Ecclesiastes 2
2
Caibidil II.
Miothaitneamh na saimhe, 4 na náitreabh sciamhach, 8 agus an tsaidhbhris, &c.
1A Dubhairt mé ann mo chroidhe, Faicim anois, deirbheochuidh mé thú le subhachus, uimesin bíodh aóibhneas agad: agus, féuch, is díomhaóineas so mar an ccéadna.
2A dubhairt mé a ttáobh an gháire, Atá sé ar buile: agus fan tsúgradh, Cred dá bhfoghnann sé?
3Díarr mé ann mo chroidhe mé féin do thabhairt dfíon, (achd ag cur dúil mo chroidhe ar eagna); agus greim do ghlacadh don leimhe, nó go bhfaicinn cred budh maith do mhacaibh na ndáoine, do dhéanaidís faói neamh ar feadh uile láethe a mbeatha.
4Do rinne mé dhamh féin oibreacha móra; do chuir mé tighthe súas damh; do phlannduigh mé lubhghoirt fhíneamhna dhamh féin:
5Do rinne mé gáirdíne agus ubhallghuirt damh féin, agus do phlannduigh mé croinn ionnta do nuile shórt toruidh:
6Do rinne mé locháin uisge dhamh, do fhliuchadh na fiodhbhuidhe léo as a ttigeadh croinn:
7Fuáir mé seirbhísigh agus cailínighe dhamh, agus rugadh seirbhísigh ann mo thigh; do bhádar fós sealbha móra dáirnéis mhóir agus bhig agam ós cionn a nuile dhuine dá raibh ann Ierusalem romham:
8Do chruinnigh mé dhamh féin airgiod agus ór, agus ionnmhus spesialta na ríogh agus na bproibhinnseadh: fuáir mé dhamh féin fir cheóil agus mná ceóil, agus áoibhneas mhac na ndaóine, mar atáid adhbha chiúil, agus sin do nuile shórt.
9Marsin do bhí mé mór, agus dfás mé ní is mó ná a nuile dhuine do bhí romham ann Ierusalem: dfan fós mo ghliocus agam.
10Agus gidh bé ní do shantuigheadar mo shúile, níor chonnaimh mé úatha é, níor chonnuimh mé mo chroidhe ó shólás ar bith; óir do ghairdigh mo chroidhe ann muile sháothar: agus do bé so mo chuid dom sháothar uile.
11Annsin dféuch mé air a nuile obair dá ndéarnadar mo lámha, agus air an tsáothar do oibrigh mé do dhéanamh: agus, féuch, do bhí sé uile na dhíomhaóineas agus na bhuáidhreadh spioraide, agus ní raibh tarbha faói an ngréin ann.
12¶ Agus diompoigh mé mé féin do mheas gliocuis, agus buile, agus leimhe: óir cred fhéadas an duine do dhéanamh thig a ndiáigh an rígh? an ni chéadna do roinneadh roimhe.
13Annsin do chonnairc mé go sáruighionn gliocus an leimhe, mar sháruighios solus an dorchadus.
14 Bíd súile an duine ghlic iona chionn; acht siubhluigh an tamadán san dorchadus: agus maille ris sin do thuig misi gur bhionann críoch dheighionach dhóibh uile.
15Annsin a dubhairt mé ann mo chroidhe, Mar theagmhas don namadán, is mairsin féin theagmhas damhsa; agus uimesin cread as a raibh mé ní sa glioca? Annsin a dubhairt mé ann mo chroidhe, gur diomhaoineas so mar an gcéadna,
16Oir ní bhí cuimhne ar bith ar an duine nglic ni sa mhó na ar a namadán go síorruidhe; ó bhíos an ní atá anois ann ar na dhearmad annsna láethibh atá ag teacht. Agus cionnus éugus an glic? mar a namadán.
17Uimesin dfúathuigh mé an beatha; do bhrígh an tsáothair oibrighthior faói an ngréin gur doiligh dhamhsa é: óir is diomhaoineas a nuile ní agus buáidhreadh spioraide.
18¶ Fós, dfúathaigh mé muile shaothar noch fuáir mé faói an ngréin: do bhrígh go bhfúigfinn é ag an té do thiucfagh am dhiáigh.
19Agus cía dhar fiós an mbía sé na dhuine chríonna ná na amadán? acht cheana biáidh úachtaránacht aige ós cionn mo sháothairsi uile ionar sáothruigh mé, agus ionar fhoillsigh mé mé féin glic faói an nghréin. Is díomhaóineas so mar an ccéadna
20Ar a nadhbharsin do chuir mé romham mo chroidhe do tharruing tar ais ó nuile sháothar fuair mé faói an ngréin.
21Oír bí duine ann agá mbí a sháothar a ccríonnacht, agus a néolus, agus a ccomhthrom; gidheadh is ag an duine nar sháothruigh annsin fhúigfios sé é na chuid ronna. Is díomhaóineas so fós agus olc mór.
22Oír cred atá ag duine dha uile sháothar, agus dá bhuáidhreadh croidhe, iona bhfuáir sé sáothar fan ngrein?
23Oír is doilghiosa a láethe uile, agus is dóbhrón a shaothar; ní ghlacann fós, a chroidhe suáimhneas san noidhche. Is díomhaóineas so mar an ccéadna.
24¶ Ni bhfuil ní ann is féarr do dhuine, ná ithe agus ól, agus áoibhneas do thabhairt da anum ann a sháothar. Do chonnairc mé so amhluidh, gur ab ó láimh Dé thig sé.
25Oír cía fhéadas ithe, nó cía eile fhéadas deithfriúghadh chuige, nísa mó ná misi?
26Oír do bheir Día don duine an ní is maith iona radharc eagna, agus éolus, agus sólás: acht don pheacach do bheir sé sáothar, do chruinniughadh agus do chur ar muin a chéile, chor go ttiubhradh don té is maith a bhfiadhnuise Dé. Is díomhaóineas so fós agus buáidhreadh spioraide.
Currently Selected:
Ecclesiastes 2: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)