Marcas 14
14
Comhcheilg in aghaidh Íosa
1Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis; 2óir deiridís: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”
An tUngadh i mBeátáine: Feall Iúdáis
3Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d'ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann. 4Bhí daoine ann a raibh mícheádfa acu agus dúirt siad le chéile: “Cén fáth an diomailt ola seo? 5Ba fhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t‑airgead a thabhairt do na boicht.” Agus bhí siad ag casaoid léi. 6Ach dúirt Íosa: “Ligigí di! Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros di? 7Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí. 8A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha. 9Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”
10Agus chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí uachtaráin na sagart chun é a thabhairt ar láimh dóibh. 11Nuair a d'airigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh.
Ullmhú don Cháisc
12Ar an gcéad lá d'fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail leis: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?” 13Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis. 14Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n‑ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’ 15Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.” 16D'imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d'ullmhaigh siad an cháisc.
Tá Duine Díbh chun mé a Bhrath
17Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig sé leis an dáréag. 18Agus nuair a bhí siad ina suí ag ithe, dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach: tá duine agaibh atá ag ithe in éineacht liom a bhraithfidh mé.” 19Tháinig buaireamh orthu agus thosaigh siad ar a fhiafraí de, ina nduine is ina nduine: “An mise é?” 20Dúirt sé leo: “Duine den dáréag é, duine a thumann a lámh sa mhias i mo theannta. 21Sea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
Bunú na Naomh-shacraiminte
22Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.” 23Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d'ól siad go léir as. 24Agus dúirt sé leo: “Is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán. 25Deirim libh go fírinneach, nach n‑ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”
Rabhadh do Pheadar
26Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go Cnoc na nOlóg. 27Agus dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus scaipfear na caoirigh.’ 28Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.” 29Ach dúirt Peadar leis: “Siúd is go nglacfaidh cách scannal, ní ghlacfaidh mise.” 30Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” 31Ach is mar sin is déine a labhair sé: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt siad uile an rud céanna.
Guí Íosa sa Ghairdín
32Tháinig siad go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt sé lena dheisceabail: “Fuirígí anseo fad a bheidh mé ag guí.” 33Rug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin agus thosaigh sé ar bheith go critheaglach agus in anbhuain. 34Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.” 35Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar an talamh, agus ghuigh go ngabhfadh an uair thairis, dá mb'fhéidir é, agus dúirt sé: 36“Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.” 37Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh? 38Bígí ag faire agus ag guí ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.” 39Agus d'imigh sé arís agus ghuigh sé ag rá na bhfocal céanna. 40Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad mar bhí a súile trom; agus ní raibh a fhios acu cén freagra a thabharfaidís air. 41Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: “Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t‑am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. 42Éirígí! Bímis ag gluaiseacht. Seo chugainn fear mo bhraite.”
Íosa á Ghabháil
43Sula raibh an focal as a bhéal, tháinig Iúdás, duine den dáréag agus slua lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart, agus ó na scríobhaithe, agus ó na seanóirí. 44Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.” 45Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; “A Raibí,” ar seisean leis, agus phóg sé é. 46Leag siad siúd a lámha air agus ghabh siad é. 47Ach duine dá raibh ina sheasamh ansiúd, tharraing sé a chlaíomh, agus bhuail seirbhíseach an ardsagairt agus bhain an chluas de. 48Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? 49Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil. 50Ach is chun go gcomhlíonfaí na scrioptúir é.” Agus thug siad uile a gcúl leis agus theith. 51Fear óg a bhí á leanúint, ní raibh air ach brat línéadaigh. 52Rug siad air, ach lig sé an brat leo agus rith uathu agus é nocht.
Íosa i Láthair na Sainidríne
53Sheol siad Íosa leo go dtí an t‑ardsagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd. 54Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach i gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é á théamh féin leis an tine.
55Agus bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín uile ag lorg fianaise in aghaidh Íosa d'fhonn é chur chun báis, ach ní fhuair siad. 56Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach. 57Agus d'éirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh á rá: 58“Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’ ” 59Ach níor réitigh a bhfianáise fiú sa mhéid sin. 60Agus d'éirigh an t‑ardsagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, á rá: “Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo á dhearbhú ort?” 61Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?” 62Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.” 63Stróic an t‑ardsagart a róbaí: “Cad is gá dúinn a thuilleadh d'fhinnéithe?” ar sé, “chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?” 64Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige. 65Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.
Séanann Peadar Íosa
66Nuair a bhí Peadar laistíos sa chúirt, tháinig duine de chailíní aimsire an ardsagairt, 67agus nuair a chonaic sí Peadar á théamh féin, d'fhéach sí go géar air agus dúirt leis: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Nazairéanach.” 68Ach shéan sé é, á rá: “Ní eol dom, ní thuigim cad a deir tú.” Agus d'imigh sé amach sa réamhchúirt agus ghlaoigh an coileach. 69Chonaic an cailín aimsire é agus thosaigh ar a rá arís leis na daoine a bhí ina seasamh timpeall: “Is duine díobh é seo.” 70Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: “Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach tú ar ndóigh.” 71Ach thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine seo a deir sibh.” 72Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: “Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus bhris an gol air.
Currently Selected:
Marcas 14: ABN
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.