YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 6

6
Caibidil VI
Tug Críosd cumhachd da dheiscionlaibh ar na spioraduibh neamhghlana; 48 agus shiobhail sé ar an fhairge.
1Agus do imthigh sé as sin, agus táinic sé dhá thír féin; agus do leanadar a dheisciobuil fein é. 2Agus an tan tháinic an tsabbóid, do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh ann sa tsínagóig: agus do ghabh iongnadh mórán dá gcúalaidh é, ag rádh, Créd as a dtigid na neitheisi chum an fhirsi? agus créd í a neagna so tugadh dhó, ionnas go ndéuntar a leitheide so do shubhailcighibh tré na lámhuibh? 3An né nach é so an sáor úd, mac Mhuire, agus dearbhráthair Shéumais agus Iosés, agus Iúdais agus Shímóin? agus an né nach bhfuilid a dheirbhsheathracha ann so eadruinne? Agus fúaradar oilbhéim ann. 4Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil fáidh gan mheas, achd an a thir féín, agus eidir a dháonibh gáoil, agus an a thigh féin. 5Agus níor bhéidir leis súbhailcighe ar bith do dheunamh ann sa náit sin, achd ag cur a lámh ar bheagán do dáoinibh éugcrúaidhe, do shlánaigh sé íad. 6Agus do bhí iongnadh aige an a neamhchreideamh súd. Agus do thimchealluidh sé na bailte fá gcúairt, ag teagusg.
7Ann sin do ghoir sé an dá fhear dhéug, agus do thionnsgain sé a gcur na ndís agus na ndis; agus tug sé cumhachda dhóibh ar na spioraduibh neamhghlana. 8Agus do áithin sé dhíobh gan ní ar bith do bhreith leo chum na sligheadh, achd slat amháin, gan mhála, gan arán gan ionnmhus iona gcrios: 9Achd a mbróga do chur orra; agus gan dá chóta do bheith iompa. 10Agus a dubhairt sé riu, Gidh bé áit ar bith ann a rachdáoi a sdeach a dtigh, fanuidh ann sin nó go nimdhighthí as an mball sin. 11Agus gidh bé ar bith nach géubha sibh, agus nach éisdfi ribh, ar nimtheachd dibh as sin, craithidh an lúaithreadh bhías fá bhar gcosaibh mar fhíadhnuisi na naghuidh. Go fírinneach a deirimsi ribh, Gur fá socamhluighe de Shodom nó do Ghomorra a ló an bhreitheamhnuis, ná don chathruigh sin. 12Agus do imthigheadarsan, agus dfhúagradar aithríghe do dhéunamh. 13Agus do theilgeadar mórán deamhan a mach, agus do ungadar mórán do dháoinibh tinne le hóla, agus do shlánuigheadar íad.
14Agus do chúalaidh an rí Iorúaith so; (oír do chúaidh ainm oidheirc airsion:) agus a dubhairt sé, Gur éirigh Eóin Baisde ó mharbhuibh, agus dá bhrígh sin a táid subháilcighe ag oibriughadh ann. 15A dubhradar dream eile, Gur bhé Eliás é. Agus a dubhradar dream eile, Gur bhfáidh é, nó mar áon do na fáidhibh. 16Achd ar na chluinsín Diorúaith, a dubhairt sé, Is é so Eóin, do dhicheann misi: déirigh sé ó mharbhuidh. 17Oír ag cur dháoine úadh Diorúaith, do ghabh sé Eóin, agus do cheangail sé a bpríosun é ar son Heródias, mhná phósda Philip a dhearbhráthar féin: do bhrígh gur phós sé í. 18Oír a dubhairt Eóin ré Hiorúaith, Ní ceaduightheach dhuit bean Phósda do dhearbhráthar féin do bheith agad. 19Achd do bhí Heródias ar a thíochsean, agus bá mían lé a mharbhadh; achd níor bhéidir lé. 20Oír do bhí eagla Eóin ar Iorúaith, ar mbéith a fheasa aige gur dhuine comhthrom náomhtha é, agus do choimhéd sé é; agus ar néisdeachd ris, do níodh sé mórán, agus do éisdeadh sé ris go toileamhail.
21Agus an tan do bhí lá iomchubhaidh ann, an a ndearna Iorúaith suipér dá úaislibh, agus dá cháiptínibh, agus dúachdaránuibh na Galilé, comhainm a láoi fá rugadh é; 22Chúaidh inghean Heródías a sdeach, agus do rinne sé damhsa, agus do thaitin sí ré Hiorúaith agus ris an guídeachda do bhí ar an mbórd na fhochair, agus a dubhairt an rí ris an gcailín, Iarr oramsa gidh bé ní is áill leachd, agus do bhéura mé dhuit é. 23Agus tug sé mionna dhí, Gidh bé ní íarrfus tú oram, do bhéura mé dhuit é, go leath mo ríoghachda. 24Achd ar nimtheachd a mach dhisi, a dubhairt sé ré na mathair, Créd iárfas mé? Agus a dubhairt sisi, Ceann Eóin Baisde. 25Agus táinic sisi ar an mball a sdeach chum a ríogh maille ré deithbhír, agus do íarr sí, ag rádh, Is sí mo thoil thú do thabhairt chinn Eóin Baisde dhamh a nois ar mhéis. 26Agus do bhí an rí lán do dhoilgheas; achd ar son a mhionn, agus na druinge do bhí na suidhe na fhochair, níor bháill leis isi do dhiultadh. 27Agus ar gcur fir dicheanta a mach don rígh do láthair, do aithin sé a cheannsan do thabhairt a sdeach: agus do imthigh seisean, agus do dhícheann sé é ann sa phríosún, 28Agus tug se a cheann leis ar mhéis, agus tug sé don chailin é: agus tug an cailín é dá máthair. 29Agus an tan do chúaladar a dheisciobuilsion so, tangadar, agus do thógbhadar a chorp, agus do chuireadar a dtuama é.
30Agus do chruinnigheadar na heasbuil chum Iósa, agus do fhoillsigheadar dhó na huile ní, agus gach ní dá ndearnadar, agus gach ní dar mhúineadar. 31Agus a dubhairt sé ríu, Tigidhsi ar leíth go hionad úaigneach, agus déunaidh suáimhneas támall beag: oír do bhádar mórán ag teachd agus ag imtheachd, agus ní fhúaradar am ar bhíadh a mháin dithe. 32Agus do chúadar a luing ar leith go hionad fhásamhuil. 33Agus do chonnairc an slúagh íadsan ag imtheachd, agus do aithneadar móran eisean, agus do ritheadar dá gcois as na caithreachuibh uile ann sin, agus do bhádar rompasan, agus do chruinnigheadar chuigesion. 34Agus ar ndul a mach Diósa, do chonnairc sé an slúagh mór, agus do ghabh trúaighe mhór dhóibh é, óir do bhádar mar cháorcha gan áodhaire aca: agus do thiónnsgain sé mórán do mhúnadh dhóibh.
35Agus an tan tháinic mórán don lá, do chúadar a dheisciobuil chuigesion ag rádh, A tá an tionad na fhásach, agus tháinic móran don lá: 36Léig úait íad, ionnus go rachaidis fán dtír, agus fá na bailtibh na dtimcheall, do cheannach aráin dóibh féin: óir ní bhfuil ní aca do íosaidís. 37Achd ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Tabhruidhsi dhóibh ní re na ithe, agus a dubhradarsan ris, An rachmáois do cheannach lúach dhá chéud pighinn daránuibh, do chum go dtiobhramáois ní dhóibh ré na ithe? 38Agus a dubhairt seisean ríu, Gá mhéud atá agaibh? imthighidh, agus féachuidh. Agus ar bhfagháil a fheasa sin dóibhsion, a dubhradar, Cuig aráin agus dá íasg. 39Agus do aithin sé dhíobh cách uile do chur na suidhe na gcomhlánuibh ar an bhféur ghlas. 40Agus do shuigheadar síos na mbuidhnibh, na géuduibh, agus na gcáogaidibh. 41Agus ar ngabháil na gcúig narán chuige agus an dá íasg, ar bhféachain súas ar neamh dhó, do bheannuigh sé, agus do bhris sé na haráín, agus tug sé dá dheisciobluibh íad do chum go gcuirfidís na bhfiadhnuisision íad; agus do roinn sé an dá íasg orrtha uile. 42Agus do itheadar cách uile, agus do sathuigheadh íad. 43Agus do thógbhadar dhá chlíabh dhéug lán do bhíadh bhrisde, agus do na híasguibh. 44Agus do bhádar an dream a dúaigh an tarán a dtimcheal chúig mhíle fear.
45Agus do chuir sé dhfíachuibh ar a dheiscióbluibh do láthair dul a luing, agus dul roimhe don táoibh a nunn go Betsaida, nó go léigeadh sé féin an slúagh úadh. 46Agus an tan do chuir sé úadh íad, do chúaidh sé ar shlíabh do dhéanamh urnuighthe. 47Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí an long a lár na fairge, agus eisean ná áonar ar tír. 48Agus do chonnairc sé íadsan ag cur sháothair ag iomradh; (oír do bhí an gháoth na naghuidh:) agus táinic sé chuca timcheall an ceathramhadh faire don oidhche, ag siobhal ar an bhfairge, agus do mheadhuigh sé dul thárrsa. 49Achd ar na fhaicsin dóibhsion ag siobhal ar an bhfairge, do sháoileadar gur thádhbhás é, agus do éighmheadar: 50(Oír do chonncadar uile é, agus do bhádar ar na mbúaidhreadh.) Agus do labhair sé ríu ar an mball, agus a dubhairt sé ríu, Bíodh meisneach maith aguibh misi a tá ann, na bíodh eagla oruibh. 51Ann sin do chúaidh sé súas chuca ann sa luing; agus do chíunaigh an gháoth: agus is móide go mór do bhí uáthbhás agus iongantus, orrthasan sin. 52Oír ní thugadar da naire an ní do rinneadh ris na haránuibh: óir do bhí a gcroidhe crúaidh.
53Agus an tan do chúadar thairis, tangadar go talamh Geinesaret, agus tangadar a dtír. 54Agus tar éis teachda a mach as an luing dhóibh, ar an mball do aithnigheadar eisean, 55Agus do ritheadar luchd na tíre sin uile fá gcúairt, agus do thionnsgnadar na dáoine tinne diomchar ar leapthachuibh, dá gach áit na gcluindís eision do bheith. 56Agus gidh bé bailte, nó caithreacha, no dúthaigh, an a ndeachuidh sé a sdeach, do chuirdís na dáoine tinne ar na sráidibh, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduigh a mháin: agus an mhéid do chumail ris fúaradar a slainte.

Currently Selected:

Marcus 6: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in