YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 6

6
Caibidil VI.
Claonadh na ndaoine. 13 Tairrgir iman dile. 14 Agus ordúghadh na hairce.
1Agus tárla, a nuáir do thosuigheadar na dáoine ar mheadugha ar dhruim na talmhan, agus rugadh ingheana dhóibh, 2Go bhfacadar mic Dé ingheana na ndáoine go rabhadar sgíamhach; agus tugadar mná chuca do nuile dhroing do thógradar. 3Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Ní bhía mo spiorad a ccomhnuidhe ag crionchán ris an nduine, do bhrígh gur féoil eision mar an ccéudna: gidheadh béid a láethe na ccéud agus fichthe blíaghan. 4Do bhádar aithithe ar an ttalamh ann sna laethibh sin; agus mar an ccéudna na dhiáigh sin, a nuair thangadar mic Dé a steach chum ingheana na ndáoine, agus rugadar clann dóibh, do fhásadar sin na ndáoinibh árrthachda, noch do bhí san tseanaimsir na ndáoinibh iomráiteach. 5Agus do chonnairc Día gur mhór chionnta an duine air an ttalamh, agus gach áon bhreathnughadh dá smuaineadh a chroidhe gurab olc é a ccomhnuighe. 6Agus do budh aithreach leis an TTIGHEARNA an duine do dheunamh ar an ttalamh, agus do bhí brón air ann a chroidhe. 7Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Sgriosfuidh me an duine do chruthaidh me ó aghaidh na talmhan; ar áon an duine, agus an beitheach, agus an ni shnámhus agus éunlaith an aiéir; óir as aithreach liom a ndéunamh. 8Ach fuair Naói grása a bhfiaghnuise an TIGHEARNA. 9A síad so geinealuigh Naói: do bhí Naói na dhuine fhiréunta agus iomlan ann a ghinealachaibh, agus do shiubhail Naói lé Dia. 10Agus do ghein Naói triur mac Sem, Ham, agus Japhet. 11Do bhí an talamh mar an cceudna truáillighe a bhfiadhnuisi Dé, agus do lionadh an talamh dfoiréigean. 12Agus do fheuch Día ar an ttalamh, agus, féuch, do bhí sé trúaillighe; óir do thruáill gach uile fheóil a shlighe ar an ttalamh. 13Agus a dubhairt Día re Naói, táinic críoch a nuile fheola am fhiaghnuisi; óir is lán an talamh durchóid tríothasan; agus, féuch, sgriosfuigh mé iad maille ris an ttalamh. 14Déuna dhuit féin áirc do adhmud ghoper; do dhéuna tú ionaid sa nairc, agus cuirfe tú pic úirre astigh agus a muich. 15Agus a sé so an timdéunamh ar a ndéuna tú í: a bhfad na hairce béid tri chéud chubhad, a leithead caogad cubhad, agus a hairde tríochad cubhad. 16Do dhéuna tú fuinneóg do náirc, agus críochnochaidh tú í a ccubhad shúas; agus cuirfidh tú dorus na hairce ar a taobh; maille ré hísliughadh, an dara, agus an treas lota, do dhéuna tú í. 17Agus feuch, misi, misi féin, do bhéirim tuile uisgeadh ar an ttalamh, do sgrios gach uile fheóla, ann bfuil anal na beatha fáoi neamh; agus gach a bhfuil sa talamh, do gheabha sé bás. 18Ach riotsa daingneóchaidh mé mo chunnradh; agus tiucfa tú a steach sa náirc, thú féin, agus do mhic, agus do bhean, agus mna do mhac maille riot. 19Agus do ghach uile ní beó, do ghach uile fheóil béuruidh tú cúpla leachd da gach uile shórt sa náirc, dá gcumhdach beó agad; béid síad feardha agus bannda. 20Do néunlaith do reir a gcinéil, agus do náirnéis do réir a ccineil, da ghach uile ní shiubhlas an talamh do réir a chineil, cúpla do gach áon short thiucfas chugad dá ccumhdach beó. 21Agus glac chugad da gach uile bhiadh ithear, agus cruinneochadh tú chugad é, agus bíaidh na bhiadh dhuitsi, agus dóibhsion. 22Mar so do rinne Naói: do réir a nuile ní do aithin Día dhe, is amhlaidh sin do rinne sé.

Currently Selected:

Genesis 6: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in