YouVersion Logo
Search Icon

Salm 40

40
Is Fearr an Umhlaíocht ná an Íobairt
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
A
2 D'fhan mé go foighneach leis an Tiarna
agus chrom sé chugam
gur éist sé le mo ghuí.
3 Tharraing sé mé as díog na díthe,
as láib an bhogaigh;
chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig
agus dhaingnigh mo choiscéimeanna.
4 Chuir sé amhrán nua i mo bhéal:
duan dár nDia.
Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu,
agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.
5 Is aoibhinn don té a chuireann
a dhóchas sa Tiarna;
an té nach gcloíonn le huaibhrigh
ná le déithe bréige.
6 Nach iomaí sin éacht a rinne tú,
a Thiarna is mo Dhia!
Níl aon neach inchurtha leatsa
sna comhairlí a cheap tú dúinn.
Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh
rachadh a gcomhaireamh díom.
7 Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach d'oscail tú mo chluasa.
Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;
8 ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé!
i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm
9 go ndéanfainn do thoilse.
A Dhia, is áil liom do dhlí
i ndiamhair mo chroí.”
10 Rinne mé d'fhíréantacht a fhógairt
sa chomhdháil mhór.
Cosc níor chuir mé le mo bhéal
mar is eol duit, a Thiarna.
11 Níor fholaigh mé d'fhíréantacht i mo chroí
ach d'fhógair mé do chabhair dhílis;
níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne
ar an gcomhdháil mhór.
B
12 A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil
uaim go brách.
Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinne
mo chaomhnú choíche.
13 Tá mórán olc i mo thimpeall,
oilc gan áireamh.
Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta
nach bhfeicim dada;
ní lia ribí mo chinn ná iad
agus teipeann mo mhisneach orm.
14 Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt;
brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
15 Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach
ar a bhfuil fonn mo mharaithe;
go gcuirtear ar gcúl faoi náire
a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.
16 Go ndalltar le náire an drong
a deir liom: “Há! há!”
17 Go ndéana a mbíonn ar do lorg
ríméad agus gairdeas ionat.
Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:
“Moladh leis an Tiarna!”
18 Cé gur dealbh agus gur dearóil mise
déanann an Tiarna cúram díom.
Is tú mo chabhair agus m'fhuascailteoir;
ná moilligh, a Dhia liom.

Currently Selected:

Salm 40: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in