Tóibít 11
11
An Turas Abhaile
1Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Chasairín, baile atá ar aghaidh Nínivé amach, 2dúirt Rafael: “Is eol duit an bhail a bhí ar d'athair nuair a d'fhágamar é. 3Brostaímis linn ar aghaidh roimh do bhean chéile chun an teach a ullmhú fad a bheidh an chuid eile den chuideachta ag teacht inár ndiaidh.” 4Ghluais an bheirt acu ar aghaidh, mar sin, le chéile agus dúirt Rafael le Tóibias: “Beir leat domlas an éisc.” Agus bhí an gadhar ag rith lena sála.
5Idir an dá linn bhí Anna ina suí agus í ag faire an bhóthair a ghabhfadh a mac abhaile. 6Chonaic sí uaithi é ag teacht agus dúirt sí leis an athair: “Seo chugainn do mhac agus a chomhthaistealaí.”
7Dúirt Rafael le Tóibias sular tháinig sé fad lena athair: “Tá a fhios agam go n‑osclófar a shúile. 8Smear a shúile le domlas an éisc; crapfaidh an t‑ungadh seo an screamh bhán agus tosóidh sí ag scamhadh dá shúile. Tiocfaidh a radharc do d'athair arís agus feicfidh sé an solas.”
Leigheastar Súile Thóibít
9Ansin rith Anna chun tosaigh agus chaith sí í féin ar bhráid a mic agus dúirt sí leis: “Ní miste liom bás a fháil anois, a mhic, mar táim tar éis tú a fheiceáil arís.” Agus rinne sí gol. 10D'éirigh Tóibít ina sheasamh ansin agus tháinig sé doras an chlóis amach agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh. 11Shiúil Tóibias suas chuige agus domlas an éisc ina láimh aige. Shéid sé isteach ina shúile; rug greim air agus dúirt: “Múscail do mhisneach, a athair!” 12Ansin chuir sé an t‑ungadh air agus chuimil sé isteach é agus ag tosú dó ag cúinní a shúl bhain sé an screamh bhán díobh lena dhá láimh. 13Chaith a athair é féin ar a bhráid 14agus rinne sé gol agus dúirt: “Feicim thú, a mhic, a sholas mo shúl!” Lean sé air:
“Moladh go deo le Dia!
Moladh lena ainm mór!
Moladh lena aingil naofa go léir!
Go gcumhdaí a ainm mór sinn
agus go moltar a chuid aingeal go léir
go brách agus choíche.
15Óir bíodh is gur thug sé sciúrsáil dom,
feicim mo mhac, Tóibias, anois.”
Chuaigh Tóibias isteach ansin agus é lán d'áthas agus ag moladh Dé in ard a ghutha. D'inis sé dá athair gur éirígh thar barr lena thuras; go raibh sé tar éis an t‑airgead a fháil agus Sárá, iníon Raguéil, a phósadh agus nárbh fhada go dtiocfadh sise i láthair mar go raibh sí an-ghairid do gheata Nínivé cheana féin.
16Amach le Tóibít féin ar an toirt go dtí geata Nínivé chun bualadh le bean chéile a mhic agus é lán d'áthas agus ag moladh Dé. Tháinig ionadh ar mhuintir Nínivé nuair a chonaic siad é ag gabháil go beo bríomhar tríd an gcathair agus gan aon duine á threorú. 17Thug Tóibít buíochas do Dhia os a gcomhair go léir de bhrí go ndearna sé trócaire air agus gur oscail sé a shúile. Nuair a tháinig sé i ngar do Shárá, bean chéile a mhic, Tóibias, bheannaigh sé di, á rá: “Céad míle fáilte romhat, a iníon! Moladh go deo le do Dhia a sheol chugainn thú, a iníon! Beannacht Dé ar d'athair agus ar mo mhac, Tóibias, agus ort féin, a iníon! Tar isteach i do theach féin; go bhfága Dia do shláinte agat agus go raibh rath agus lúcháir ort de shíor; isteach leat, a iníon ó!” Ba mhór ar fad an t‑áthas a cuireadh ar na Giúdaigh a bhí i Nínivé an lá sin. 18Tháinig a chol ceathracha Aichícheár agus Nadáb 19 ag déanamh gairdis i gcuideachta Thóibít chomh maith.
Currently Selected:
Tóibít 11: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.