YouVersion Logo
Search Icon

Ecclesiastes 9

9
Caibidil IX.
Gur fódhomhain agus dubhaigean dhoaithnighe, obair Dé, 13 agus gu buádhuigh éagna ar neart.
1Thairis so do chuir mé romham ann mo chroidhe so uile dfoillsiughadh, go bhuil an fíréun, agus an teagnuidhe, agus a noibreacha, a láimh Dé: ní feas do dhuine ar bith grádh no fúath re gach ní dá bhfuil rompa.
2Is ionann thig gach uile do nuile dhuine: is ionann críoch do nfiréun, agus don chiontach; don mhaith agus don ghlan, agus don neamhghlan; don tí íodhbras, agus don tí nach íodhbrann: mar bhíos an duine maith, marsin bhíos an peacach; agus an té mhionnuighios, mar an eagluighios mionna.
3 Is olc so a measg na huile neithe dá ndéantar faói an ngréin, go bhfuil aóinchinneamhuin aca uile: atá fós, croidhe chloinne na ndaóine lán dolc, agus do bhuile iona ccroidhe an fad mhairfid síad, agus na dhiáighsin tíaghaid chum na marbh.
4¶ Oír atá dóthchus ag an tí atá ceangailte ris a nuile bhéo: óir is féarr madradh béo ná leomhan marbh.
5Oír atá a fhiós aig na héodhuibh go néagfuid síad: acht ni bhí fios neithe ar bith ag na mairbh, ní mó atá luáigheacht ar bith aca ní sa mhó; óir dhearmadadh a ccuimhne.
6Atá fós a ngrádh, agus a bhfúath, agus a ttnúth, anois caillte: ní mó bhías aca go bráth a rís cuid daóinní da ndéantar faói an ngréin.
7¶ Imthigh romhad, ith harán maille re sólás, agus ibh thfíon le croidhe súgach; óir gabhuidh Día anois hoibreacha.
8Bíadh héadach a ccomhnuidhe geal; agus ná bíodh easbhuidh uinnemeinte air do cheann.
9Tabhair do bheátha go gáirdeach a bhfochair do mná air a mbí grádh agad air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaóinis, noch thug sé dhuit faói an ngréin, uile láethe do dhíomhaóinis: óir isí sin do chuid annsa tsháoghalso, agus ann do sháothar do gheibh tú faói an ngréin,
10Gidh bé ní gheabhas do lámh ré a dhéanamh, déan é red dhithchioll; óir ni bhfuil obair, nó tionnsgnamh, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáigh, mar a racha tú.
11¶ Dfill mé, agus do chonnairc mé faói an ngréin, nách don lúath atá an choimhling, nó an cath don neartmhar, nó fós an tarán do neagnuidh, nó fós saidhbhrios do na daóinibh tuigsionacha, nó fós fabhar do lucht an ghliocuis; acht go tteagmhann am agus cinneamhuin dóibh uile.
12Oír ní fiós don duine fós a am féin: do nós na níasg gabhthar a ndroichlíon, agus amhúil na heóin gabhthar san phaintéar; marsin bhíd clann na ndaóine gabhtha a ndroch am, a nuáir thuitios sé go hobann orra.
13¶ Do chonnairc mé fós an chríonnachtsa faoi an ngréin, agus is mór dhamh í:
14 Do bhí cathair bheag, agus beagán daoine innte; agus tháinic rígh mór na haghaidh, agus do shuigh sé na timchioll, agus do chuir sé daingneacha móra súas na haghaidh.
15Anois do fríth innte duine bocht eagnuidhe, agus do thárthaigh sé an chathair lena eagna; gidheadh níor chuimhnígh áonduine an duine bochtsin.
16Ann sin a dubhairt misi, Is féarr eagna ná neart: thairis sin tarcuisnighthior eagna an duine bhoicht, agus ní héistior a bhríathra.
17Eístior bríathra na ndaóine nglic a gcíunas ní sa mhó ná comhairc an té ríaghlus a measc amadán.
18 Is féarr críonnachd ná airm cogaidh: acht millidh aóinpheacach amháin mórán maitheasa.

Currently Selected:

Ecclesiastes 9: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in