YouVersion Logo
Search Icon

Psailm 16

16
Psalm XVI.
Tearmúnn, comhluadar, agus aoibhneas Dháibhi tar eís nа heiseirghe.
Psalm órdha Dháibhi.
1Cumhduigh mé, ó a Dhé: óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh.
2O mo anam, a dubhairt tú ris an TTIGHEARNA, Is tú mo Thighearna: ní roichionn mo mhaith chugadsa;
3Acht chum na náomh atá air talamh, agus chum na noirdhearc, iona bhfuil mo uile thaitneamh.
4Méideochar a ndóbhrón, noch bhrostuighios a ndiáigh día oile: a ndeochíodhbartha fola ni ofrála mé, ní thógfa mé súas a nainm chum mo phus.
5Isé an TIGHEARNA comhroinn moighreachda agus mo chupáin: cothuighionn tú mo chrannchair.
6Do thuiteadar na comharthadha chugamsa a nionaduibh thaitneamhacha; fós, atá oighreachd mhaith agum.
7Beinneocha mé an TIGHEARNA, noch thug comhairle dhamh: do thegaisgeadar mo dhubháin mé mar an ccéadna a naimsir na hoidhche.
8Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.
9Uime sin atá mo chroidhe lúathgháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir: coimhneochuidh mo cholann mar an ccéadna a ndóthchus.
10Oír ní fhágfa tú manam a nifrionn; ní mó fhuileongthair truáilliughadh dfaicsin dot Aon Naomhtha féin.
11Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.

Currently Selected:

Psailm 16: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in