Apacailipsis (Taispeántadh) 7
7
Saorfar Seirbhísigh Dé
1Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain á gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann. 2Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir, 3agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.” 4Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael. 5Cuireadh an séala
ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Reúbaen,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád,
6ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,
7ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,
8ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin.
Luach Saothair do na Naoimh
9Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.
10Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!” 11Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n‑aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé 12á rá: “Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.”
13Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: “Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?” 14Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n‑éidí i bhfuil an Uain. 15Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d'oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint; 16ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg. 17Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”
Currently Selected:
Apacailipsis (Taispeántadh) 7: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.