Matha 11
11
Caibidil XI
Teachdaireacht Eoin go Hiosa, 20 agus searmoin shearbh do dhaoinibh doitheagaisc, 28 achd muirneach, do nuirisiol, umhal.
1Agus tárla, a núair da chriochnuigh Iósa aitheanta do thabhairt dá dhá dheisgiobal déug, gur imthigh sé as sin do sheanmóir agus do theagasg ann a gcaithreachuibh súd.
2Anois an tan do chúalaigh Eóin ann sa phriósún gníomhartha Chríosd, ar gcur deisi dá dheisgiobluibh úadh, 3A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? 4Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Imthighidh agus innisigh Déoin na neithe do chluinntí agus chithí: 5Do gheibhid na doill a radharc, agus siobhluid na bacaigh, glantar na lobhair, agus do chluinid na bodhair, dúisgthear na máirbh, agus a tá an soisgéul da sheanmóir do na bochdaibh. 6Agus is beannuighthe an té, nach bhfuighe scannail ionnamsa.
7Agus air nimtheachd dóibhsion, do thionnsgain Iósa teachd thar Eóin ris ata gcoimhthionól, ag rádh, Créd é an ní agá ndeachabhair a mach fan fhásach dá fhéachain? An giolcach dá bhogadh ag an ngáoith? 8Achd créd é an ní agá ndeachabhair a mach dá fhéuchuin? Duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh mine? féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe mine iompa is a dtighthibh na riogheadh bhíd síad. 9Achd créd é an ní ag a ndeachabhair a mach da fhéuchain? Fáidh? a deirim ribh go deimhin, an ní as mó ná fáidh. 10Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad.
11A deirim ribh go fírinneach, Nach ar eirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin Baisde: ach cheana giodh bé is lugha ann sa rioghachd neamhdha is mo é ná eisean. 12Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í. 13Oír do rinneadar na fáighe uile agus an dligheadh fáigheadóireachd go Héoin. 14Agus mas toil libh a ghabháil, sé so Elias, do bhí chum teachda. 15Giodh bé agá bhfuil clúasa chum éisdeachda, eisdeadh sé.
16Achd cía lé a samhleóchuidh mé an geinealachso? Is cosmháil é ré garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus eimhgheas ar a gcompánachuibh, 17Agus a deir, Do rinneamar céol dháoibh, agus ní dhearnábhair dámhsa; do cháoineamar dháoibh, agus ní dhearnábhair gul. 18Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid síad, A tá deamhan ann. 19Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch an duine cráosach, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach. Gidheadh a tá an ghliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.
20Do thionnsgain sé an tansin milleán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidhibh, ar son nach dearnadar aithríghe: 21Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith. 22Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus agus do Shídon a ló an bhreitheamhnus, na dháoibhsi. 23Agus tusa, a Chapernáum, a tá ar do thógbháil súas go neamh, téilgfidhthear síos go hifrionn thú: óir dá madh a measg luchd Shodoim do dhéantuidhe na míorbhuile, do rinneadh ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu. 24Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do dhúthaidh luchd Shodoim a ló a bhreitheamhnuis, ná dhuitsi.
25Do fhreagair Iósa a nuáirsin agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas dhuit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, ar son gur fholuigh tú ná neithese ó dháonibh eagnuidhe agus tuigseanacha, agus gur nocht tú íad do leanbaibh. 26A seadh, Athair: do bhrígh gur ab mar sin do bhí do dheaghthoilse. 27A tá gach uile ní ar na thabhairt dhamhsa ó Máthair: agus ní háithnidh déinneach an Mac, achd do Náthair; agus ní báithnidh deinneach an Tathair, achd don Mhac, agus dá gach áon dár ab áill leis an Mac a fhoillsiughadh.
28Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. 29Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. 30Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Currently Selected:
Matha 11: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)