YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 8

8
Caibidil VIII.
SĂĄrughadh Israel, 5 agus Iudah, arson a mĂ­chreideamh.
1Tuilleamh oile a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Glac chugad rolla mór, agus scríobh ann lé peann duine? Ag deifriughadh na héadåla, do brostuigh sé an chreach.
2Agus do ghlac mé chugam fíadhnuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, Uriah an sagart, agus Sechariah mhac leberechiah.
3Agus do chuåidh mé gus an mbanfhåidh; agus do toirrcheadh í, agus rug sí mac. Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Tabhair dainm air, Re deifriughadh na héadåla do bhrostuigh sé an chreach.
4Oír suil bhías éolus ag an leanabh gairm, Måthair, agus mo mhathair, béarthar saidhbhrios Dhamascus agus éadåil Shamåriah ar siubhal roimhe rígh na Hassíria.
5¶ Do labhair an TIGHEARNA riomsa a rís mar an ccéadna, dhå rådh,
6Do bhrĂ­gh gur dhĂ­ultadar na daĂłinesi uisgeadha Shiloah ghluaisios go socair, go ngĂĄirdighid ann Resin agus a mac Remaliah;
7Anois uimesin, fĂ©uch, do bheir an TIGHEARNA sĂșas orra uisgeadha na habhanna, lĂĄidir agus iomadamhuil, eadhon rĂ­gh na HassĂ­ria, agus a ghlĂłir uile: agus tiucfa a nĂ­os tar a ngrinnealuibh uile, tuileocha sĂ© tar na brĂșachaibh:
8Agus rachaidh sĂ© thrĂ­d IĂșdah; tuileochaidh sĂ© agus rachaidh thairis, roichfidh sĂ© go nuige an muinĂ©ul; agus lĂ­onfuidh leathnughadh a sciathĂĄn amach leithead do dhĂșithchesi, Ăł Immanuel.
9¶ Cruinnighidh sibh féin, a phobal, agus brisfighthear sibh a mblodhuibh; agus tugaidh éisteachd, sibhse uile as críochaibh imchíana: criosluighidh sibh féin, agus brisfighthear a mblodhuibh sibh; criosluighidh sibh féin, agus brisfighthear sibh a bpíosuibh.
10Gabhuidh comhairle re chéile, agus ní bhía brígh ann; abraidh an focal, agus ní sheasfuidh sé: óir atå Día linne.
11¶ Oír do labhair an TIGHEARNA marso riomsa lé låimh låidir, agus do theagaisg mé gan siubhal a slighe an phobailsi, gha rådh,
12Na habraidh si, Osadh, re gach a naibeoruidh an pobalso, Osadh; agus nĂĄ bĂ­odh eagla a neaglasan oruibhsi, agus nĂĄ bĂ­thĂ­ Ășaimhneach.
13Nåomhuidh TIGHEARNA na slógh féin; agus bíth bhur neagla annsan, agus go mådh hé sin bhur nimeagla.
14Agus biĂĄidh seision mar shanctora; achd mar chloich thuisligh agus mar charraig oilbhĂ©ime do dhĂĄ thigh Israel, mar phaintĂ©r agus mar lĂ­on do dhĂșthchusuibh Ierusalem.
15Agus oilbhéimfid mórån na measg, agus tuitfid, agus béid briste, agus béid gabhtha, agus béid a låimh.
16Ceangail sĂșas a nfhĂ­adhnuise, sĂ©uluidh an dligheadh a measg mo dheisciobal.
17Agus feithfidh misi ar an TTIGHEARNA noch fholchus a ghnĂșis ar thigh IĂĄcob, agus biĂĄidh sĂșil agam ris.
18FĂ©uch, misi agus an chlann thug an TIGHEARNA dhamh atĂĄmaĂłid mar chomharthaibh agus mar iongĂĄntaibh ann Israel Ăł THIGHEARNA na slĂłgh, noch ĂĄitreabhus a slĂ­abh SĂ­on.
19Agus a nĂșair a dĂ©aruid sĂ­ad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agĂĄ mbĂ­d spioruid mhuinnteardha, agus ar fhĂĄistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chĂłir do dhaĂłinibh Ă­arruidh ar a NdĂ­a fĂ©in? na mairbh ar son na mbĂ©o?
20Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.
21Agus rachaidh gach ĂĄon thrĂ­d, ar na ccur chuige go crĂșadhchĂșiseach agus ocrach: agus tiucfuidh a ccrĂ­ch, a nuĂĄir bhĂ­as gach ĂĄon aca ocrach, feargachuid fĂ©in, agus mailleochuid a rĂ­gh, agus a Ndia, agus fĂ©uchfuid sĂșas.
22Agus féuchfuid chum na talmhan; agus féuch buåidhreadh agus dorchadus, agus doille ghoimhe; agus tiomåinfighthear a ndorchadus íad.

Currently Selected:

Isaiah 8: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in