Ecclesiastes 10
10
Caibidil X.
Anaghaidh onóir na nscráiste, 18 leisge, 20 agus dhroch‐rún attaobh an rígh.
1Do bheirid cuile mhairbh air ola an photecari drochbhaladh do chur amach: marsin do ní beagan leimhe an té air a mbi meas gliocuis agus onóra.
2 Bí croidhe an duine ghlic air a láimh dheis; acht bí croidhe an namadáin air a láimh chlé.
3A núair fós, shiubhluighios an té bhíos ná óinmhid annsa tslighe, cailligh a eagna air, agus a deir sé ré gach áon gurab amadán é.
4Ma éirghionn spiorad a núachtaráin ad aghaidh, ná fág háit; óir cíunuigh úmhla cionta móra.
5Atá olc do chonnairc mé faói an ngréin, amhuil seachrán thig ó núachtarán:
6Cuirthear an leimhe a nárrachtas mhór, agus suighid na saidhbhre a náit ísil.
7Do chonnairc mé seirbhísigh air eachaibh, agus prionnsadha amhuil seirbhisigh ag siubhal air an ttalamh.
8An té thochlas poll tuitfidh sé féin ann; agus gidh bé bhrisios fál, goirteochuidh naithir nimhe é.
9Gidh bé áthruighios clocha, goirteochthar léo é; agus biáidh an té scoiltios eonnadh a nguáis leis.
10Má bhíonn an tíarann máol, agus nach géireochuidh sé an faobhar, caithfidh sé tuille neirt do chur leis: acht is tarbhach a neagna chum tréoruighthe.
11Go deimhin goirteochuidh a naithir nimhe gan droigheacht; agus ní féarr an síorchainteach.
12 Bid bríathra bhéil an duine ghlic grásamhuil; acht sluigfid puisíne a namadáin é féin súas.
13Is amadánacht tosach bhríathar a bhéil: agus is buile urchóideach críoch a chainte.
14Bí an tamadán fós lán do bhriathruibh: ní fheidir duine créd bhías ann; agus cía fhéadas innsin, créd bhías na dhiáigh?
15Tuirsigh sáothar na namadan gach áon aca fa leith, do bhrígh nach éol dó dul don chathruigh.
16¶ A mhairg dhuit, a thír, a nuáir is leanabh do rígh, agus ithid do phrionnsuidhe bíadh ar maidin!
17 Is sona thusa, a thír, a nuáir bhus mac na nuásal do rígh, agus iothuid do phrionnsuidhe iona am féin, chum neirt, agus ni chum meisge!
18¶ Le hiomad leisge tuitidh an foirgneadh; agus tre dhiomhaóineas na lámh silidh an tigh thríd.
19¶ Do níthear féusta chum sugartha, agus do ní an fíon súgach: agus freagraidh an tairgiod na huile neithe.
20¶ Ná malluigh an rígh, ní headh ná déana ann hinntin; agus ná málluigh an saidhbhir ann do sheomra leaptha: óir iomchóruigh éun a naiéir do ghlór, agus an ní ar a bhfuilid sciatháin inneosuidh sé an chúis.
Currently Selected:
Ecclesiastes 10: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)