YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 20

20
Uiscí Mhiríbeá
1An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í. 2Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón. 3Thug an pobal a ndúshlán faoi Mhaois: “Uch gan sinn a fháil bháis,” ar siad, “mar a fuair ár mbráithre bás i láthair an Tiarna! 4Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d'fhonn go bhfaighimís bás anseo - sinn féin agus ár n‑eallach? 5Cén fáth ar sheol sibh amach as an Éigipt sinn le teacht chun na háite danartha seo? Ní aon áit é d'arbhar, ná do fhigí, do fhíniúna ná do phomagránaití agus níl aon uisce le hól ann.” 6Ansin d'imigh Maois agus Árón ón gcomhthionól agus tháinig go doras Bhoth na Teagmhála. Chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh, agus thaispeáin gloir an Tiarna í féin dóibh. 7Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 8“Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.” 9Thóg Maois an chraobh ó láthair an Tiarna mar a d'ordaigh sé dó. 10Ansin ghair Maois agus Árón an comhthionól le chéile os comhair na carraige agus dúirt leo: “Éistigí anois a lucht na ceannairce! An dtabharfaimid uisce ina shruth as an gcarraig seo daoibh?” 11D'ardaigh Maois a lámh agus bhuail sé an charraig faoi dhó leis an tslat, agus tháinig uisce amach ina thuile agus d'ól an comhthionól agus a n‑eallach deoch. 12Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.” 13Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc.
Eadóm
14Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: “Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn; 15chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d'fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir. 16Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche. 17Lig dúinn gabháil trí do thír. Ní rachaimid trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin gan casadh ar dheis ná ar chlé go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.” 18Ach d'fhreagair Eadóm é: “Ná gabh trí mo chríochasa nó tiocfaidh mé amach chun tú a ionsaí.” 19Dúirt clann Iosrael leis: “An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d'uisce, mise féin nó m'eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.” 20D'fhreagair Eadóm: “Ní dhéanfaidh sibh,” agus tháinig Eadóm amach ina n‑aghaidh le slua mór agus le tréan-neart. 21Dhiúltaigh Eadóm cead slí trína chríocha d'Iosrael, ar an gcuma sin, agus chas Iosrael i leataobh uaidh.
Bás Árón
22Chuireadar chun bothair ó Cháidéis agus tháinig comhthionól chlann Iosrael go léir go Sliabh Hor. 23Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón ag Sliabh Hor ar theorainn chríocha Eadóm. 24“Ní foláir,” ar sé, “Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m'aghaidh ag uiscí Mhiríbeá. 25Beir leat Árón agus a mhac Eileázár agus tabhair suas go Sliabh Hor iad. 26Ansin bain a éidí d'Árón agus cuir ar a mhac Eileázár iad; cruinneofar Árón chun a mhuintire agus gheobhaidh sé bás ansiúd.” 27Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile. 28Bhain Maois a éidí d'Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh. 29Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.

Currently Selected:

Uimhreacha 20: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in