Agus na athair an timchillgearrtha ní hé amháin don dreim atá don timchillghearradh, achd mar an gcéudna don dreim leanas lurg chreidimh ar nathar Abraham, noch do bhí aige ann sa neamhthimchillghearradh.
13Oír ní tré san dligheadh, do rinneadh an gealladh, Dabraham, nó dbá shliochd, go mbiadh sé na oighre ar an domhan, achd tré fhiréantachd an chreidimh. 14Oír má atá muinntir an dlighe na noidhrighibh, atá an creideamh ar na dhéunamh diomháoin, agus an gealladh neamhthabhachdach: 15Do bhrígh go noibrigheann an dligheadh fearg: óir gidh bé áit nach bhfuil dligheadh, ní bhfuil bríseadh dlighe ann sin. 16Uime sin is ó chreideamh, ata a noidhreachd, ionnus go mbíadh si tré ghrasuibh; chum na geallamhna do bheith diongmhála don tsíol uile; ní hé amháin don chuid atá don dligheadh, achd mar an gcéudna don chuid atá do chreideamh Abraham; atá na athair aguinne uile. 17(Mar atá sgríobhtha, Do órduigh mé thú ad athair do chineadhachuibh iomdha,) a bhfíadhnuisi Dé, dar chreid sé, noch a bhéodhuigheas na mairbh, agus ghoireas na neithe nach bhfuil amhail as do bheidis ann. 18Abraham noch do chreid fa dhóthchus a naghuidh dóthchúis, go mbiadh sé na athair iomad cineadhach, do réir mar a dubhradh, Is mar sin bhías do shíolsa. 19Agus ar mbeith neimhmeirbh dhó a gcreideamh, níor chuir sé íona suim go raibh a chorp féin cheana gan spracadh, ar mbeith dhó a dtimcheall chéd blíadhan, na fós a neimhmbrioghmhuireachd bhronn Shára: 20Agus níor chuir se cunntabhairt a ngealladh Dé lé míchreideamh; achd do neartuigheadh é a gcreideamh, ar dtabhairt ghlóire do Dhía; 21Agus do bhí a láindeimhin aige, an té thug an gealladh, gur cúmhachdach é ar choimhlíonadh. 22Ar a nadhbharsin do measadh so dhó mar fhíreantachd. 23Gidheadh ní ar a shonsan amháin do scríobhadh, gur measadh so dhó; 24Achd már an gcéudna air ar soinne, dá measfuighear é, ma chreidmíd ann sa té do dhúisigh Iosa ar Dtighearna ó mharbhuibh; 25Noch do bhásuigheadh air son ar gciontaine, agus do haithbheódhuigheadh chum sinne sháoradh.
Currently Selected:
Romhánach 4: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)