YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 30

30
1An té a bhfuil grá aige dá mhac, tabharfaidh sé léasadh dó go minic,
i dtreo go mbeidh sé ina lúcháir aige nuair a chuirfear i gcrích é.
2An té a chuireann smacht ar a mhac, beidh a thairbhe aige,
agus beidh sé ina ábhar maíte aige i measc a lucht aitheantais.
3An té a thugann teagasc dá mhac, beidh a naimhde in éad leis,
agus beidh sé mórtasach as i measc a chairde.
4Fág go bhfaigheadh an t‑athair bás is geall le beo fós dó,
mar fágann sé a fhinechruth ina dhiaidh.
5Fad a mhair sé bhí sé de shólás aige radharc a bheith aige air,
agus ag fáil bháis dó ní raibh aon mhairg air.
6Fágann sé fear a imreoidh díoltas ar a naimhde,
agus a íocfaidh an comhar lena chairde.
7An té a dhéanann peata dá mhac, beidh sé ag cur bindealáin lena chréachtaí,
agus beidh a chroí go dtí a bhéal le gach liú.
8An capall nach mbristear, bíonn sé ceanndána,
agus an mac gan smacht bíonn sé stuacach.
9Bí ag peataireacht le do mhac, agus cuirfidh sé scanradh ort;
bí ag súgradh leis, agus cuirfidh sé dólás ort.
10Ná bí ag gáire leis chun nach mbeifeá ag gol leis,
agus ar deireadh go mbeadh d'fhiacla ag gioscán.
11Ná tabhair údarás dó ina óige,
agus ná caoch súil ar a thuaiplisí.
12[Crom a mhuineál agus é ina naíonán]
agus buail a mhaotháin agus é óg
d'fhonn nach n‑éireodh sé ceanndána agus bheith
easumhal duit (agus brón a chur ar do chroí).
13Cuir smacht ar do mhac agus lean air,
d'fhonn nach dtabharfadh a mhínáire aithis duit.
Sláinte agus Aoibhneas
14Is fearr as an bochtán ina shláinte agus ina neart,
ná an duine saibhir atá á chrá ag drochshláinte.
15Is fearr sláinte agus neart ná ór ar bith,
agus colainn dhochaite ná maoin gan áireamh.
16Is fearr sláinte choirp ná saibhreas ar bith,
agus ní sháraíonn aon aoibhneas an croí suairc.
17Is fearr an bás ná saol dona,
agus suaimhneas síoraí ná breoiteacht bhuan.
18Is cuma nithe maithe a chaitheamh le béal iata,
nó ofrálacha bia a fhágáil ar uaigh.
19Cén tairbhe d'íol ofráil torthaí?
níl cumas ite ná bolaithe aige;
is mar sin don té ar a luíonn an Tiarna.
20Faigheann sé lán a shúl, agus bíonn ag cneadaíl
dála an choillteáin a bhíonn ag cneadaíl agus é ag breith barróige ar mhaighdean.
21Ná tabhair thú féin suas don bhrón
agus ná bí do do chiapadh féin d'aonghnó.
22Maireann an duine ar aoibhneas croí,
agus is fad saoil dó an t‑áthas.
23Cuir lúcháir ar d'aigne agus tabhair sólás do do chroí;
cuir an ruaig i bhfad uait ar an mbrón,
mar is iomaí duine a scrios an brón,
agus ní aon tairbhe é d'aon duine.
24Ciorraíonn an t‑éad agus an fhearg saol duine,
agus déanann imní an tseanaois a bhrostú.
25Fear croí éadroim agus fear croí mhóir,
beidh [rian a choda] air.

Currently Selected:

Síorach 30: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in