Ecclesiastes 3
3
Caibidil III.
Nach bfuil suáimhneas ar bith do chroidhe duine ó neithibh claochloidheach.
1Ata am ag gach uile ní, agus aimsir ag gach uile thionnsgnámh faói neamh.
2Aimsior chum beirthe, agus aimsir dfagháil bháis; aimsir do phlanndughadh, agus aimsir chum an neithe do plannduigheadh do tharruing súas;
3Aimsir chum marbhtha, agus aimsir chum leighis; aimsir do leagadh síos, agus aimsir do chur súas;
4Aimsir chum gola, agus aimsir chum gáire; aimsir chum dóláis, agus aimsir chum damhsa;
5Aimsir do theilgion cloch amach, agus aimsir do chruinniughadh cloch a gceann a chéile; aimsir chum grádhuighthe, agus aimsir chum cosg ó ghrádhughadh;
6Aimsir le fagháil, agus aimsir le caill; aimsir chum taisgidh, agus aimsir chum cur a mugha;
7Aimsir re stíalladh, agus aimsir ré fúaigheal; aimsir re tochd, agus aimsir re labhairt.
8Aimsir re grádhughadh, agus aimsir ré fúathughadh; aimsir re cogadh, agus aimsir re síothcháin.
9Cred an tarbha atá ag an té oibrighios annsa ní sháothruighios?
10Do chonnairc mé an sáothar, thug Día do mhacaibh na ndaóine dá númhlughadh fein ann.
11¶ Do rinne sé gach uile ní sgíamhach iona am féin: do chuir sé an sáoghal fós ann a ccroidhthibh, iondus nach bhfaghann duine ar bith amach fios na hoibre do ní Día ó thús go deireadh.
12¶ Atá a fhios agam nach bhfuil maith ar bith ionnta, acht go mbíath duine gáirdeach, agus go ndéanadh sé maith ar feadh a bheatha.
13Agus fós go nitheadh agus go nibheadh gach aonduine, agus go solásuigheadh sé iona uile sháothar féin, sé sin tiodhlacadh Dé.
14Atá a fhíos agam, gach a ndéanann Día, go mbía sin siorruidhe: ní féidir éinní do chur na chionn, nó éainní do bhuáin de: agus do ní Día so, chor go mbíath eagla ag na daoinibh roimhe.
15An ní do bhí atá sé ann anois; agus an ní bhías do bhí sé ann cheana; agus íarruidh Día an ní do chuáidh thort.
16¶ Agus tuilleamh oile do chonnaire mé fan ngréin áit an breitheamhnuis, go raibh urchóid annsin; agus a náit an cheirt, go raibh éaigceart ann.
17Agus a dubhairt mé ann mo chroidhe, Breithneochuidh Día an fíréan agus an drochdhuine: óir atá am ann chum gach uile oibre agus chum gach uile thionscanta.
18¶ A dubhairt mé ann mo chroidhe a ttáobh staide mhac na ndaóine, cho go bhfoillseochadh Día íad, agus go bhfaictidis féin nach bhfuil ionnta acht ainmhighthe.
19Oír an ní theagmhas do mhacaibh na ndaoine teagmhaidh do na hainmhighthibh; aoinní amháin theagmhas dóibh: óir mar théid cuid aca déag, is marsin éagas an chuid oile; fós, is áonanál amháin atá aca; marsin nach bhfuil uáisle ag an nduine thar a nainmhidhe: óir is díomhaóineas iad ré chéile.
20Rachaid uile a naonbhall amháin; don luáithreadh íad uile, agus iompóchuid uile chum luáithrigh a rís.
21¶ Cía agá bhfuil a fhios go ttéid spiorad an duine súas, agus go ttéid spiorad an nainmhidhe síos chum na talmhan?
22¶ Uimesin measuim nach bhfuil ní is féarr, ná sólás do bheith ar dhuine iona oibreachaibh féin; óir isé sin a chuid de: óir cía bhéaras é dféachuin cred bhías na dhiáigh.
Currently Selected:
Ecclesiastes 3: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)