YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 8

8
An Bhean Adhaltranach
1Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. 2Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
3Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: 4“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. 5D'ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?” 6Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. 7Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d'éirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.” 8Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. 9Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. 10D'éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” 11“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”]
Íosa Solas an tSaoil agus Mac Dé
12Labhair Íosa leo arís más ea:
“Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil.
An té a leanfaidh mise,
ní shiúlfaidh sé sa dorchacht,
ach beidh aige solas na beatha.”
13Dúirt na Fairisínigh leis ansin: “Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl d'fhianaise iontaofa.” 14D'fhreagair Íosa:
“Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin,
is iontaofa í m'fhianaise,
óir is eol dom cad as ar tháinig mé
agus cá bhfuil mo thriall.
Ach ní eol daoibhse
cad as ar tháinig mé
nó cá bhfuil mo thriall.
15Tugann sibhse breith de réir na colainne;
ní thugaimse breith ar aon duine.
16Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith,
óir ní i m'aonar atáim,
ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.
17Agus tá sé scríofa in bhur ndlí
go bhfuil fianaise beirte iontaofa.
18Tugaimse fianaise i mo thaobh féin,
agus tugann an tAthair a chuir uaidh mé
fianaise i mo thaobh.”
19Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil d'Athair?” D'fhreagair Íosa:
“Níl aithne agaibh ormsa ná ar m'Athair.
Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,
bheadh aithne agaibh ar m'Athair chomh maith.”
20Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. 21Dúirt Íosa leo arís:
“Tá mé ag imeacht
agus beidh sibh ar mo lorg,
agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca.
An áit ina bhfuilim ag dul,
ní féidir daoibhse teacht.”
22Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?” 23Lean sé air:
“Is ón áit thíos sibhse,” ar sé leo,
“is ón áit thuas mise.
Is den saol seo sibhse,
ní den saol seo mise.
24Uime sin a dúirt mé libh:
‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’
Mura gcreideann sibh gur mise é,
Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”
25Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo:
“Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?
26Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh.
Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé
agus na nithe a chuala mé uaidh
is iad a labhraím sa saol.”
27Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:
28“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine,
ansin beidh a fhios agaibh gur mise é,
agus nach ndéanaim aon ní uaim féin,
ach gur mar a theagasc an tAthair dom
a labhraím na nithe seo.
29An té a chuir uaidh mé,
tá sé in éineacht liom.
Níor fhág sé i m'aonar mé,
óir déanaim i gcónaí
na nithe is taitneamhach leis.”
30Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige. 31Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann:
“Má fhanann sibh ar mo bhriathar,
beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,
32agus beidh fios na fírinne agaibh,
agus saorfaidh an fhírinne sibh.”
33D'fhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” D'fhreagair Íosa iad:
34“Amen, Amen, a deirim libh,
gach duine a dhéanann peaca,
tá sé in a dhaor ag an bpeaca.
35Ní fhanann an daor sa teach de shíor,
ach fanann an mac de shíor.
36Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin
beidh sibh saor dáiríre.
37Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh,
ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú,
mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.
38Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m'Athair.
Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibh
ó bhur n‑athair.”
39D'fhreagaír siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n‑athair.” Dúirt Íosa leo:
“Más clann d'Abrahám sibh,
déanaigí mar a rinne Abrahám.
40Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú,
duine a labhair an fhírinne libh,
faoi mar a chuala í ó m'Athair.
Ní dhearna Abrahám é sin.
41Déanann sibhse obair bhur n‑athar féin.”
Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.” 42Dúirt Íosa leo:
“Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa.
Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé;
mar ní uaim féin a tháinig mé,
ach chuir seisean uaidh mé.
43Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint?
De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.
44Is ón diabhal, mar athair, sibhse
agus is iad mianta bhur n‑athar
a theastaíonn uaibh a dhéanamh.
Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús,
agus níor sheas sé san fhírinne,
mar níl aon fhírinne ann.
Nuair a labhraíonn sé an bhréag
labhraíonn sé as a stór féin,
mar is bréagaire é
agus is é athair an bhréagaire é.
45Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne,
ní chreideann sibhse mé.
46Cén duine agaibh
a dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir?
Má labhraím an fhírinne,
cén fáth nach gcreideann sibh mé?
47An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé.
Is é fáth nach n‑éisteann sibhse,
de bhrí nach ó Dhia sibh.”
48D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:
49“Níl aon deamhan ionam,
ach tugaim onóir do m'Athair
agus tugann sibhse easonóir dom.
50Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim;
tá Neach a lorgaíonn m'onóir agus a thugann breith.
51Amen, Amen, a deírim libh,
má choinníonn aon duine mo bhriatharsa
ní fheicfidh sé bás choíche.”
52Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’ 53An ea gur mó thusa ná ár n‑athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé tá tú a dhéanamh díot féin?”
54D'fhreagair Íosa:
“Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin,
ba neamhní mo ghlóir.
Is é m'Athair a dhéanann mé a ghloiriú,
an té a ndeir sibhse mar gheall air:
‘Is é ár nDia é.’
55Ach níl aithne agaibh air.
Tá aithne agamsa air, áfach.
Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’
bheinn cosúil libhse, bréagach.
Ach tá aithne agam air,
agus coinním a bhriathar.
56Rinne Abrahám bhur n‑athair lúcháir
go bhfeicfeadh sé mo lá-sa.
Chonaic, agus bhí áthas air.”
57Ansin dúirt na Giúdaigh leis: “Níl tú caoga bliain d'aois fós agus an bhfaca tú Abrahám?” 58Dúirt Íosa leo:
“Amen, Amen, a deirim libh,
sula raibh Abrahám ann,
táimse ann.”
59Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.

Currently Selected:

Eoin 8: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in