YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 7

7
Caibidil VII
Gan áithne Dé chur ar gcúl, le fúarghnáthuighthibh na sean.
1Agus do cruinnigheadar na Phairisínigh chuige, agus cuid do na sgríobuidhibh tháinic ó Iarusaléim. 2Agus ar bhfaicsin dóibh go ndithadar cuid dá dheisciobluibhsion arán lé lamhuibh coitchionna, (eadhón, gan ionnladh,) do rinneadar gearán. 3(Oír ni ithid na Phairisínigh, agus na Iúduighe uile bíadh, muna nionnlaid síad a lámha go minic, ag coimhéd órduighthe na sinnsior. 4Agus ar dteachd ón mhargadh, muna nionnlaid, ni ithid siád. Agus a táid móran do neithibh eile, do ghabhadar orra do choimhéud, már a tá níghe na gcopan, agus na bpotadh, agus na soightheach práis, agus na leabthath.)
5Do fhíafruigheadar na Phairisinigh agus na sgríobuidhe dhe tar éis sin, Créd fá nách siubhluid do dheisciobluilsi do réir órduighthe na sinnsior, achd ithid arán lé lamhuibh gan ionnladh? 6Agus do fhreagair seision agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach is maith do rinne Isaías fáidheadóireachd bhar dtimcheall a luchd an fhúarchrabhuidh, mar a tá sgríobhtha, Onóruighid an pobal so mé le na bpusuibh, achd a tá a gcroidhe a bhfad úaim. 7Achd is díomháoineach do níd seirbhís damhsa, ag teagasg aitheantadh na ndaoine mar theagasg. 8Oír air dtréigean áithne Dé, gabhuidh sibh órdughadh na ndáoine mar a tá nighe na bpotadh agus na gcupan: agus do níthí mórán dó neithibh eile is cosmhail ríu so. 9Agus a dubhairt sé ríu, Is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, ionnas go gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin. 10Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin; agus, Gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é: 11Achd a deirthísi, Dá nabradh éin neach ré na athair ní ré na mháthair, Corbán (éadhón, an tiodhlacadh,) do bheirimsi úaim; rachaidh sé a dtarbha dhuitsi. 12Agus ní léigthí dhó as sin a mach ní sa mhó do dhéunamh dá athair no dhá mháthair féin; 13Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin, agus is mór dá leitheidibh so do níthí.
14Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh: 15Ní bhfuil ní ar bith ar an dtáobh a muigh don duine, théid a sdeach ann lé nab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as a mach, as íad sin na neithe shalchas an duine. 16Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé. 17Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh ón tslúagh, do chuireadar a sheisciobuil ceisd air a dtimcheall na cosamhlachda. 18Agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne nach dtuigthí, gidh bé ní don táobh a muigh théid a sdeach sa duine, nach éidir leis eisean do shalchadh? 19Oír ní théid sé a sdeach ann a chroidhe, achd ann a bholg, agus téid sé a mach sa chamra, ghlanus a nuile bhíadh? 20Achd a dubhairt sé, An ní théid amach as an duine, as é sin shalchus an duine. 21Oir is ón táobh a sdigh, ó chroidhe na ndáoine, thigid na drochsmúaintighe, adhaltrannas, sdríopachus, dúnmharbhtha, 22Goid, sainnt, aingídheachd, mealltóireachd, míonáire, drochshúil, blaisphéime, úabhar, amadanachd: 23Tigid na huilesi uile ón táobh a sdigh, agus salchuid an duine.
24Agus ar néirghe dhó as sin, do chúaidh sé go críochaibh Thírus agus Shídon, agus ar ndul a sdeach a dtigh dhó, nír bháill leis duine ar bith dfagháil a fheasa: gidheadh nír bhéidir leis bheith a bhfolach. 25Oír an tan do chúalaidh bean da tháoibh, agá raibh spiorad neamhghlan an a hinghin óg, táinic sí agus do léig sí í féin síos agá chosaibh: 26(Do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul;) agus do ghuidh sí é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin. 27Achd a dubhairt Iósa ría, Fulaing ar tús an clann do sháithiughadh: oír ní hiomchubhuigh arán na cloinne do ghlacadh, agus a theilgean chum na gcoiléun. 28Achd do fhreagair sisi, agus a dubhairt sí ris, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh ithid na cuiléin fáoi an mbórd do sbrúileach na leanabh. 29Agus a dubhairt seisean ríasi, Ar son na cainnti so imthigh romhad; do chúaidh an deamhan a mach as hinghin. 30Agus do chúaidh sí dhá tigh, agus fúair sí an deamhan a nimtheachd, agus a hinghean na luighe ar a leabuidh.
31Agus do fhill sé a ris ó theórannuibh Thíruis agus Shídon, agus táinic sé go fairrge na Galilé, tré lár chríochaibh Dhecapolis. 32Agus tugadar duine bodhar balbh chuige; agus do íarradar air a lámh do chur air. 33Agus ar na bhreith leis fó leith ón phobal, do chuir sé a mhéir ann a chlúasaibh, agus ag seileagh dhó, do bhean sé ré na theanguidh; 34Agus ar bhféachain súas ar neamh, do léig sé osnadh, agus a dubhairt sé ris, Ephphatha, éadhon, Bí osgailte. 35Agus ar an mball do hosgladh a chlúasa, agus do sgáoileadh cuibhreach a theangadh, agus do labhair sé go ceart. 36Agus do aithin sé dhíobh gan sin dinnisin déainneach: achd ni bhfuil dá mhéud dá dtoirmíosgadh seisean, nach móide go mor dfoillsighidsion é; 37Agus do ghabh iongantus romhór íad, agus a dubhradar, Do rinne sé gach uile ní go maith: do bheir sé fá deara go gcluinid na bodhair, agus go labhruid na bailbh.

Currently Selected:

Marcus 7: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in