YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 3

3
Caibidil III.
Smacht, 5 arson úabhar na nóigfear, 16 uaill agus ancaitheamh na mban.
1Oir, féuch, beiridh an Tighearna, TIGHEARNA na slógh, ó Ierusalem agus ó Iúdah, an fulang agus an bata, cothughadh iomlán a naráin, agus cothughadh iomlán a nuisge.
2An duine láidir, agus an fear cogaidh, an breitheamh, agus an fáidh, an glic, agus an sean,
3An caiptín caógaid, agus an duine onórach, an cómhairleach, agus an ceárd fóghlomtha, agus an déaghlabharthach.
4Agus do bhéara mé leinibh dá mbeith na núachdaranuibh orra, agus ríaghlochuid naóidhin ós a ccionn.
5Agus héid na daóine da ccrádh, gach áon ó aroile, agus gach aón ó na chomharsum: iomchoruidh an leanabh é fein go huáibhreach a naghaidh an tsinnsir, agus an tuirísiol a naghaidh a nonóruigh.
6A nuáir bhéaras duine greim ar a bhrathair do thigh a athar, ga rádh. Atá éadach agadsa, bí ad úachdarán oruinne, agus bíodh an díth sinesi fad láimh:
7Annsa ló sin do bhéara a mhionna, dha rádh, Ní bhía mé am fhear leighis; óir ní bhfuil bíadh no éadach ann mo thigh: ná déanuidh úachdarán díomsa ar an bphobal.
8Oír do sgriosadh Ierusalem, agus do thuit Iúdah, do chionn go bhfuil a tteanga agus a ngníomha a naghaidh an TIGHEARNA, dfadógh fa shúilibh a ghlóire.
9Do ní taisbeanadh a ngnúise fiaghnuise na naghaidh; agus foillsighid a bpeacadh amhuil Sodom, ní fhólchuid síad é. A mhairg dá nanam! óir do chúitigheadar olc ríu féin.
10¶ Abruidh ris an bhfíréun, Go mbeithior go maith aige: óir íosfuidh síad toradh a ngníomh.
11A mhairg don chiontach! óir is olc bheithior aigesion: óir do bhéarthar lúach sáothair a lámh féin dó.
12Ar son mo pobailsi, is leinibh do ní leathtrom orra, agus mná ríaghluighios ós a ccionn. O mo phobal, cuirid an drong thréoruighios thú, dfíachaibh ort seachrán, agus millid slighe do chasán.
13Seasuidh an TIGHEARNA súas do thagra, agus seasuidh do bhreathnughadh an phobail.
14Rachaidh an TIGHEARNA chum breitheamhnuis re sinnsioruibh a phobail, agus ré na bprionnsadhuibh: óir a dúabhair súas a nfíneamhuin; agus atá éadáil na mbochd ann bhur ttighthibh.
15Cred é bhur ccíall as a mbrúightighe mó dhaóine na bpíosuibh, agus as a meiltíghe aighthe na mbocht? ar sa TIGHEARNA Día na slógh?
16¶ Tuilleamh oile a deir an TIGHEARNA, Do chionn go bhfuilid ingheana Sion uallach, agus go siubhluighid lé muinealuibh sínte amach agus le súilibh míonáireach, ag imtheachd agus ag gearradh mar imthighid, agus ag déanamh fuáime le na ccosuibh:
17Uimesin buáilfidh an TIGHEARNA lé carra, mullach cheanu inghean Síon, agus léigfidh an TIGHEARNA a mballa foluighthe leis.
18Annsa lá sin béaruidh an TIGHEARNA as breághachd a cculadh bhfuáimneach, agus a noibreacha líonruidh, a néuduighe cruinne cosmhuil ris an ngéaluidh,
19Na slabhruidhe, agus na bráisléid, agus na muifléid,
20Na buinéid, agus coisbheart na ccos, agus na cinnbheirte, agus na taibléid, agus na clúaisfáinnidhe,
21Na fáinnidhe, agus seóid na srón,
22Na culaidheacha malairteacha éaduigh, na fallaingeacha, agus na failéid, agus na sparáin.
23Na sgatháin, agus an línéadach fínealta, agus na húduighe, agus na foluidhe.
24Agus tiucfa a ccrích, ar son an bholaidh mhaith go mbía bréantas; agus a náit an chreasa go mbía réubadh; agus a náit na gruáige cóirighthe maóile; agus a náit a nuchtaigh crioslughadh saicéaduigh: agus losgadh a náit na sgéimhe.
25¶ Tuitfid do dhaóine leis an ccloidheamh, agus do neartmhair annsa chogadh.
26Agus caóinfid agus guilfid a geatadh; agus ar mbeith dhi folamh suidhfidh si air an ttalamh.

Currently Selected:

Isaiah 3: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in