YouVersion Logo
Search Icon

Laoi na Laoithe 2

2
Ise
1Lus an chroimchinn beag ar mhá mé,
seileastar bocht i ngleann.
Eisean
2Seileastar idir driseacha
mo rúnsa idir mná.
Ise
3Crann úll thar chrainn na coille
mo ghrása thar fir.
Faoina scáth suím, mar ba mhian liom;
milis le mo bhéal a ulla.
4Thug sé go teach an fhíona mé;
grá a mheirge orm.
5Neartaigí le cácaí rísín mé;
Cuirigí brí ionam le húlla,
Mar tá galar an ghrá orm.
6A lámh chlé faoi mo cheann,
a lámh dheas tharm anall.
Eisean
7Agraím oraibh,
a mhná Iarúsailéim,
dar fia agus eilití na má,
Ná corraigí, ná músclaígí mo rún
go dtograí sí féin.
Ise
8Éist! mo ghrá!
Chugainn é
thar bharr na gcnoc
ag léim na ngleannta.
9Cosúil mo ghrá le heilit
nó le fia óg ag léim.
Sin é lasmuigh anois é,
ag féachaint isteach an fhuinneog,
Ag faire agus ag glinniúint.
10Seo é mo ghrá ag labhairt liom:
Eisean
Éirigh chugam, a rún;
a ghile, gluais liom.
11Seo anois tá an geimhreadh thart,
tá an bháisteach glanta feasta,
12tá an tír seo againne faoi bhláth,
tháinig aimsir scoite na bhfíniúna;
tá an fearán ag durdáil amuigh,
13figí glasa ar an gcrann,
cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith.
Éirigh chugam, a rún;
a ghile, gluais liom.
Eisean
14Mo cholm i scailp na haille,
i bhfolach i bpluaiseanna,
dá bhfeicfinn do ghnúis,
dá gcluinfinn do ghuth!
óir is binn é do ghuth,
is álainn í do ghnúis.
Ise
15Beirigí ar na sionnaigh,
na sionnaigh bheaga dúinn,
do mhill an fíonghort,
ár bhfíonghort faoi bhláth.
16Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise,
i measc na mbláthanna chuir sé a thréad,
17Go séide lá
go scaipe scáth,
fill...
bí cosúil, a ghrá, le heilit,
nó le hoisín na bhfia
ar Chnoc [Tairngire].

Currently Selected:

Laoi na Laoithe 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in