YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 4

4
Caibidil IV.
Gu bi creideamh, no righeacht Chriosd, 2 sgiamhach, 6 seasmhach.
1Agus annsa ló sin greamochuid móirsheisior ban déinfhear amháin, gha rádh, Iósam ar narán féin, agus caithfeam ar néadach féin: amháin goirthear ad ainmsi sinn, do chur scannla dhínn.
2¶ Annsa ló sin bíaidh beangan an TIGHEARNA sgíamhach agus glórmhar, agus biaidh toradh na talmhan oirdheirc agus cubhaidh den mhéid rachus as do Israel.
3Agus tiucfa a ccrích, an té fúigfighear a Sion, agus an té fhanfas ann Ierusalem, go ngoirfighear náomhtha dhe, eadhon gach neach atá scríobhtha a measg na mbéo ann Ierusalem:
4An tan nighfios an TIGHEARNA truailleadh inghean Sion, agus ghlanfas fuil Ierusalem as a lár le spioraid an bhreitheamhuis, agus le spíoraid an loisgthe.
5Agus cruthochuigh an TIGHEARNA ar gach áonáit chomhnuighe do shliabh Shion, agus ar a hoireachdusuibh, néull agus céo san ló, agus loinnreadh teineadh lasamhla san noidhche: óir biaidh cumhdach ar an nglóir uile.
6Agus biáidh tabernacuil ann mar sgáile ón teas a naimsir an láe, agus mar áit dídin, agus mar fholach ón stoirm agus ó nfearthuinn.

Currently Selected:

Isaiah 4: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in