YouVersion Logo
Search Icon

Iób Leabhar Iób

Leabhar Iób
Brollach
Leabhair na hEagna
D'fhás sé mar nós go luath i measc na gCríostaithe “Leabhair na hEagna” a thabhairt ar sheacht leabhar – Iób, Na Sailm, Seanfhocail, Cóheilit, Laoi na Laoithe, Leabhar na hEagna agus Síorach. Ní furasta a chinntiú cén chiall chruinn atá leis an bhfocal eagna nuair a luaitear é leis an liosta seacht leabhar a luamar romhainn. Is léir cibé scéal é go gciallaíonn sé go ginearálta teagasc faoin saol laethúil agus faoin dea-iompar; is minic gur comhairle athar dá mhac, sort Theagasc Chormaic a bhíonn ann, agus é bunaithe ar sheantaithí agus críonnacht. Is léir má ghlacaimid leis an bhfocal eagna sa chiall sin, nach mbaineann an dá leabhar úd Na Sailm agus Laoi na Laoithe leis an liosta, ach gur de ghrá na háisiúlachta a áiríodh leis na cúig cinn eile iad.
Úsáidtear an focal eagna mar aistriú ar an Eabhrais chacam (chakam); Gréigis sophia, ach ní thugann sé iomlán na céille leis i gcónaí sa tslánchruinne; déantar chacam a thagairt e.g. do chumas an cheardaí (Eax. 31:3), d'ealaín an rialaithe (Ir. 50:35) agus do ghliocas an draíodóra nó an easarlaí. Ní eolas teoirice a bhíonn i gceist in aon chás díobhsan, ach eolas gnímh agus birt, eolas a cheannaítear le taithí an tsaoil agus an domhain; eolas a bhaineann go dlúth le fadhbanna an tsaoil. Malairt na heagna an “bhaois” agus ní aineolas a bhíonn i gceist léi ach místuaim, uaill, agus éagantacht.
D'eascair litríocht na heagna agus na gaoise ó fhoinsí láir na sibhialtachta – an Mheasapatáim agus an Éigipt, i bhfad sula raibh aon chuimhneamh ar litríocht ghaoise an Bhíobla. Níl aon amhras ná go raibh litríochtaí eile mar spreagadh agus mar bhonn ag cuid de litríocht eagna an Bhíobla. Tháinig cnuasaigh mhóra seanfhocal ón Measapatáim, mar aon le fabhalscéalta agus laoithe ar chruatan an tsaoil – leithéid Dhán an Fhíréin ag Fulaingt nó Ludlul bel Nemeqi a fhreagraíonn do Iób an Bhíobla.
Is é feidhm na heagna san Éigipt ná an t‑aos óg a oiliúint sa dea-iompar, sa ma'at mar a thugann na hÉigiptigh air, focal arb é aistriú is fearr air ná “an ceart”, “ord na cruinne a thagann ó dhia”. Sé idéal a chuirtí faoi bhráid na n‑óg ná “an fear ceart-thostach” a dhéanann beart de réir ma'at, a choimeádann srian leis féin i gcónaí.
Tá an-chosúlacht ag nithe áirithe i Leabhar na Seanfhocal le “teagasc” nó sebayit na nÉigipteach. Agus, féach, go bhfuil tagairtí do Scéal Ahícar ón Measapatáim sa leagan Gréigise de Thóibít.
Sé tá i litríocht na heagna in Iosrael dá bhrí sin ná cuid de shaíocht an Mheán- nó an Ghar-Oirthir mar a chuirtear in iúl i gcúinsí faoi leith an phobail thofa í. Is léir nach gcuireann teorainn náisiúin teorainn lena leithéid sin de ghaois; agus is beag aird a thugann sí ar théamaí creidimh. Taithí agus ciall cheannaigh a mhúineann cad is ciall le himeachtaí an tsaoil dar léi; agus tugann sí treoir ar chosán an tsonais. Is féidir “gaois cheannaithe” a thabhairt ar an eagna seo, nó gaois na taithí.
Cuireadh an oiread sin béime i seanchas na nGiúdach ar Sholamh († c. 922 R.Ch.) agus ar a bhaint le forbairt litríocht na heagna gur cuireadh formhór leabhair eagna an Bhíobla ina leith. Tugtar abair, Mishle Shelomo, “Seanfhocail Sholaimh”, ar Leabhar na Seanfhocal. Ní raibh sa mhéid sin, áfach, ach nós na súdúdarachta lena ndéanadh na saoithe fadó iarracht ar bhreis tábhachta a thuilleamh dá saothar.
Deirtear in 1 Ríthe 5:9-10 “Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh … Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte go léir.” An tagairt shoiléir seo do ghaois nó d'eagna na hÉigipte sa téacs is leid é go raibh tuiscint ag Iosrael féin ar dhúchas idirnáisiúnta a lán dá seanchas gaoise. Sna leabhair is déanaí amháin, i Síorach agus i Leabhar na hEagna, a fhaighimid na téamaí creidimh a bhaineann go speisialta le diagacht Iosrael .i. an dlí, an conradh, toghadh Iosrael, an slánú. D'eascair agus d'fhás an traidisiún gaoise i ndlúthcheangal le hoiliúint na bhfeidhmeannach cúirte i ríocht Sholaimh; ní raibh d'eiseamláirí ar fáil ag an ríshliocht nua ach na náisiúin fhorbartha mar an Éigipt. Níos déanaí ná sin, le linn Íseáia (san ochtú haois R.Ch.), faighimid tagairt shoiléir do “shaoithe” (chacamím, Ís. 29:14), agus is dócha gurb iad comhairleoirí an rí, a think-tank, a chúltaca pearsanta, atá i gceist; chuir Íseáia ina leith go raibh drochchomhairle dhíobhálach á cur acu ar an rí.
Ach ní ag feidhmeannaigh na cúirte amháin a bhí an eagna. Bhí sórt eile eagna faoi bhláth i measc na cosmhuintire, eagna a bhí neamhspleách leis an gcúirt (cf. 1 Sam. 24:14 seanfhocal é: Tagann an urchóid ón duine urchóideach); phléigh an eagna seo is dócha le cruachás na ngnáthdhaoine go háirithe in aimsir ghátair, dheoraíochta, nó chogaidh, e.g. “D'ith na haithreacha caora searbha, agus cuireadh déistean ar fhiacla na clainne” (Ir. 31:29; Eiz. 18:2). Bhí an tomhas freisin forleathan i ngaois an phobail, e.g. “Céard iad na trí nithe nach ndeir choíche: Is leor sin? – Seól, an bhroinn sheasc, an talamh, agus an tine” (Seanfh. 30:16). Phléigh eagna na nIosraelach le nithe eile seachas conách na beatha, agus an rath. Déanann Leabhar Iób cás truamhéileach an neamhchiontaigh atá ag fulaingt a ionramháil agus a shuaitheadh; diúltaíonn Cóheilit glacadh le dearcadh muiníneach dhaoine eile ar an saol sona; dá réir seo níl sa saol ach baois agus baois na baoise.
Tá dhá leabhar eagna – Síorach nó Ecclesiasticus agus Leabhar na hEagna nó Leabhar Eagna Sholaimh – i gCanóin na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí nach bhfuil sa Bhíobla Eabhrach agus a áirítear ar na hapacrafaí ag Protastúnaigh agus Anglacánaigh.
Leabhar Iób
Moltar Leabhar Iób mar shárleabhar agus áirítear é uaireanta ar na leabhair is fearr dár scríobhadh riamh agus ar cheann de na léiriúcháin is fearr dá bhfuil ar fáil ar fhadhb na beatha – an bhfuil ceart ná cóir ar chlár na cruinne? Conas is féidir cóir Dé agus piolóidí an neamhchiontaigh a thabhairt chun réitigh?
(i) Struchtúr
Cruachás an neamhchiontaigh atá ag fulaingt téama an leabhair seo, saothar ealaíonta fileata den chéad scoth. Mar atá sé sa Bhíobla anois seo é a struchtúr:
(a) Réamhrá agus Dúnadh próis. Tá dhá chaibidil sa Réamhrá. Inseann sé faoin bhfear an-saibhir seo, Iób, atá an-chráifeach chomh maith. Baineann an Sátan de réir an scéil seo leis an gcúirt neamhaí. Maíonn sé seo gur ar mhaithe leis féin dáiríre atá Iób chomh dílis sin ag fónamh do Dhia. Ceadaítear don Sátan, don áibhirseoir, Iób a chiapadh d'fhonn a dheabhóid a thriail; sciobann sé uaidh a mhaoin agus a chlann, ach leanann Iób ar aghaidh go dílis. Ceadaítear don Sátan ansin galar pianmhar a leagan ar Iób, ach ní thugann sé cúl ar Dhia. Ag an bpointe seo tagann triúr eile ar an stáitse – triúr cairde le Iób, “sólásaithe Iób”, mar a thugtar orthu go minic – Eilífeaz, Bildead agus Zófar. Thángadar le sólás a thabhairt dá gcara a bhí á chiapadh. Seo mar a dhúnann an Réamhrá: “Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n‑oíche gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é” (2:13). Leanann corp an leabhair.
(b) Sa dán mór i gcaibidil 3 agus sna caibidlí ina dhiaidh tá trí threachaing d'óráidí, trí agallamh, ina ndéannann a chairde iarracht ar a áiteamh ar Iób gur chóir dó glacadh lena phionós mar phionós dá chionta, ach áitíonn Iób nach bhfuil aon ní déanta aige a thuillfeadh pionós chomh dian. Ansin, i gcaibidil 23, tagann laoi ar an eagna, ina bhfuil cur síos soilbhir ar éirim an duine, ach admháil chomh maith nach féidir leis ciall ná brí na beatha a aimsiú, ná an eagna a cheapadh. B'fhéidir gur chuid bhunúsach de Leabhar Iób an laoi seo. Sé a leanann í ná dearbhú daingean deiridh Iób go bhfuil sé neamhchiontach (cc. 29-31).
Tagann ógfhear faoinár mbráid ansin – Eilíhiú, agus cuireann sraith óráidí as (cc. 32-37) lena ndéanann sé iarracht ar fheabhas a chur ar argóintí cairde Iób ina aghaidh. Sé tá sna hóráidí seo ná breis dhéanach a chuir scoláire le Leabhar Iób agus é ag iarraidh cur leis an argóint ar son chóir Dé.
Dúntar le dhá aitheasc ó Dhia féin (cc. 38-41); ina fhreagra ar Iób nochtann Dia iontais agus ilghnéitheacht na cruinne, sárobair Dé, agus tugann dúshlán Iób – Cé hé thú féin? An tusa an cruthaitheoir? Freagraíonn Iób agus géilleann do shlite diamhara an chruthaitheora.
Sa Dúnadh próis (42:7-17) feicimid Dia ag ceartú an triúr cairde agus a ndiagacht lochtach, agus ag bronnadh a chonáigh ar ais ar Iób.
Mar is léir óna bhfuil raite faoi struchtúr an leabhair, tá na dréachtaí próis sa bhrollach agus sa dúnadh ar leithligh ón dán mór cc. 3 – 42:6. Ní hé amháin gur prós atá sna dréachtaí agus filíocht sa chuid eile, ach ní mar a chéile Iób an phróis agus Iób na filíochta.
Tugann an cuntas próis sa bhrollach agus sa dúnadh scéal faoi fhear deabhóideach a fhanann dílis do Dhia ina thrioblóidí go léir agus a ndéantar a fhoighne a chúiteamh leis ar deireadh thiar. Dealraíonn sé go raibh aithne go forleathan ar Iób an scéil seo i litríocht an tseansaoil seachas an Bíobla; ba é an fear stuama daingean ciúin cróga é a dhéanann a chruatan a iompar agus a fhaigheann cúiteamh ar son a fhoighne, “foighne Iób”, ar deireadh thiar. Ach Iób na filíochta, ní fear foighne é ach a mhalairt; is ceannairceach é, agus tugann sé dúshlán cheart Dé, agus ag deireadh an dáin, fágtar fós faoi ualach a pheannaide é. Toisc a dhifiriúla atá an dá Iób, tuigeadh dá lán scoláirí nár scríobh an t‑údar ar dtús ach an dán, agus gur chuir eagarthóir nó eagarthóirí eile na dréachtaí próis leis d'fhonn críoch shona a chur le heachtra thruamhéileach agus, ar an tslí sin, misneach a thabhairt don fhulaingeoir neamhchiontach agus dóchas a mhúscailt ann go ngealfadh an lá. Ach dá ainneoin sin agus uile, tá aontacht dhrámata dáiríre sa leabhar ina iomláine, mar atá sa Bhíobla. Ní ceangal tacair atá ag an mbrollach agus an dúnadh leis an gcuid eile. Sa bhrollach tugtar ar chúl an stáitse sinn, mheasfá, agus scaoiltear isteach i gcomhairle na bhflaitheas sinn; feicimid rud nach eol do Iób féin, go bhfuil sé á phromhadh. Ar an tslí sin níl rúndiamhair a fhulaingthe chomh diamhrach don léitheoir agus atá do Iób féin.
(ii) Téama
Is é ár dtuairim, más ea, go bhfuil aontacht dhrámata i Leabhar Iób mar atá sé. Ní foláir a fhiafraí anois, an aon téama amháin atá ag rith tríd an leabhar?
Pléann an leabhar fadhb an neamhchiontaigh atá ag fulaingt go dóite, agus fiafraíonn sé conas ar féidir Dia cóir a bheith freagrach sa tslí ina bhfuil an domhan mór agus saol mí-ámharach an duine á riar. I leabhar seo Iób cuirtear an cheist seo agus réamhthuairimí diagachta litríochta Deotranaimí mar chúlra léi; is dócha gur sa chúigiú haois R.Ch., a scríobhadh Leabhar Iób, ach baineann an litríocht Dheotranaimeach leis an gcéad bliain roimhe sin. Sa litríocht eile seo déantar stair chasta Iosrael, agus go háirithe na tubaistí móra mar thitim na Samáire (721 R.Ch.) agus toghail Iarúsailéim (587 R.Ch.) a mheas de réir an tslat tomhais go raibh dílseacht Iosrael don dlí á cúiteamh léi trí chonách náisiúnta a bhronnadh uirthi, agus a mídhílseacht trí thubaiste a thabhairt sa mhullach uirthi. Bhí Iób agus a chairde go daingean den tuairim sin ar dtús agus rinneadar í a thagairt go mionchúiseach do mhoráltacht an duine aonair; chiallódh sin go leanfadh an rath an chráifeacht; agus an té a bhí ag fulaingt gur de bhrí gur pheacaigh sé a bhí sin amhlaidh. Nuair a bhuail an tubaiste Iób dá bhrí sin, agus nuair a bhí a fhios aige ina chroí istigh nár pheacaigh sé go trom in aghaidh Dé bhí teagasc seo an chúitimh faoi dhúshlán.
Ní thugann Leabhar Iób an réiteach iomlán ar an bhfadhb. Ní shéantar fíréantacht Iób i ndeireadh an dáin, ach mar sin féin fágtar é féin faoi chiapadh (sa dúnadh próis ar ndóigh bíonn an rath air arís go céadach); diúltaítear dá bhrí sin don tuairim gur deasca peaca an fhulaingt; ba cheartú é sin ar an diagacht Dheotranaimeach, agus ba chéim ar aghaidh é sa tuiscint ar chúrsaí morálta.
Ní foláir cuimhneamh air nach é cén fáth a raibh an méid seo go léir á fhulaingt aige fadhb mhór Iób, ach gur bhraith sé go raibh a ainnise ag teacht idir é féin agus Dia. Déantar a shaint chun caidrimh le Dia a shásamh dá bhrí sin nuair a labhraíonn Dia leis ón ngaoth ghuairneáin.
Níl aon tagairtí sa leabhar d'imeachtaí staire; ón mbéaloideas a thagann Iób chugainn. Is deacair dáta cruinn a chur leis an leabhar dá bhrí sin. Luann daoine an ré iardheoraíochta leis, agus b'fhéidir, an cúigiú haois R.Ch. Tá dán Bablóineach ann, ar a dtugtar uaireanta an Iób Bablóineach, agus tá cosúlachtaí áirithe aige leis, ach tá meon an-Iosraelach ag baint leis an leabhar seo againne.
Níl an oiread sin tábhachta ag baint le pearsa, log ná tráth, ar shlí. Sé atá againn sa leabhar ná iarracht ar fhreagra a thabhairt ar an bhfadhb mhór úd, conas cóir Dé agus fulaingt an fhíréin neamhchiontaigh a thabhairt chun réitigh; déantar an iarracht go cásmhar agus go hionraic. Ach bhí sé de chrann ar an diagaire mór fileata seo de chuid Iosrael nárbh fholáir dó an iarracht a dhéanamh sula raibh aon léas soiléir dóchais fós tugtha ar an aiséirí chun na beatha suthaine.

Currently Selected:

Iób Leabhar Iób: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy