YouVersion Logo
Search Icon

Uimhreacha 16

16
Ceannairc Chorach, Dhátán agus Aibíorám
1Corach mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, agus Dátán agus Aibíorám mic Eilíáb agus Ón mac Pheilit - mic le Reúbaen a ba ea Eilíáb agus Peilit - 2ghabhadar cabhair fear chucu agus d'eiríodar amach in aghaidh Mhaois, agus mar aon leo dhá chead caoga de chlann Iosrael, ceannairí sa chomhthionól, fir a bhí oirearc sna féilte sollúnta, lucht dea-cháile. 3Chruinníodar seo le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón agus dúradar leo: “Tá sibh dulta thar fóir! Tá an comhthionól go léir coisricthe, gach duine riamh díobh, agus maireann an Tiarna ina gcoimhdeacht. Cad ab áil libh dá bhrí sin do bhur gcur féin os cionn chomhthionól an Tiarna?” 4Arna chlos sin do Mhaois chaith sé é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla 5agus dúirt le Corach agus lena lucht leanúna go léir: “Ar maidin amárach, nochtfaidh an Tiarna cé is leis, agus cé hé an duine coisricthe a scaoilfidh sé ina chóngar. An té a scaoilfidh sé ina chóngar, sin é an té a thogh sé. 6Sé seo atá le déanamh agaibh: tógaigí túiseoirí Chorach agus a lucht leanúna go léir; 7cuirigí tine iontu agus cuirigí túis iontu i láthair an Tiarna amárach. Sé an té atá coisricthe a thoghfaidh an Tiarna. Tá sibh dulta thar fóir, a mhaca Léiví.”
8Dúirt Maois le Corach: “Tugaigí cluas dom anois, a mhaca Léiví. 9An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son? 10Ghlaoigh sé ort le bheith taobh leis, tú féin agus do chomhbhráithre, clann Léiví, in éineacht leat, agus seo thú anois ag tnúth leis an tsagartacht chomh maith. 11Uime sin is in aghaidh an Tiarna féin a rinne tú féin agus do lucht leanúna go léir an tóstal; cad é Árón go ndéanfadh sibh monabhar ina aghaidh?”
12Ghlaoigh Maois chuige ar Dhátán agus ar Aibíorám clann Eilíáb. D'fhreagraíodar: “Ní thiocfam! 13Nár leor sinn a thabhairt ó thír ina raibh bainne agus mil ina slaoda le bás a fháil san fhásach seo, agus gan a bheith ag iarraidh bheith i do thiarna orainn anois? 14Agus tharais sin, níor thug tú sinn isteach in aon tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda ann, ná níor bhronn tú aon tailte ná fíonghoirt mar oidhreacht orainn. An amhlaidh is dóigh leat gur dall atá na daoine seo? Ní thiocfam.” 15Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”
16Dúirt Maois le Corach: “Tar féin agus do lucht leanúna go léir os comhair an Tiarna amárach - tusa agus iadsan agus Árón chomh maith. 17Tugadh gach duine agaibh a thúiseoir leis, cuireadh sé túis ann, agus beireadh sé a thúiseoir i láthair an Tiarna - dhá chéad caoga túiseoir; tú féin agus Árón chomh maith, beireadh gach duine agaibh a thúiseoir leis.” 18Thóg gach fear a thúiseoir más ea, chuir tine ann, agus chuir túis ar an tine. Bhíodar ina seasamh ag doras Bhoth na Teagmhála agus Maois agus Árón in éineacht leo. 19Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir.
20Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: 21“Scaraigí ón bpobal seo, mar go bhfuilimse chun iad a scrios ar an toirt.” 22Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?” 23D'fhreagair an Tiarna: 24“Abair é seo,” ar sé, “leis an gcomhthionól: ‘Druidigí glan amach ó chóngar áitreabh Chorach (agus Dhátán agus Aibíorám).’ ”
25D'éirigh Maois ina sheasamh ansin agus chuaigh go Dátán agus Aibíorám, agus lean seanóirí Iosrael é. 26Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.” 27Dhruideadar amach dá bhrí sin ó chóngar áitreabh Chorach.
Bhí Dátán agus Aibíorám tagtha amach agus iad ina seasamh i mbéal a mbothanna, agus a mná agus a mic agus a leanaí beaga in éineacht leo. 28Labhair Maois: “Leis seo,” ar sé, “beidh a fhios agaibh gur sheol an Tiarna féin mé chun na hoibreacha seo a dhéanamh, agus nach de mo rogha féin é: 29má fhaigheann na daoine seo bás de bhás coiteann, nó más í cinniúint gach duine a bhuaileann iad, ansin níor sheol an Tiarna mé. 30Ach má dhéanann an Tiarna rud éigin nua glan, má osclaíonn an talamh a chraos agus iad a shlogadh, iad féin agus gach a mbaineann leo, i dtreo go dtéann siad síos ina mbeatha go Seól, ansin beidh fhios agaibh gur shéan na fir seo an Tiarna.”
31Ní raibh ach a dheireadh sin uile ráite aige nuair a scoilt an talamh ar leathadh fúthu, 32d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile. 33Chuadar síos ina mbeatha go Seól, iad féin agus gach ar bhain leo; dhún an talamh orthu agus bhíodar sciobtha ó lár an chomhthionóil. 34Theith na hIosraelaigh go léir a bhí ina dtimpeall roimh a liú; óir, a dúradar: “Ná slogadh an talamh sinn!” 35Tháinig lasair anuas ón Tiarna agus loisc sé an dá chead caoga fear ag ofráil na túise.
36Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 37“Abair le Eileázár mac Árón an sagart na túiseoirí a thógáil as an ngríosach agus an tine neamhdhleathach seo a scaipeadh ar fud an bhaill, 38óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.” 39Thóg Eileázár an sagart na túiseoirí cré-umha a d'iompar an dream a loisceadh, agus buaileadh amach ina mbileoga iad mar chumhdach don altóir, 40lé bheith ina sampla do chlann Iosrael á chur i gcuimhne dóibh nach ceadmhach d'aon duine nach sagart agus nach de shíol Árón, teacht i ngaobhar an Tiarna le túis a dhó, le heagla gurb é dála Chorach agus a chomplachta ba chríoch dó, faoi mar a dúirt an Tiarna le hEileázár trí bhéal Mhaois.
41Lá arna mhárach bhí comhthionól uile chlann Iosrael ag monabhar in aghaidh Mhaois agus in aghaidh Árón, á rá: “Tá an bás tugtha agat sa mhullach ar phobal an Tiarna!” 42Agus an comhthionól go léir ag cruinniú le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón, d'fhéachadarsan i dtreo Bhoth na Teagmhála, agus b'shiud é an néal á chlúdach agus glóir an Tiarna á thaispeáint. 43Chuaigh Maois agus Árón go doras Bhoth na Teagmhála, 44agus labhair an Tiarna le Maois: 45“Druid glan amach ón gcomhthionól seo; táim ar tí iad a scrios ar an toirt.” Agus chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla. 46Ansin dúirt Maois le hÁrón: “Tóg do thúiseoir, cuir tine ón altóir ann, agus leag túis air, agus brostaigh leis go dtí an comhthionól chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh; óir tá fraoch na feirge sceite anuas ón Tiarna agus tá an phlá sa siúl.” 47Rinne Árón rud ar Mhaois, agus rith faoin gcomhthionól, agus féach bhí an phlá sa siúl ina measc. Chuir sé an túis isteach agus chomhlíon sé gnás an leorghnímh ar son an phobail. 48Ansin sheas sé idir na beo agus na mairbh, agus stad an phlá. 49Ba é líon na ndaoine a mharaigh an phlá sin, ceithre mhíle dhéag agus seacht gcéad seachas iad siúd a fuair bás de bharr Chorach. 50Agus d'fhill Árón ar Mhaois ag doras Bhoth na Teagmhála; bhí an phlá thart.

Currently Selected:

Uimhreacha 16: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy