YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 25:6-8

Íseáia 25:6-8 ABN

Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta; agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin a bhí ag clúdach na gciníocha go léir, agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile; cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.

Free Reading Plans and Devotionals related to Íseáia 25:6-8