YouVersion Logo
Search Icon

Matha 12

12
Caibidil XII
Gur fear trócaire no iodhbairt, 22 gur chuir Críosd naghaidh na ndeamhan, mar fhúath riu, 31 agus gur ro bháoghlach bhith tarcuisneach ar an Spiorad Naoimh.
1Do chúaidh Iósa fá námsin an sá tsáoire third na gortaibh; agus do bhí ocras air a dheisgiobluibh, agus do thionnsgnadar déasach do bhúain, agus a nithe. 2Agus an tan do choncadar na Pháirisinigh so, a dubhradar risean, Féuch, do ní do dheisgiobail ní nach coir do dhéanamh ann sá tsáoire. 3Agus a dubhairt seision ríu, A né nár léaghabhair créd do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocras air féin, agus ar an mhuinntir do bhí ná fharradh; 4Ciondas do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ith sé aráin ná híodhbartha, nar cheaduightheach dhó féin, ná don droing do bhí na fhochair dithe, achd do na sagartaibh a mháin? 5No a né nár léaghabhair ann sa dligheadh, go mbrisid na sagairt ann sa tteampoll an tsáoire lá na sabboíde, agus go bhfuilid neimhchiontach? 6Achd a deirim ribh, Go bhfuil neach is mó na an teampoll ann so. 7Agus da mbeith a fhios agaibh créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam, agus ní híodhbairt, ní dhaimnéochadh sibh na daóine neimhchiontacha. 8Oír a sé Mac ann duine Tighearna na sabbóide féin.
9Agus tar éis imtheachda as sin do, tháinic sé dá sionagóig súd. 10Agus, féuch, do bhí duine an nag a raibh lamh sheargthuighe. Agus do fhiofruigheadar dhe, ag rádh, An ceaduightheach leigheas do dhéanamh annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air. 11Achd a dubhairt séisean ríu, Cía agaibhsi duine, agá mbíadh áoncháora a mháin, agus dá dtuiteadh sí air an tsaoire a bpoll, nach mbéaradh uirrthe, agus nach dtoigeabhadh a niós í? 12A né nach mór is fear duine na cáora? Ar a nadhbharsin is ceaduightheach maith do dhéanamh air an tsáoire. 13Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shin; agus do bhí sí ar na haiseag slán, mar an láimh eile.
14Agus ar ndul a mach do na Pharisineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfidís é. 15Agus an tan do aithin Iósa so, do imthigh sé as sin: agus do lean slúagh mór é, agus do shlánaigh sé íad uile; 16Agus do rinne sé bagar orrtha do chum nach déanaidís follus é. 17Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh tré Esaías faidh, a deir, 18Féuch mo shéarbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé; mo ghrádh féin, dá bhfuil toil mhór ag manam: cuirfidh mé mo spiorad féin air, agus inneósuidh sé breitheamhnus do na Cineadhachaibh. 19Ní dhéanaidh sé ceannairc, ní dhéanaidh sé éimhghe; agus ní chluinfidh neach ar bith a ghúth air na sráidibh. 20Ní bhrisfidh sé giolcach brúite, agus ni mhúchaidh sé lion do ní deatach, nó go dtuguidh sé breitheamhnus chum búadha. 21Agus is ann a ainmsean bhiás muinidhin ag na Cineadhachuibh.
22Tugadh chuige an tansin duine ann a raibh deamhan, do bhí dall, agus balbh: agus do shlánaigh sé é, ionnus gur labhair an balbhán agus go bhfacuidh an dall. 23Agus do ghabh iongantus an pubal uile, agus a dubhradar, A né nach é so mac Dháibhi? 24Agus an tan do chúaladar na Phairisinigh so, a dubhradar, Ni theilgeann an féarso na deamhain amach, achd tré Bheilsebub prionnsa na ndeamhan. 25Achd an tan do aithin Iósa a smúaintighthe, a dubhairt sé riu, Gach rioghachd atá roinnte na haghaidh féin biáidh sí na fásach; agus gach uile chathair nó teagh a tá roinnte na aghaidh féin ní sheasfuidh sé: 26Agus ma theilgeann Satan, Santan a mach, a tá sé roinnte na aghaidh féin; ar a nadhbharsin cionnus anfus a ríoghachd na seasamh? 27Agus mas le cumhachdaibh Bheilsebub theilgimsi a mach na deamhain, cía lé a dteilgid bhur gclannsa a mach úid? air a nadhbharsin béid siadsan na mbreitheamhuin oraibhse. 28Achd más lé Spioruid Dé theilgimsi a mach na deamhain, tháinic rioghachd Dé chugaibhsi go deimhin. 29No cionnas is éidir lé héinneach dul go tigh dhuine láidir, agus a airnéis tighe dfúadach leis, muna gceangluidh sé ar tús an duine láidir? agus ann sin sladfuidhe sé a thigh. 30Giodh bé nach bhfuil leamsa a tá sé a maghaidh; agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa scahuighe sé.
31Air a nadhbharsin a deirim ribh, Go maithfidhthear gach peacadh agus gach blaspheíme do na dáoinibh: gidheadh ní maithfidhthear do na dáoinibh, blaspheíme a naghaidh an Spiorad Naóimh. 32Agus giodh bé neach a déaraidh focal a naghaidh Mhic an duine, maithfidhthear dhó é: achd giodh bé neach laibhéoras a naghaidh an Spiorad Naóimh, ní maithfidhthear dhó é, ann sa tsáoghalso, ná ann sa tsáoghal a tá a teachd. 33Ceachdar do dha ní, déanaidh an crann maith, agus a thoradh maith; no déanaidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh aithéantar an crann. 34An shliochd na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh neithe maithe do labhairt, ó a tá sibh féin go holc? Óir is as anlán an chroidhe labhrus an béul. 35Do bheir an duine maith neither maithe as cisde maith a chroidhe: agus do bheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde. 36Achd a deirim ribh, Go dtiobhraid na dáoine cúntas úatha lá an bhreitheamhnuis, ar son gach aóinbhreithre díomhaóinighe dá laibhéoraid síad. 37Oír is as do bhríathruibh sháorfuidhthear thú, agus is as do bhrúathruibh daiméontar thú.
38Ann sin do fhreagradar dream do na sgríobuidhibh agus do na Phairisíneachaibh, ag rádh, A Mhaighisdir, is mían linn comharta dfaicsin úait. 39Achd ar bhreagra dhósan, a dúbhairt sé ríu, Iarruidh an geinealach olc agus adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhóibh, achd an comhartha úd Iónas an fhaidh: 40Oír mar do bhí Ionás a mbroinn an mhíl mhóir trí lá agus trí oidhche: is mar sin bhías Mac an duine gcriodhe na talmhan tri lá agus trí oidhche. 41Eiréochaidh luchd Ninebheh a mbréitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimneochaid síad é: óir do rinneadarsan aithrigh ag seanmoir Iónas; agus, féuch, a tá neach is mó ná Iónas ann so. 42Eíreochuidh bainríoghan an táoibhe budh dhead a mbreitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimnéochuidh sí é: óir thainic sisí ó leithimealuibh na talmhan déisdeachd re heagna Sholaimh; agus, féuch, a tá neach as mó ná Solamh ann so. 43Tar eís dul don spioraid neamhghlain as an duine amach, síobhluidh se thrí ionadaibh tíorma, ag iárraidh suáimhnis, agus ní fhaghann é. 44A deir sé an tansin, Fillfidh mé do thigh, as a ttainic mé; agus tar éis teachda dhó, do gheibh sé folumh, sgúabtha, deaghmhaiseach é. 45Imthighidh sé an tansin, agus do bheir sé seachd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeach áitrighid síad ann sin: agus is measa críoch dheigheanach an duine úd ná a thosach. Agus is mar sin teigeamhas don droichgheinealachso.
46Agus ar mbeith dhó fós ag labhairt ris an bpubal, féuch, do sheasadar a mhathair, agus a dhearbhraithreacha a muigh, ag íarraidh labhartha ris. 47Agus a dubhairt neach eigin ris, Féuch, a tá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag íarraidh labhartha riot. 48Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris an té do innis so dhó, Cía hí mo mhathair? agus cía hiad mo dhearbhraithreacha? 49Agus síneadh a láimhe chum a deisciobal dó, á dubhairt sé, Féuch mo mhathairsi agus mo dhearbhraithreacha! 50Oír giodh be neach do dhéanaidh toil Matharsa a tá air neamh, a sé so mo dhearbhrathairsi, agus mo dheirbhshíur, agus mo mhathair.

Currently Selected:

Matha 12: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in