Romhánach 3
3
Caibidil III
O sharuigh na Iuduighe an reachd, 28 sé creideamh is didean dóibhsi, agus do na Cineadhachaibh.
1Maseadh cred é an bárr atá ag an Iúduidhe? nó créd é tarbha an timcheallghearrtha? 2Is mór é ar gach áonchor: a chéadúair, do bhrígh gur ríusan do tháobhadh bhríathra Dé. 3Oír créd é an chúis má nár chreideadar dream áirighe dhíobh? a ndéuna a neamhchreideamhsan fírinne Dé gan eifeachd? 4Nár léige Día sin: achd, bíodh Día fírinneach, agus gach uile dhuine bréugach; mar atá sgríobhtha, Ar chor go sáorfuidhe thú ad bhríathruibh, agus go mbeartha buáidh an tan bheireas tú breith.
5Achd má neartuigheann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An bhfuil Día éagcórach do ní dioghaltus? (mar dhuine labhruim.) 6Nár léige Día sin: oir don táobh eile cionnas bhias Día na bhreitheamh ar a tsáoghal? 7Oír má mhéudaighe fírinne Dé trém bhréigsi chum a ghlóiresion; créd fá a ndamantar misi fós mar pheacthach? 8Agus créd fá nach déanámaoid uile, ionnus go dtiocfadh maithe dhíobh, (do réir mar mhaslaighthear sinne, agus mar a deirid dáoine áirighe) ar a dtig damnúghadh ó cheart, go nabramáoid?
9Créd eile má seadh? an bhfuilmídne ag breith bháirr? Ní bhfuilmíd, ar éanchor: óir do shuigheamar roimhe so na Iúduighe agus na Gréaguigh uile, do bheith fá pheacadh; 10Mar atá sgríobhtha, Ní bhfuil firéun ann, fós, ní bhfuil, áonnduine: 11Ní bhfuil neach ann thuigeas, ní bhfuil neach íarrus Día. 12Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh mítharbhach; ní bhfuil neach ann do dhéunadh maith, ní bhfuil, go héinneach. 13As uáimh osguilte a sgórnach; do rinneadar meabhail lé na dteangthuibh, atá neimh na naithreach neimhe fa na bposuibh: 14Agá bhfuil a mbéul lán do mhallachdaibh agus do shearbhas: 15Atáid a gcosa lúath chum fola dhórtadh: 16Agá bhfuil briseadh croídhe agus anshógh ann a slighthibh: 17Agus nior aithnigheadar slighe na siothchána: 18Ní bhfuil eagla Dé a bhfiadhnuisi a súl.
19Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labhrus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé. 20Ar a nadhbharsin ní sháorfuidhthear éinneach na fhíadhnuisision ó oibrighibh an dlighe: óir is trés an dligheadh tig aithne an pheacuigh.
21Achd a nois a néagmhuis a dlighe atá ceart Dé ar na dhéunamh follas, ar na dhearbhadh lé fíadhnuisi an dlighe agus na bhfáidheadh; 22Ceart Dé a deirim tré chreideamh Iósa Críosd dá gach áonduine agus ar gach áon chreideas: óir ni bhfuil eidirdhéalughadh ann: 23Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé; 24Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd: 25Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé; 26Chum a fhiréantachda féin dfoillsiughadh ann sa naimsirsi do lathair ionnus go mbíadh sé féin ceart, agus go sáorfadh sé an té atá do chreideamh Iósa.
27Ar a nadhbharsin cáit a bhfuil an mhórdhháil? Atá sí ar na cur amach. Cía an dligheadh? an tré dhligheadh na noibreacha? Ní headh, achd tré dhligheadh an chredimh. 28Measamuid ar a nadhbharsin gur lé creideamh sháorthar an duine a néagmhuis oibreach an dlighe. 29An leis na Iúdaighibh amháin Día? a né nach leis na Cineadhachuibh é mar an ccéadna? Go deimhim a sé Día na Gcineadhach é leis: 30Oír is éin Ndía sháorfas an timcheallghearradh ó chreideamh, agus an neamhthimcheallghearradh tré chreideamh. 31Uime sin a ndéunmáoid an dligheadh neamhthabhachdach tré san gcreideamh? Nár léige Día sin: achd fós, neartuighemíd an dligheadh.
Currently Selected:
Romhánach 3: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)