YouVersion Logo
Search Icon

Salm 42

42
An Dara Leabhar
Saint chun Dé agus chun a Theampaill
1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.
2 Faoi mar a shantaíonn an eilit
na sruthanna uisce
is amhlaidh a shantaíonn m'anam
thusa, a Dhia.
3 Tá cíocras chun Dé ar m'anam
chun Dé bheo;
cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé
gnúis mo Dhé.
4 Is iad mo dheora is bia dom
de lá agus d'oíche
nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae:
“Cá bhfuil do Dhia?”
5 Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh
nuair a chuirim mo racht díom:
mar a ghluaisinn i dtosach an tslua
ag triall ar theach Dé dom,
le gártha gairdis agus molta
i ndáil fleá agus féile.
6 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
7 Tá m'anam go buartha istigh ionam,
is ort a bhím ag cuimhneamh
ó thír na Iordáine, ó Hearmón,
agus fós ó Shliabh Mizeár.
8 Glaonn na duibheagáin ar a chéile
le torann do chuid easanna.
Tagann do thonnta agus do thuilte go léir
ina gcaisí anuas orm.
9 Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá
orm de lá
agus canfaidh mé ceadal san oíche
do Dhia mo bheo.
10 Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth
a ndearna tú dearmad orm?
Cad chuige dom triall go dobrónach
is mo namhaid do mo chrá?
11 Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam
tarcaisníonn mo naimhde mé,
á rá liom gan stad in aghaidh an lae:
“Cá bhfuil do Dhia?”
12 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Currently Selected:

Salm 42: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in