YouVersion Logo
Search Icon

Iób 2

2
1Agus tharla lá eile gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna agus tháinig an Sátan ina láthair mar an gcéanna ina measc. 2Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.” 3Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.” 4Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama. 5Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.” 6Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!”
7Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn. 8Thóg seisean slige leis chun é féin a scríobadh agus suigh sé sa luaithreach. 9Ansin dúirt a bhean leis: “An gcloíonn tú fós le d'fhíréantacht? Cuir do mhallacht ar Dhia agus faigh bás!” 10“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.
11Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d'fhág gach duine díobh an baile - Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát - rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do. 12Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe). 13Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n‑oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é.

Currently Selected:

Iób 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy