YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 6:1-4

Genesis 6:1-4 BEDELL

Agus tárla, a nuáir do thosuigheadar na dáoine ar mheadugha ar dhruim na talmhan, agus rugadh ingheana dhóibh, Go bhfacadar mic Dé ingheana na ndáoine go rabhadar sgíamhach; agus tugadar mná chuca do nuile dhroing do thógradar. Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Ní bhía mo spiorad a ccomhnuidhe ag crionchán ris an nduine, do bhrígh gur féoil eision mar an ccéudna: gidheadh béid a láethe na ccéud agus fichthe blíaghan. Do bhádar aithithe ar an ttalamh ann sna laethibh sin; agus mar an ccéudna na dhiáigh sin, a nuair thangadar mic Dé a steach chum ingheana na ndáoine, agus rugadar clann dóibh, do fhásadar sin na ndáoinibh árrthachda, noch do bhí san tseanaimsir na ndáoinibh iomráiteach.