YouVersion Logo
Search Icon

Matha 26

26
Caibidil XXVI
Na preafáide ar pháis Chriosd, 26 Agus ordughadh na comainigh náomhtha.
1Agus tárla, an tan do chríochnuigh Iósa na bríathrasa uile, go ndubhairt sé ré na dheisciobluibh, 2A tá a fhios agaibh go bhfuil an chaísg tair éis dá lá, agus go dtiobharthar Mac an duine dá chrochadh. 3Ann sin do chruinnigheadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobuidhe, agus seinnsir an phobuil, go halla a nárdshagairt, dá ngoithior, Cáiaphas. 4Agus do rinneadar comhairle ré chéile do chum go mbéaraidís ar Iósa a bhfeill, agus go muirfidís é. 5Achd a dubhradar, Na déanam é ann sa bhféasda, deagla go mbíadh búaidhreadh a measg an phobuil.
6Agus an tráth do bhí Iósa a Mbetáinia a dtigh Shimóin an lóbhair, 7Tainic bean chuige agá raibh bocsa dola rouásuil, agus do dhóirt sí é ar a cheannsan, agus é na shuidhe ar an mbórd. 8Agus ar na fhaicsin sin dá dheisciobluibhsean, do rinneadur mícheudfuidh, ag rádh, Créd da bhfoghnann an diombhoilsi? 9Oír do béidir a nolasa do reic ar mhórán, agus a thabhair do na bochduibh. 10Agus an tan do aithin Iósa so, a dubhairt sé ríu, Créd fa gcuirthí búaidhreadh ar an mnáoi? oír do rinne sí obair mhaith am thimcheallsa. 11Oír béid boich do ghnáth agaibh; achd ní bhía misi do ghnáth bhur bhfochair. 12Oír ar ndórtadh na holasa ar mo chorpsa dhí, is fa chomhair madhluice do rinne sí é. 13A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé ar bith ball ar feadh an domhuin, a ndéantar an sóisgéulsa do sheanmóir, go naithréosdar mar an gcéadna an nisi do rinne an bheansa, mar chuimhne uirrthe.
14Ann sin do imthigh fear don dá fhear dhég, dar ab ainm Iúdas Iscairiótes, chum úachdarán na sagart. 15Agus a dubhairt sé ríu, Créd do bhéartháoi dhamhsa, agus braithfidh mé dháoibh é? Agus do mheadhuigheadar dhó deích bhpíosa fhichead airgid. 16Agus ó sin a mach, do íarr sé úain airsean do bhrath.
17Agus an chéad lá a naráin gan laibhín tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh ris, Cía a náit an as toil leachd sinne do dhéanamh ullmhuighthe dhuit do chaitheamh na cásga? 18Agus a dubhairt seisean, Imdhigh don chathruigh go duine áirighe, agus abruidh ris, A deir an Maighisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad thighsi do dhéana mé fein agus mo dheisciobuil an cháisg. 19Agus do rinneadar na deisciobuil mar do aithin Iósa dhíobh; agus do ullmuigheadar an cháisg.
20Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do shuidh sé a bhfochair an dá fhear dhéug. 21Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, go mbraithfi fear dhíbh misi. 22Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan, agus do thionnsgain gach duine aca fá leith a rádh ris, An misi é, a Thighearna? 23Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, An té thumas a lámh ann sa méis am fhochairsi, a sé bhraithfeas misi. 24Go deimhin a tá Mac an duine ag imtheachd do réir mar sgríobhthar air, achd is anáoibhinn don té lé mbraithtear Mac an duine! do budh maith dó nach béartháoi é. 25Agus ar bhfreagra do Iúdas, do bhraith eisean, a dubhairt sé, An misi é, a Mháighisdir? A dubhairt seisean ris, A dubhairt tú é.
26Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, do ghlac Iósa arán, agus tar éis a bheannuighthi, do bhris, agus tug sé dhá dhéisciobluibh é, agus a dubhairt sé, Glacuidh, ithidh; a sé so mo chorpsa. 27Agus ar mbreíth ar an gcupan dó, agus ar dtabhairt buidheachuis, tug sé dhóibh é, ag rádh, Ibhidh uile as so; 28Oír is í so mfuilsi na tiomna núaidhe, dhoírtear ar som mhóráin chum maitheamhnuis na bpeacadh. 29A deirim ribh, Uadh só súas ni íobha mé don toradhsa na fíneamhna, go soithe an lá úd an a niobha mé é go nuá máille ribhsi a rioghachd Mathar.
30Agus a núir do chánadar salm, so chúadar a mach go slíabh na noluidheadh. 31Ann sinn a deir Iósa ríu, Do gheabhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oír a tá sgríobhtha, Buailfidh mé an táodhuire, agus scabfuidhthear cáoirigh an tréada. 32Agus tar éis misi eiseirghe, rachuidh mé romhuibh don Ghalilé. 33Agus ar bhfreagra do Pheadar a dubhairt sé ris, Da mbeith go bhfuighidis cách uile oilbhéim ionnad, ni bhfuighe misi oilbhéim ionnad go bráth. 34A dubhairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneach, Suil ghláoidhfeas an coileach a nochd, séanfa tú mé trí húaire. 35A deir Peadar ris, Go deimhin más éigin damh bás dfulang ad fhóchair, ní shéanfa mé thú. Agus a dubhradar na deisciobuil uile mar an gcéadna.
36Do chúaidh Iósa léo an trathsin do nionad dá ngoirthear Gétsémane, agus a deir sé ré na dheisciobluibh, Suidhighsi ann so, go ndeacha misi do dhéanamh urnuighthe ann súd a nunn. 37Agus ar mbreith Pheadair agus deisi mac Sebedeí leis, do thionnsgain sé bheith go dobrónach agus go rothuirseach. 38Ann sin a deir sé ríu, A tá manám lán do dhobrón, go soithe an bhás: fanuidhsi ann so, agus déanaidh faire am fhochair. 39Agus ar nimtheachd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aghuidh, ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A Athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa: achd cheana na bíodh sé már is toil leamsa, achd mar is áill leatsa. 40Agus tig sé chum a dheisciobal, agus do gheibh sé na gcodladh íad, agus a deir sé ré Peadar, An mar sin, nar bhéidir libh faire do dhéanamh áonuáir a mháin am fhochairsi? 41Déanuidh faire agus urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh: A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann. 42Do imthigh sé an dara húair, agus do rinne sé urnuighthi, ag rádh, A Athair, má tá nach éidir leis an gcupánsa dul thoram, gan mé dhá ol, deantar do thoilse. 43Agus ar dteachd dhó fúair sé a ris na gcodladh íad: oír do bhádar a súile tróm. 44Agus ar na bhfagbháil, do imthigh sé a rís, agus do rinne sé urnuighe an treas úair, ag rádh na mbríathar céadna. 45Ann sin tig sé chum a dheisciobal, agus a deir sé ríu, Codluidh feasda, agus comhnuighidh: féuch, do dhruid a núair rinn, agus a tá Mac an duine agá thabhairt a lámhaibh na bpeacach. 46Eírghidh, bíom ag imtheachd, féuch, is fogus duinn an té bhraitheas misi.
47Agus an feadh do bhí sé ag rádh ná mhríatharsa, féuch, táinic Iúdas, duine don dá fhear dhég, agus cuideachda mhór na fhochair maille lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, agus ó shinnsearuibh an phobail. 48Achd tug an fear do bhrath é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Giodh bé neach dhá dtiobhra misi póg, a sé sin é: beiridh air. 49Agus ar an mball a núair tháinic sé chum Iósa, a dubhairt sé, Go mbeannuighthear dhuit, a mhaighisdir; agus tug sé póg dhó. 50Agus a dubhairt Iósa risean, A chara, créd fá dtaínic tú? Tangadarsan an tráthsin, agus do chuireadar lámh a Niósa, agus do ghabhadar é. 51Agus, féuch, síneadh a láimhe dfior don mhuinntir do bhí a bhfochair Iósa, do tharraing sé a chloidheamha mach, agus ar mbúaladh searbhfhoghantuighe a nárdshagairt, do bhen sé a chlúas de. 52Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do chloidheamh a rís an a ionad féin: oír gach uile dhuine ghlacus cloidheamh is le cloidheamh thuitfeas sé. 53A né nach sáoileann tú gur ab éidir leamsa Mathair do ghuidhe a nois, agus do bhéaradh sé dhamh do láthair ní sa mhó ná dhá léghión dég dainglibh? 54Achd cionnas do coimhlíonfuidhthe mar sin na sgrioptúirí, gur ab mar so is éigin a bheith. 55A dubhairt Iósa ris an tslúagh a núairsin, Tangabhair a mach amhuil chum biothumhnaigh le cloidhmhe agus lé batuidhe dom ghlacadhsa? do bhínn am shuidhe gach áon lá eadruibh sa teampoll ag teagasg, agus ní rugabhair oram. 56Achd táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlionfuidhthe sgrioptúiridhe na bhfáidheadh. Ar na thréigean dá dheiscíobluibh uile ann sin, do theitheadar.
57Agus ar mbreith ar Iósa dhoibhsean rugadar léo chum Caipháis an tárdshagart é, mar a rabhadar na sgriobuidhe agus na sinnsir cruinn. 58Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, go palais a nardshagairt, agus ar ndul a sdeach dhó, do shuidh sé a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, do chum go bhfaicfeadh sé an deireadh. 59Agus do iarradar úachdaráin na sagart, agus na seinnsir, agus an chomhairle uile, fiadhnuisi bhréige a naghuidh Iósa, ionnas go gcuirfidis chuin báis é; 60Agus ní fhúaradar: agus fós, gé thangadar mórán dfíadhnuisibh fallsa, ní fhúaradar. Agus fa dheireadh ar dteachd do dhiás dfíadhnuisibh bréagacha, 61A dubhradar, A dubhairt an fearso, Is éidir leamsa teampoll De do leagadh, agus a thógbhail a dtrí lá. 62Agus ar neírghe do nárdshagart, a dubhairt sé ris, Nach ttugann tú freagra éigin úait? créd fa bhfuilid so ag deanamh fíadhnuisi ad aghuidh? 63Gidheadh níor labhair Iósa áonfhocal. Agus do fhreagair an tárdshagart agus a dubhairt sé ris, Cuirim ort a huchd Dé bhí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé. 64A deir Iosa ris, A dubhairt tusa é: achd cheana a deirimsi ribh, Na dhiaigh so do chifidhe Mac an duine na shuidhe ar deas láimh chumhachd Dé, agus ag teachd a néullibh neimhe. 65Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blaisphéime; créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuch, do chúalabhair a nois a bhlaisphéime. 66Créd do cíthear dháoibhsi? Agus ar bhfreagra dhóibhsean a dubhradar, Do thuill sé bás. 67Ann sin do ghabhadar do sheilidhibh an a éadan, agus do ghabhadar dream eile do shlataibh air, 68Ag rádh, Deuna faidheadoíreachd dhúinn, a Chríosd, Cía bhúail thú?
69Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin aíridhe chuige, ag rádh, Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach. 70Achd do shéan seisean a bhfíadhnuisi cháich uile, ag rádh, Ní fheidir mé créd a deir tú. 71Agus ar ndul a mach dhó ann sa phóirsi, do chonnairc cailín eile é, agus a dubhairt sí rís an luchd do bhí a lathair, Do bhí an fearsa leis a bhfochair Iósa Násardha. 72Agus do shéan sé a rís maille ré mionnaibh, Ní haithne dhamh an duinesin. 73Agus tamall na dhíaigh sin tangadar an dream do bhí na seasamh a láthair, agus a dubhradar ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd féin thusa; óir a tá do chamnt féin dod bhrath. 74Ann sin do thionnsgain sé bheith ag mallughadh agus ag mionnughadh, Ní haithne dhamh an duine. Agus ar an mball do ghláoidh an coileach. 75Agus ann sin do chuimhnigh Peadar ar bhríathruibh Iósa, a dubhairt ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí húáire. Agus ar ndul a mach dhó, do ghuil sé go géur.

Currently Selected:

Matha 26: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in